Atheagar rialtais fógartha ag an Taoiseach, deireadh tagtha le ré Jack Chambers mar aire stáit Gaeltachta

Dealraíonn sé go mbeidh aire stáit nua don Ghaeltacht á fhógairt an tseachtain seo chugainn agus caint ann gur ar Hildegarde Naughton, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael i nGaillimh Thiar agus an príomh-aoire nuacheaptha, a leagfar an cúram sin

Atheagar rialtais fógartha ag an Taoiseach, deireadh tagtha le ré Jack Chambers mar aire stáit Gaeltachta

Tá an t-atheagar ar an rialtas fógartha ag an Taoiseach nuacheaptha Leo Varadkar agus deireadh tagtha le tréimhse Jack Chambers mar aire stáit Gaeltachta.

Tá ardú céime faighte ag Chambers agus é roghnaithe ina fhor-aire sóisearach sa Roinn Iompair.

Dealraíonn sé go mbeidh aire stáit nua don Ghaeltacht á fhógairt an tseachtain seo chugainn agus caint ann gur ar Hildegarde Naughton, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael i nGaillimh Thiar agus an príomh-aoire nua-cheaptha, a leagfar an cúram sin.

Fanfaidh Catherine Martin ina post mar aire sinsearach sa Roinn a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi.

Tá Hildegarde Naughton ar dhuine de 35 Teachta Dála a dúirt le Tuairisc go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge, rud atá déanta sách minic aici.

Beidh an An Tánaiste nua Micheál Martin ina aire gnóthaí eachtracha agus ina aire cosanta agus rachaidh Simon Coveney go dtí an Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, mar a raibh Leo Varadkar ina aire nó gur fhill sé ar Oifig an Taoisigh inniu.

Tá Michael McGrath le ceapadh ina aire airgeadais agus é ag malartú post le Paschal Donohoe atá le bheith ina aire caiteachais phoiblí agus feidhmiú an phlean forbartha náisiúnta luaite le cúraimí na Roinne sin anois chomh maith.

Fanfaidh an tAire Sláinte Stephen Donnelly sa phost sin agus fanfaidh Norma Foley mar aire sa Roinn Oideachais agus Scileanna.

Fanfaidh airí an Chomhaontais Ghlais mar atá. Beidh ceannaire an pháirtí Eamonn Ryan ina aire um ghníomhú ar son na haeráide, gréasán cumarsáide agus iompair agus fanfaidh an leascheannaire Catherine Martin, sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Fanfaidh Roderic O’Gorman ina phost mar aire leanaí, míchumais agus comhionannais.

Coimeádfaidh Darragh O’Brien a phost mar aire tithíochta, fágfar Helen McEntee sa roinn dlí agus cirt nuair a fhillfidh sí óna saoire mháithreachais agus beidh Heather Humphreys, ina haire coimirce sóisialaí, gnóthaí tuaithe agus oileán arís.

Coimeádfaidh Charlie McConalogue a phost mar aire talmhaíochta, bia agus mara agus beidh tréimhse eile ag Simon Harris mar aire ardoideachais. Déanfaidh Harris ionadaíocht chomh maith ar Helen McEntee nó go bhfillfidh sí ar an roinn dlí agus cirt.

An t-abhcóide sinsearach Rossa Fanning atá ceaptha ina Ard-Aighne.

Reáchtálfar an chéad chruinniú den chomh-aireacht nua san Áras ach a séala oifige a bheith faighte ag na hairí ón Uachtarán tráthnóna.

Vótáil Dáil Éireann inniu le Leo Varadkar a thoghadh ina Thaoiseach don dara huair agus bhronn Uachtarán na hÉireann séala na hoifige air ina dhiaidh sin.

Tá Varadkar tagtha i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar chuid den socrú stairiúil rialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil.

87 Teachta Dála a vótáil ar son ainmniúchán cheannaire Fhine Gael agus 62 a vótáil ina choinne. Duine amháin a staon sa vóta.

I nGaeilge a chuir Leo Varadkar tús lena chuid cainte nuair a fógraíodh an toradh.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill Dháil Éireann don onóir mhór a thug sibh dom inniu.

