Áth Cliath meáite ar rudaí a chur ina gceart i gcoinne na Gaillimhe

Chaill seaimpíní na hÉireann i mBabhta 1 na sraithe an deireadh seachtaine seo caite ach níl dhá chluiche as a chéile caillte riamh ag foireann Jim Gavin

Áth Cliath meáite ar rudaí a chur ina gceart i gcoinne na Gaillimhe

Johnny Heaney (Gaillimh) agus Jack McCaffrey (Áth Cliath). Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Drochthoradh a bhí ann do Ghaillimh nuair a d’éirigh le Muineachán an ceann is fearr a fháil ar pheileadóirí Átha Cliath Dé Domhnaigh seo caite. Agus Gaillimh á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh anocht, beidh a dhá oiread díocais ar imreoirí Jim Gavin agus iad ag iarraidh a gcéad bhua a fháil i Roinn 1 na sraithe i mbliana.

Níl dhá chluiche as a chéile caillte ag Áth Cliath riamh faoi cheannas Jim Gavin agus ó tharla iad a bheith ag imirt sa mbaile, is cinnte gur ag seaimpíní na hÉireann a bheidh an buntáiste.

Mar sin féin, nuair a bhreathnaigh Kevin Walsh siar ar an gcluiche sin idir Áth Cliath agus Muineachán, bí cinnte gur thug sé rud nó dhó faoi deara a thabharfadh misneach dó. An rud ba mhó suntais sa gcluiche sin gur bhain Muineachán an-leas as an marc nua. D’aimsigh na hUltaigh trí phointe ó chiceanna saora tar éis dóibh marc a ghabháil agus tháinig an dá chúl a d’aimsigh siad ón modh díreach sin chomh maith.

Chas Gaillimh agus Áth Cliath ar a chéile trí huaire anuraidh, faoi dhó sa tsraith agus uair amháin eile sa gcraobh, agus d’éirigh leis na Gaillimhigh cúilíní a fháil sna cluichí sin nuair a sheol siad an liathróid isteach sciobtha sa líne lántosach. Rinne Damien Comer scrios ar chosantóirí Átha Cliath, go háirithe i gcluiche ceannais na sraithe agus sa gcéad leath de chluiche leathcheannais na hÉireann. Is beag an baol nach mbeidh sé sin ina cheann ag Kevin Walsh.

Ar an drochuair, tá Comer gortaithe faoi láthair ach d’fhéadfadh Pádraic Cunningham, fear eile atá láidir agus scafánta, jab Comer a dhéanamh anocht do Ghaillimh agus d’imir sé go maith in aghaidh an Chabháin an deireadh seachtaine seo caite.

Caithfear a chur san áireamh gurbh é cluiche na seachtaine seo caite an chéad chluiche a d’imir formhór imreoirí Átha Cliath faoi na rialacha nua agus is cinnte go mbeidh cúpla ceacht foghlamtha acu féin agus ag Gavin. Agus a gcéad chluiche sa tsraith caillte acu, beifear ag súil le taispeántas láidir uathu anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Áth Cliath meáite ar rudaí a chur ina gceart i gcoinne na Gaillimhe'