Ardú nach mór 30% ar mhaoiniú do Scéim na gCúntóirí Teanga sa Ghaeltacht

Beidh 32 scoil – 16 bunscoil agus 16 iarbhunscoil - nach bhfuair maoiniú faoi Scéim na gCúntóirí Teanga anuraidh páirteach sa scéim i mbliana

Ardú nach mór 30% ar mhaoiniú do Scéim na gCúntóirí Teanga sa Ghaeltacht

Tá maoiniú €1.02 milliún fógartha inniu do Mhuintearas Teo. agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun Scéim na gCúntóirí Teanga a rith don scoilbhliain 2018/2019.

Ardú €230,000 é seo ar an maoiniú a cuireadh ar fáil don scéim anuraidh. Faoi Scéim na gCúntóirí Teanga, cuirtear daoine ar fáil do scoileanna Gaeltachta chun tacú leis na daltaí Gaeilge a shealbhú nó a shaibhriú.

Fágann an maoiniú breise seo go mbeidh 32 scoil – 16 bunscoil agus 16 iarbhunscoil – nach bhfuair maoiniú faoin scéim go dtí seo á fháil i mbliana. 136 scoil ar fad a bheidh páirteach sa scéim in 2018/2019.

94 cúntóir teanga a bhí fostaithe faoin scéim le linn na scoilbhliana 2017/2018. 28 cúntóir a bhí fostaithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus 66 ag Muintearas.

Tá athbhreithniú, a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta, á dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga faoi láthair ag Lárionad Taighde agus Foghlama Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go gcuideodh an t-allúntas lena chinntiú “go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil go dtí an chéad ghlúin eile sa Ghaeltacht”.

Dúirt an tAire Stáit gurb ionann fógra an lae inniu agus a Roinn “ag déanamh beart de réir ár mbriathair” chomh fad is a bhaineann sé leis an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022. Dúirt sé go gcabhródh an maoiniú breise chomh maith “ar bhealach praiticiúil le feidhmiú an phróisis pleanála teanga”.

 

Fág freagra ar 'Ardú nach mór 30% ar mhaoiniú do Scéim na gCúntóirí Teanga sa Ghaeltacht'