“Glacaim go humhal leis an ainmniúchán seo. Ba mhór an onóir dom a bheith mar Thaoiseach agus céad bliain mar Stát á gcomóradh againn.

“Céad bliain ó shin, tháinig aisling na saoirse i gcrích de réir mar a bhaineamar státacht amach. D’aithin an domhan ár neamhspleáchas. Ba cheart go mbeadh sé mar mhisean againn anois iarracht a dhéanamh cabhrú lenár dtír go ceann céad bliain chun na fadhbanna atá roimh mhuintir na hÉirinn a réiteach. Chun dóchas a sholáthar áit a bhfuil éiginnteacht agus éadóchas.”

Agus é tofa sa Dáil, chuaigh Varadkar chuig Áras an Uachtaráin áit ar bhronn Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn séala oifig an Taoisigh air.

Níos túisce inniu chuaigh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chuig Áras an Uachtaráin chun a chur in iúl don Uachtarán go raibh sé ag éirí as mar Thaoiseach.

Dúirt Martin gur “pribhléid saoil” a bhí ann a bheith ina Thaoiseach.

Ag labhairt dó sa Dáil ina dhiaidh sin, dúirt Martin go raibh an saol ag éirí “níos scoilte” ná mar a bhí riamh agus go raibh daoine ag éirí níos boirbe agus fuadar rómhór orthu breithiúnas a thabhairt faoi dhaoine eile.

Níor cheart, a dúirt sé, glacadh leis an gcur chuige sin sa dioscúrsa poiblí, a dúirt sé.

I nGaeilge a chuir Martin in iúl don Dáil go hoifigiúil go raibh sé i gceist ag a pháirtí tacú le hainmniúchán Leo Varadkar mar Thaoiseach de réir an chomhaontaithe le Fine Gael.

Cinneadh agus gníomh “tábhachtach agus daonlathach” a bhí ann a léirigh “tiomantas agus díograis” na bpáirtithe rialtais maidir lena gclár oibre a chur i gcrích, arsa Martin.

Ghabh sé buíochas le Varadkar as a chuid tacaíochta le dhá bhliain go leith anuas dúirt sé go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú leis agus ceannaire Fhine Gael ar ais in oifig an Taoisigh.

D’éirigh formhór mór na dTeachtaí Dála a bhí i láthair ina seasamh chun bualadh bos fada a thabhairt do Martin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nach raibh a páirtí ag tacú le hainmniúchán Leo Varadkar mar go raibh sé “sáite i lár na ngéarchéimeanna” nár éirigh le haon rialtas iad a réiteach le deich mbliana anuas.

Dúirt sí gur tacú le daoine atá go maith as agus ‘daoine atá ar an taobh istigh’ seachas daoine nach bhfuil a bhíonn Leo Varadkar.

“Tá greim an fhir bháite ar an gcumhacht inniu ag Fine Gael agus Fianna Fáil – ar aon pháirtí amháin anois iad, go bunúsach – agus an Comhaontas Glas ag seasamh go bás leo,” a dúirt ceannaire Shinn Féin.

Dúirt sí gur fhág “dóchas na glúine nua” go raibh “a seal beagnach tugtha ag na sean-nósanna”.

38 bliain d’aois, a bhí Leo Varadkar nuair a ceapadh ina Thaoiseach den chéad uair é in 2017. Ba é an Taoiseach is óige riamh agus bhí sé ar an gcéad duine aerach le bheith ina Thaoiseach.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Atheagar rialtais fógartha ag an Taoiseach, deireadh tagtha le ré Jack Chambers mar aire stáit Gaeltachta'

  • Proinsias Ó Cionnaith

    Is é an trua é go bhfuil Jack Chambers aistrithe ag M Martin. Rinne an tAire Chambers an-difríocht sa Roinn Gaeltachta trí Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a achtú, airgead breise a sholáthar do shaol na Gaeilge, taisteal ar fud na tíre ag bualadh le lucht teanga agus Gaeltachta, agus a iarracht mhór phearsanta a chuid Ghaeilge féin a fhorbairt. Arís eile, léiriú nach í an teanga an chloch is mó ar phaidrín an Rialtais.