Athraitheach agus gaofar go maith atá an deireadh seachtaine geallta

Tamaill ghréine ach flúirse ceathanna atá á thuar don deireadh seachtaine

Athraitheach agus gaofar go maith atá an deireadh seachtaine geallta

Athraitheach agus gaofar go maith a bheidh an aimsir an deireadh seachtaine seo, an bháisteach chugainn arís agus cuid de na ceathanna trom.

Beidh an teocht mar is dual dó an tráth seo bliana nó beagán os a chionn agus tá corrthréimhse triomaigh á ngealladh dúinn le dtús na seachtaine seo chugainn.

Beidh sé gaofar inniu agus corrthamall gréine againn idir na ceathanna báistí, corrcheann acu trom.

Séidfidh gaoth láidir aniar aneas ar chósta an Atlantaigh, beidh sí níos séimhe sa gcuid eile den tír ach go mbeidh siotaí tréana léi scaití.

Éireoidh sé scamallach san iarthar agus tiocfaidh sé ina bháisteach ansin le teacht na hoíche Aoine. Idir 17 agus 22 céim Celsius a bheidh an teocht agus san oirthear is cineálta a bheidh sé.
Beidh sé scamallach go maith anocht agus scaipfidh an mhúraíl léi soir ón gcósta thiar de réir a chéile.

Le caitheamh na maidine ar an Satharn glanfaidh an bháisteach léi soir. Scalfaidh grian ar feadh tréimhsí ach tiocfaidh ceathanna troma toirní ina ndiaidh, go háirithe san iarthar agus sa tuaisceart. Ba chóir do dhaoine a bheith cúramach ar bhóithre mar d’fhéadfadh fuarlaigh a bheith ar bhóithre in áiteanna.

idir 17 agus 21 céim Celsius an teocht is airde atá á tuar agus gaoth mheasartha aniar aneas ag séideadh ach í láidir go maith scaití.

Tuilleadh ceathanna nó tréimhsí níos faide báistí atá romhainn oíche Dé Sathairn agus baol fuarlaigh in áiteanna.

Tamaill ghréine agus flúirse ceathanna atá á dtuar don Domhnach. Tá an chosúlacht air nach mbeidh aon aiteall scaití idir na ceathanna sin san iarthar agus sa tuaisceart agus gur báisteach ar aghaidh a bheidh ansin cuid den lá. An teocht ag fanacht idir 17 agus 21 agus aniar aneas a bheidh an ghaoth mheasartha.

Ní cosúil aon athrú a bheith ar an aimsir ar an Luan – paistí gréine, múraíl agus cuid de na múir sin trom atá geallta. Gaoth mheasartha aniar a bheidh chugainn agus an teocht fós idir 17 agus 20 céim.

Is beag misneach atá sa réamhaisnéis don té a shantaíonn triomach mar tuilleadh de na ceathanna sin atá á dtuar amach sa tseachtain seo chugainn agus gan ach corrscaitheamh gréine eatarthu.

Fág freagra ar 'Athraitheach agus gaofar go maith atá an deireadh seachtaine geallta'