Arís go brách, ní bheadh aon argóint eile agam le gasúr faoi chóta a chaitheamh…

Bhí beagnach bliain ann ó mhionnaigh ár gcolúnaí nach mbeadh aon achrann faoi chótaí sa teach go deo arís

Arís go brách, ní bheadh aon argóint eile agam le gasúr faoi chóta a chaitheamh…

‘Caithfidh tú do chóta a chur ort, tá sé ina bháisteach, beidh tú maraithe ag slaghdán!’ a bhéic mé. Níor chabhraigh sé le mo chás go raibh an bháisteach stoptha den chéad uair le trí lá, agus ní hamháin go raibh an bháisteach stoptha, ach go raibh an chuma ar an scéal go raibh an ghrian ag scaladh amach idir na clabhtaí.

Ach níl sé ag báisteach!’ a bhéic an Cailín Mór Beag orm agus olc ag teacht uirthi, ‘tá mé te bruite!’

‘Ó!’ a deir mé, ‘is dóigh nach bhfuil aon duine sa teach seo ag iarraidh dul go dtí paráid Lá’l Pádraig mar sin!’

Bhí muid sa tsáinn ag cótaí. Arís.

Sa tsáinn arís, cé go bhfuil sé beagnach bliain anois ó mhionnaigh mé nach mbeadh aon achrann faoi chótaí sa teach go deo arís.

Is cuimhin liom go maith é, maidin Dé Máirt, an 3 Aibreán, 2018, is muid ar an mbealach amach an doras ar maidin. Bhí sé ina ghleadhradh báistí, is bhí muid deireanach.

Tá sé faighte amach agam nach í an mhóreachtra féin go minic is cúis leis an achrann, ach na heachtraí beaga achrannacha ar fad a thagann roimpi.

‘Tá an cóta seo ag cur tochas orm,’ a dúirt an Cailín Mór Beag, ‘tá mé ag iarraidh mo chóta eile.’

Thuigfeadh an duine réasúnta nach mbeadh éinne ag iarraidh an lá a chaitheamh i gcóta a bhí ag cur tochas orthu, ach bhí slán fágtha agam leis an réasún.

Luath nó mall, buailtear buille maraithe na muice. Imíonn an spreacadh uilig asat, is tú i do shuí ag bun an staighre agus fonn ort ticéad a chur in áirithe go dtí na Bahámaí agus ‘bíodh an diabhal aige!’.

Ón lá sin amach, mhionnaigh mé nach mbacfainn le haon argóintí faoi chótaí. Bíodh sé ina ghleadhradh, ina rabhadh dearg ag Met Éireann nó ina chuaifeach gaoithe. Ba chuma. Ní chuirfinn aon iachall ar aon duine cóta a chaitheamh ag fágáil an tí. Níorbh fhiú an t-achrann é.

Níl mé ag rá nach ndéarfainn leo cótaí a chaitheamh. Nó nach gcuirfinn i gcuimhne dóibh go raibh tornádó ag déanamh ar an teach agus go mb’fhéidir nárbh aon dochar dóibh cóta a chur orthu. Ach arís go brách, ní bheadh aon argóint eile agam faoi chótaí.

Bhí mé ag déanamh go maith freisin, go dtí Lá’l Pádraig.

Níor chabhraigh sé go raibh ráfla ag dul thart le trí lá go gcuirfí an pharáid ar ceal de bharr drochaimsire. 

Níor chabhraigh sé, ach an oiread, go raibh mé a cheapadh go raibh scéal cloiste agam in áit éicint, ó dhuine éicint, gurbh í paráid Lá’l Pádraig a mharaigh a Dhaideo.


Bhuel, ní hí an pharáid a mharaigh é ó cheart ach an slaghdán a fuair sé lá na paráide, más buan mo chuimhne.

Bhí an ghrian amuigh an mhaidin chinniúnach úd agus iad ag fágáil an tí, agus dhiúltaigh Daideo a chóta a chaitheamh, is cosúil.

Fág freagra ar 'Arís go brách, ní bheadh aon argóint eile agam le gasúr faoi chóta a chaitheamh…'