Ashling Murphy le cur i gcré na cille in Uíbh Fhailí inniu

Maidin inniu i gCnocán Bhólais a bheidh Aifreann sochraide an mhúinteora bunscoile agus an cheoltóra 23 bliain d’aois ar bhain uafás a dúnmharaithe croitheadh as an tír

Ashling Murphy le cur i gcré na cille in Uíbh Fhailí inniu

Cuirfear i gcré na cille inniu Ashling Murphy, an bhean óg a ionsaíodh agus a maraíodh agus í amuigh ag rith taobh na Canála Móire sa Tulach Mhór in Uíbh Fháilí an tseachtain seo caite.

Ag 11am ar maidin, ina séipéal áitiúil, séipéal Naomh Brigid i gCnocán Bhólais, a bheidh Aifreann sochraide an mhúinteora bunscoile agus an cheoltóra a bhí 23 bliain d’aois ar bhain uafás a dúnmharaithe croitheadh as an tír.

Beidh nóiméad ciúnais in ómós d’Ashling Murphy i scoileanna ar fud na tíre ag 11am chomh maith.

An sagart paróiste, an tAthair Michael Meade, a bheidh ina phríomhcheiliúraí ar an Aifreann ag a mbeidh gaolta agus dlúthchairde Ashling i láthair. Craolfar an tsochraid ar líne.

Dúnmharaíodh Ashling Murphy ag timpeall 4pm Dé Céadaoin seo caite agus í amuigh ag rith.

Bhí daoine ag baile agus i gcéin faoi scamall bróin ag a bás agus eagraíodh na céadta bigil di anseo agus thar lear.

Éilíodh ar an Rialtas i ndiaidh an dúnmharaithe go gceapfaí plean comhtháite idir-rannach chun dul i ngleic leis an bhforéigean baile agus an foréigean gnéis agus inscne.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go bhfuil sé i gceist aici straitéis náisiúnta nua a fhoilsiú i dtaobh an fhoréigin baile agus inscne. Gheall sí go bhfoilseofaí an straitéis nua sin i dtús an Mhárta.

Chuir an dúnmharú alltacht agus fearg ar dhaoine in Éirinn agus thar lear agus eagraíodh bigilí ag an deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Béal Feirste, Port Láirge, Luimneach, Sligeach, Nua-Eabhrac agus Londain.

Tá na Gardaí a bhfuil an dúnmharú á fhiosrú acu fós ag fanacht le labhairt le fear a chuaigh faoi dhéin cóir leighis in ospidéal i mBaile Átha Cliath agus gortuithe tromchúiseacha ag cur as dó nach raibh aon mhíniú ceart aige orthu ach a chreidtear a rinne sé féin.

Bhí cónaí ar an bhfear i lár tíre le roinnt blianta anuas ach thug sé tamall ina chónaí thar lear chomh maith agus tá an scéal á phlé ag an nGarda Síochána le póilíní i dtíortha eile.

Táthar fós ag iarraidh a dhéanamh amach cad ba bhunchúis leis an ionsaí marfach, ionsaí a deirtear a rinne duine amháin go randamach.

Fág freagra ar 'Ashling Murphy le cur i gcré na cille in Uíbh Fhailí inniu'