Athruithe ar chóras na polaitíochta? Níor mhiste dá séidfeadh an ghaoth aneas…

Is iomaí duine den scoth ar bhoird ach is iomaí duine eile a ceapadh toisc go dtacaíonn sé le páirtí áirithe nó mar go raibh aithne ag lucht a cheaptha air – fir is mó a cheaptar

Sam Boal/RollingNews.ie
An Teachta Dála Mick Wallace ar spreag a cheisteanna go leor conspóide Sam Boal/RollingNews.ie

Ba cheart na rialacha a bhaineann le ceapacháin ar bhoird phoiblí nó quangónna a neartú, a dúradh ag coiste airgeadais Stormont an tseachtain seo. Bhí siad lán dáiríre agus údar acu. Ní foláir, áfach nó gur tharraing siad gáire searbh as iarchoimisinéirí ar tugadh an chluas bhodhar dóibh nuair a mhol siad an beart céanna.

Is iomaí duine den scoth ar bhoird ach is iomaí duine eile a ceapadh ar bhonn tacaíochta do pháirtí  nó mar go raibh aithne ag lucht a cheaptha air – fir is mó a cheaptar.

Rinne an coiste an moladh i dtuairisc ar a bhfiosrú faoi na líomhaintí i dtaca leis an mhaoin ollmhór a cheannaigh Cerberus, an comhlacht Meiriceánach, ó NAMA. B’fhiú breis agus £4 bhilliún, suas le €6 bhilliún, na hiasachtaí ar réadmhaoin i dTuaisceart Éireann a bhí i seilbh Nama. Dhíol Nama an t-iomlán, thart ar 850 foirgneamh ar £1.2 billiún, agus ba ghearr gur bhris conspóid amach.

Bhunaigh an coiste a bhfiosrú de bharr ráitis an Teachta Dála Mick Wallace go raibh síneadh láimhe le fáil faoi rún ag polaiteoir agus/nó daoine anaithnide eile a thacaigh leis an margadh. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh £7 milliún curtha i gcuntas in Oileán Mhanann chun daoine a íoc ar chúla téarmaí. Tá na líomhaintí á bhfiosrú freisin ag áisíneacht frithchoiriúlachta na Ríochta Aontaithe agus ag na húdaráis i Meiriceá.

Cheistigh an coiste iarcheannaire an DUP, Peter Robinson, a bhí ina Chéad Aire ag an am. Shéan seisean go ndearna sé aon ní as bealach agus ní raibh blas fianaise ag éinne ina choinne, d’ainneoin an sioscadh cainte. Tá daoine ar liosta na bhfinnéithe nár ceistíodh; cá bhfios an ndéanfar choíche é. Bhí an coiste  míshásta mar nár tháinig NAMA os a chomhair.

Bhí beirt neamhpholaiteoirí nár thug fianaise don choiste cé go raibh siad ag croí an scéil, dlíodóir agus fear gnó. Ba é Ian Coulter an dlíodóir ar cuireadh ina leith gurb é a chuir an t-airgead rúnda sa bhanc in Oileán Mhanann – fuair an comhlacht dlí  a iar-fhostóir na £7 milliún ar ais agus níor íocadh aon ‘éascaitheoir’. Ba é Frank Cushnahan an fear gnó, cara mór le Peter Robinson agus leis an DUP agus iarbhall de Choiste Comhairleach Thuaisceart Éireann ar NAMA.

D’fhógair NAMA gur caitheadh margadh le comhlacht Meiriceánach eile, Pimco, i dtraipisí nuair a tháinig sé chun solais go raibh táille £5 mhilliún le fáil ag Cushnahan mar éascaitheoir. Bhí Cushnahan éirithe as Nama faoin am sin. Is ina dhiaidh sin a rinneadh an margadh le Cerberus.

Tá lear mór ceisteanna nár freagraíodh fós sa chás seo. D’eisigh coiste airgeadais Stormont a dtuairisc ‘ar dhul chun cinn’ mar gur gearr uainn deireadh an téarma Tionóil. Go hoifigiúil sé an 29ú lá den mhí seo an dáta lánscoir ach beidh teachtaí ar shaoire na Cásca idir seo agus sin. Tuairisc eatramhach í seo, mar sin, nó b’fhéidir gurb é deireadh an chúrsa é.

Mheas an coiste nach raibh an saineolas riachtanach ag airí ná feidhmeannaigh don ghnó agus bhí súil acu go leanfadh an chéad choiste eile leis an obair tar éis an toghcháin ar an 5 Bealtaine. Seans gur faoin bhfiosrú coiriúil a bheidh sé freagraí a aimsiú nó gur faoi fhiosrú neamhspleách a bheidh sé mar atá á éileamh ag Mick Wallace agus ag Fianna Fáil.

Siad na gnóthaí atá faoi smacht an Tionóil, nó an Fheidhmeannais ba chirte a rá, ná na cleachtais maidir le ceapacháin ar bhoird.

Ba é an DUP a chuir Frank Cushnahan ar choiste comhairleach Nama agus chinn an coiste airgeadais gur ghá córas docht daingean a bhunú chun leas airgeadais nó eile gach ainmní a aithint sula ndéanfaí ceapachán.

Tá an chomhairle sin ag teacht leis na moltaí a rinne Coimisinéir na gCeapachán Poiblí, John Keanie a d’éirigh as oifig luath le teann frustrachais mar nár tugadh aird ar bith air.

Ceithre bliana a bhí sé sa phost. Bhí rabhadh tugtha ag a réamtheachtaí. Dúirt sise: “Ceapann [na húdaráis] daoine cosúil leo féin, daoine a bhfuil aithne acu orthu, daoine a bhfuil an cur chuige céanna acu, daoine a bhfuil an taithí saoil chéanna acu.”

Sé bliana ó shin a bhí sí ag caint. Cén seans go dtabharfar níos mó airde ar choiste ná ar choimisinéirí? Tá an t-aer i mBaile Átha Cliath beo le caint ar athruithe ar chórais – níor mhiste dá séidfeadh an ghaoth aneas blas den fhaisean sin sa treo seo.

Fág freagra ar 'Athruithe ar chóras na polaitíochta? Níor mhiste dá séidfeadh an ghaoth aneas…'