Athruithe déanta ag Schmidt i gcomhair na bhFrancach

Fillfidh Garry Ringrose agus CJ Stander ar fhoireann na hÉireann den chéad uair ón gcluiche i gcoinne Shasana i mBabhta 1

Athruithe déanta ag Schmidt i gcomhair na bhFrancach

Tá seacht n-athrú déanta ag Joe Schmidt do chluiche na hÉireann in aghaidh na Fraince Dé Domhnaigh ar an bhfoireann a bhuaigh ar an Iodáil coicís ó shin.

Thug Schmidt deis do roinnt imreoirí sa gcluiche sin a bhuaigh siad sa Róimh ach tá an chuid is mó de na fir mór le rá roghnaithe arís aige do chluiche an deireadh seachtaine seo.

Ní raibh imreoirí na hÉireann i mbarr a maitheasa go dtí seo sa chraobh agus beidh an-dúshlán rompu i Staid Aviva Dé Domhnaigh. Beidh beagán níos mó muiníne ag foireann na Fraince agus iad ag teacht go Baile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo tar éis dóibh a gcéad chluiche a bhuachan in aghaidh na hAlban coicís ó shin.

Cian Healy agus captaen na foirne, Rory Best a bheidh sa líne thosaigh in áit Dave Kilcoyne agus Seán Cronin, beirt nach bhfuil roghnaithe i measc na n-ionadaithe féin.

Tiocfaidh James Ryan agus Iain Henderson isteach sa dara líne agus a chéad chluiche i gcomórtas na bliana seo á imirt ag Henderson.

Fillfidh beirt eile, Garry Ringrose agus CJ Stander, ar an bhfoireann agus iad tagtha ó ghortuithe a bhain dóibh sa gcluiche a chaill siad in aghaidh Shasana i mBabhta 1.

Tá imreoir Chúige Laighean, Josh van der Flier, roghnaithe arís sa líne chúil agus é ag teacht isteach in áit Sheán O’Brien.

Foireann na hÉireann

Rob Kearney, Keith Earls, Garry Ringrose, Bundee Aki, Jacob Stockdale, Johnny Sexton, Conor Murray, Cian Healy, Rory Best (capt), Tadhg Furlong, Iain Henderson, James Ryan, Peter O’Mahony, Josh van der Flier, CJ Stander.

Fág freagra ar 'Athruithe déanta ag Schmidt i gcomhair na bhFrancach'