Athrú cúrsa don asal agus athrú poirt sa mBruiséil

Ón gcéad lá den bhliain seo chugainn ní bheidh cead ach 50% de bheostoc feilme a bheith ina n-asail

Athrú cúrsa don asal agus athrú poirt sa mBruiséil

Harriet, an t-asal as an gCeathrú Rua a raibh cáil uirthi a bheith ina fonnadóir ceoldráma, d’fhéadfadh sé go mbeadh uirthi port a athrú.  Chuaigh grágaíl cheolmhar an asailín sin ar fud an domhain ar na meáin shóisialta.  Ach tá grágaíl eile tagtha ón mBruiséil agus as Baile Átha Cliath anois. Tá an maorlathas tar éis labhairt agus tá grágaíl na n-asal le maolú.

Cé go mbeidh Harriet ag fonnadóireacht léi, ní chuirfidh feilméaraí fonn leis an bport atá tagtha as cathracha móra na hEorpa agus na hÉireann.  Ón gcéad lá den bhliain seo chugainn ní bheidh cead ach 50% de bheostoc feilme a bheith ina n-asail. Le roinnt blianta anuas d’fhéadfadh feilméara na deontais talmhaíochta a bhí ag dul dó a fháil agus gan de stoc ar an bhfeilm aige ach asail.

Is furasta asail a bheathú agus a thógáil ná beithígh agus caoirigh. Ba mhaith le cuid mhaith feilméaraí go bhfágfaí stádas an asail mar atá.  Ach ní bheidh aon rogha ann ach damhsa de réir phort na Bruiséile ó 2020 agus beostoc eile a cheannach i gcásanna áirithe, más mian le duine na deontais a tharraingt.

Comhairtear an t-asal mar aonad amháin talmhaíochta, ar comhchéim le bó, i gComhpholasaí Talmhaíochta na hEorpa (CAP), ach tá ordú tugtha anois nach mbeidh ainmhí séimh na gcluas mór chomh luachmhar sa gcóras ón gcéad lá d’Eanáir seo chugainn.

Faoi rialacha chuid de na deontais, bíonn oiread áirithe beostoic leagtha síos d’fheilméaraí bunaithe ar an ngabháltas agus an cineál talún atá ann. Tá drochthalamh agus talamh sléibhe aicmithe mar  ‘cheantair faoi mhíbhuntáiste tíreolaíochta’. Tá an cineál sin talún fairsing i gcuid mhór ceantar Gaeltachta.

Ní port é an t-ísliú céime seo don asal  a thaitneoidh le roinnt mhaith feilméaraí a raibh riar asal acu ina dtréad beostoic le cúig nó sé de bhlianta, go háirtihe i gceantair shléibhe.

Le beagán blianta a tugadh aird ar bith ar an asal sa gComhpholasaí Talmhaíochta. Bhíodh asail ag imeacht in aghaidh a gcinn rompu agus gan duine ar bith ag breathnú ina ndiaidh.  Bhíodh a ndóthain le déanamh ag Tearmann na nAsal i gCorcaigh agus freastal ar na glaonna uilig a bhíodh orthu.

Ach ag tús théarma cúig bliana an Chompholasaí Talmhaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, glacadh leis gur cheart go mbeadh stádas mar aonad amháin talmhaíochta ag an asal. 

D’fhág sin go raibh an t-asal chomh luachmhar céanna le bó nó tarbh sa gcóras deontais agus tacaíochta as an mBruiséil agus as Baile Átha Cliath.

De bharr an athraithe sin, mhéadaigh luach na n-asal agus bhí an-éileamh orthu in áiteacha.  Bhí Tearmann na nAsal féin ag ligean asail amach chuig feilméaraí ar an gcúis go rabhadar ag teastáil le cuóta deontais a líonadh.  Ar ndóigh, tá coinníollacha láidre ag an Tearmann i dtaobh cóir cheart a chur ar asail agus aire mhaith a thabhairt dóibh.

Ar an taobh eile den scéal, bhí caint i measc lucht riartha na talmhaíochta nach raibh aon áit i bhfeilméaracht an lae inniu ag an asal.  Mhéadaigh líon na n-asal a bhí cláraithe sa gcóras oifigiúil go mór freisin. 

Anois, tá an bhearna á dúnadh.

Tá ceisteanna ann faoi seo, leas na n-asal ina measc.  D’fhéadfadh an chontúirt a bheith ann nach dtabharfaí an aire cheart do na hasail bhreise a bheadh thart agus gan aon phingin deontas le fáil astu de bharr an athraithe.  Coinneoidh lucht Thearmann na nAsal súil ar a gcás.

Beidh daoine eile ann a déarfaidh go bhfuil an t-asal chomh bainteach sin le cúlra, nádúr agus saol na tuaithe gur bocht an mhaise don Aontas Eorpach agus don Roinn Talmhaíochta a bheith ag leagan air.

Ach ní hionann an tuiscint atá ag feidhmeannaigh sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath agus atá ag lucht an phortaigh ar an gcosán atá curtha de ag an asal faoin tuath sa tír seo.

Fág freagra ar 'Athrú cúrsa don asal agus athrú poirt sa mBruiséil'