Athoscailt na Dála tar éis saoire a mhair 27 lá

Is ar 18 Nollaig, ceithre seachtaine ó shin, a cuireadh an Dáil ar atráth i gcomhair na Nollag. Mar sin, beidh ár dTeachtaí Dála fuinniúil, folláin... agus fiúntach? Sin scéal eile.

22/12/2014 Pictured are Minister for Health Leo Va
Leo Varadkar. Pictiúr: Photocall Ireland

Níl tuairim ag duine eolach ar bith fós cé a bheas i mbun rialtais i gceann 16 mí, ná cén dream is fearr a n-éireoidh leo idir seo agus sin.

Ach tá rud amháin cinnte. Beidh brú chomh mór ar Theachtaí Dála, ar airí agus ar pháirtithe nach stuaim ach imní, imeartas agus iomaíocht a bheas á spreagadh chun gnímh.

Mar shampla, breathnaigh ar scéal amháin a tharraing aird le coicís ar Fhine Gael go háirithe, tharla gur Aire ón bpairtí a bhí freagrach agus faoi bhrú.

Rinne Enda Kenny cur síos ar an léargas breá atá romhainn i 2015, dar leis féin, in alt a scríobh sé don Irish Independent ar 2 Eanáir. Trí lá ina dhiaidh sin, d’fhógair Simon Coveney go mbeadh cead isteach ar mhargadh na Stát Aontaithe ag mairteoil na hÉireann.

Bhí cosc i bheidhm le 16 bliain mar gheall ar BSE. Is ina dhiaidh sin a bhuail long an rialtais carraig gan choinne.

Chuaigh liostaí feithimh na n-aonad práinne chun síneadh sna hospidéil fad is a bhí Leo Varadkar ar saoire i Miami.

D’fhill sé tar éis ceithre lá. Tá saoire tuillte ag gach aire ach uaireanta, nuair atá géarcheim ag dul in olcas, is fearr filleadh gan mhoill nó fiú fanacht sa bhaile.

Ní cabhair a thairg James Reilly do Leo bocht ach a mhalairt. Nuair a fiafraíodh de cad ina thaobh nár chomhlíon sé an ghealluint a thug sé i 2011 (nach mbeadh 569 othar nó níos mó ar thralaithe go deo arís), dúirt sé go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas – nár ceapadh Leo mar Aire Sláinte ina ionad? Miaow!

Ní tearc ábhair dóchais an rialtais, agus níl an freasúra slán ó imní agus aghaidh á thabhairt acu ar bhliain gan olltoghchán (mar atá geallta ag  Enda Kenny), ach ina vótálfar i bhfothoghchán agus dhá reifreann ar a laghad.

Léirigh na heachtraí thuas nach fada ó gach léas dóchais na scamaill.


Mear nó Mall?

Abair nach bhfuil carr agat agus go bhfuil fonn ort dul ó Ghaillimh go Luimneach trathnóna Dé hAoine. Do rogha:

1. Turas traenach a mhairfidh trí huaire a’ chloig agus naoi nóiméad (18:40-21:49) , ar a n-íocfaidh tú €5.99 (margadh speisialta ar líne le déanaí) nó

File photo: Dublin Bus, Luas and Iarnrod Eireann fares to increase in Janaury.
Pictiúr: Photocall Ireland

2. Turas bus a mhairfidh uair an chloig agus fiche nóiméad (18:00-19:20), ar a n-íocfaidh tú thart ar €14.00.

Más féidir le bus taisteal idir dhá chathair breis agus dhá uair níos gaiste ná traein, an fiú an tseirbhís traenach a bheith ann in aon chor?

Beidh ceisteanna dá leithéid á mbreithniú go luath. Tá cíoradh ar an gcaiteachas ar línte iarnróid éagsúla agus ar líon na bpaisineirí a iompraítear orthu gach bliain fógartha ag an Aire Iompair Paschal Donohoe.

Gheall sé go gcoinneofaí gach líne ar oscailt. Ach ar línte áirithe, mar is léir ón gcomparáid thuas, tá an rogha a dhéanann ár bhformhór soiléir – má tá deifir ort, seachain an traein…

– Cuireann Cathal Mac Coille an clár ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Athoscailt na Dála tar éis saoire a mhair 27 lá'

  • Pádraic

    Is léir nach mbíonn Cathal Mac Coille ag taisteal ar bhus go rómhinic. Thart ar €20 atá ar thicéad bus idir Gaillimh agus Luimneach. Ní shamhlóinn go mbeadh aon ticéad bus in Éirinn chomh daor le €72!

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      Go raibh maith agat, a chara. Is ar an gcóras seachas ar an gcolúnaí a bhí an locht sa chás seo. Tá sé curtha ina cheart anois.