Asterix na nGael chugainn

Den chéad uair, tá aistriúcháin Ghaeilge ar fáil ar chuid de na leabhair phictiúr is cáiliúla riamh, eachtraí Asterix agus Tintin.

mzl.dwlpdsnv

Aistear foghlama 53 bliain a bhí ann, ach tá Gaeilge ar deireadh thiar ag Asterix.

Den chéad uair, tá aistriúcháin Ghaeilge ar fáil ar chuid de na leabhair phictiúr is cáiliúla riamh, eachtraí Asterix agus Tintin.

Ba é an t-údar aitheanta agus colúnaí Tuairisc.ie Antain Mac Lochlainn a d’aistrigh na chéad eachtraí a bhí ag Asterix – Asterix na nGallach agus Asterix agus an Corrán Óir – agus ba é an file Gabriel Rosenstock a chuir in eagar.

“Bhí muid ag iarraidh Gaeilge chraicneach a chur i mbéal Asterix, Obelix agus a gcuid cairde, ach freastal ar léitheoirí ag gach leibhéal cumais.

“Tá na scéalta ar fheabhas, agus tá imeartas focal go láidir iontu,” a dúirt Antain Mac Lochlainn.

Ba é Gabriel Rosenstock a d’aistrigh leabhar Tintin, Todóga na bhFarónna.

San aistriúchán le Rosenstock, tugtar ‘Báinín’ seachas Snowy ar mhadra dílis Tintin agus tugtar ‘Seosamh Mac Grianna agus Séamas Ó Grianna’ ar na bleachtairí Thompson agus Thompson.

“Tá seanaithne againn ar na carachtair i leabhair Tintin, ach i mBéarla a chuireamar aithne orthu. Déantar dearmad de dhúchas Beilgeach Tintin. Fear Fraincise a bhí ann ó thús; fear Gaeilge anois,” a dúirt Gabriel Rosenstock.

Tá leaganacha d’eachtraí Asterix agus Tintin foilsithe ag Dalen, comhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe sa Bhreatain Bheag, i mBreatnais, i gCoirnis, i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla na hAlban.

Dúirt Alun Ceri Jones atá i mbun Dalen go raibh “lúcháir” air go raibh na leabhair seo ar fáil anois i nGaeilge.

“Bhí súil in airde agam le fada go mbeadh Asterix agus Tintin le fáil i nGaeilge. Tá lúcháir orm gur éirigh le Dalen tús a chur leis an tsraith.  Is laochra mór le rá iad agus is iontach an Ghaeilge a bheith curtha le liosta na dteangacha Ceilteacha againn.”

Ón uair a foilsíodh an chéad leabhar Asterix sa bhliain 1961, díoladh os cionn 250 milliún cóip sa tsraith agus aistríodh iad go breis agus 107 teanga.

Sa bhliain 1929 a foilsíodh an chéad leabhar faoi eachtraí Tintin agus tá os cionn 200 milliún cóip de leabhair na sraithe iomráití díolta.

Aistríodh leabhair Tintin go breis agus 50 teanga.