Ardú 27% ar líon na ndíolúintí ón Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí sa séú bliain

Deir an Roinn Oideachais nach féidir a rá go fóill cé mhéad dalta a fuair díolúine faoin seanchóras agus cé mhéad a fuair ceann faoi chóras conspóideach nua a tugadh isteach Meán Fómhair seo caite

Ardú 27% ar líon na ndíolúintí ón Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí sa séú bliain

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tháinig ardú 27% ar líon na ndíolúintí ón Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí sa séú bliain ón uair a tugadh isteach córas nua díolúintí anuraidh.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua a fuarthas ón Roinn Oideachais, ardú 47% a tháinig ar líon na ndaltaí ar bronnadh díolúine orthu sa séú bliain de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu.

In 2019-2020, fuair 734 dalta Ardteiste díolúine ón nGaeilge den chéad uair sa bhliain dheireanach dá gcuid scolaíochta, i gcomparáid le 577 dalta in 2018-2019. Deir an Roinn Oideachais nach féidir a rá go fóill cé mhéad de na daltaí a fuair díolúine faoin seanchóras agus cé mhéad acu a fuair ceann faoin gcóras nua.

Mar sin féin, ní raibh an Roinn ábalta aon mhíniú eile a thabhairt do Tuairisc.ie ar an ardú 27% agus is cinnte go gcuirfidh an scéal leis an imní atá ar shaineolaithe áirithe gurb amhlaidh go gcuirfidh an córas nua le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadaítear do dhaltaí.

Tháinig córas nua díolúintí nua isteach ag tús na scoilbhliana i Meán Fómhair na bliana seo caite, ach deir an Roinn Oideachais nach mbeidh eolas cruinn acu faoi thionchar an chórais nua go dtí luath sa bhliain seo chugainn nuair a bheidh an t-eolas go léir i dtaobh na ndíolúintí bailithe ó na scoileanna.

D’admhaigh an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart” agus mhaígh siad go gcinnteodh an córas nua gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfidh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófar.

Maidir leis an 734 dalta sa séú bliain ar ceadaíodh díolúine dóibh in 2019-2020, rinne 62% acu staidéar ar nuatheanga Eorpach eile.

Deacrachtaí foghlama ba chúis le 359 de na díolúintí a ceadaíodh.

Deacracht foghlama ba chúis leis an ndíolúine a bronnadh ar 244 dalta in 2019-2019.

Den 359 dalta ar bronnadh díolúine orthu mar gheall ar dheacracht foghlama in 2019-2020, rinne 205 acu, nó 57%, staidéar ar theanga eile.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie nach bhféadfaí a rá go fóill cé mhéad díolúine a bronnadh faoin gcóras nua i gcomparáid leis an seanchóras.

“Tá mescán sna taifid a cuireadh ar fáil de dhíolúintí a ceadaíodh faoin seanchóras agus faoin gcóras nua. Ní féidir a rá cé mhéad den 734 díolúinte a ceadaíodh faoi cén córas.”

Dúirt an t-urlabhraí nach raibh “aon fhianaise ann a thabharfadh míniú ar an ardú ar líon na ndíolúintí a tuairiscíodh”, ach dúirt sé go raibh ardú tagtha ar líon na ndaoine a rinne an Ardteist. 58,787 dalta a rinne an Ardteist in 2019 i gcomparáid le 60,419 in 2020, ardú 2.8%.

“Fanfaidh an Roinn ar na figiúirí ó thuairisceáin mhí Dheireadh Fómhair, figiúirí a bheidh rangnaithe faoi na critéir nua, agus fanfaimid go mbeidh athbhreithniú déanta againn seachas tátail bharúlacha a bhaint as na figiúirí.”

Léirigh anailís a foilsíodh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo go raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 6,911 den 60,419 dalta a rinne Ardteist na bliana seo, ardú 7% ar líon na ndaoine a raibh díolúine anuraidh acu.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie níos luaithe an mhí seo nach bhfuair 18% de na daltaí a fuair gráid mheasta don Ardteist i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge.

10,704 dalta de 60,419 dalta ar fad nár chláraigh do scrúdú Gaeilge i mbliana. De réir na bhfigiúirí nua, bhí díolúine ag 65% de na daoine nár chláraigh do scrúdú Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ardú 27% ar líon na ndíolúintí ón Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí sa séú bliain'

  • Darren P.

    Comhréiteach na faidhbe: dhá ábhar. (1) An Ghaeilge Chumarsáideach – riachtanach do chách go dtí bliain a cúig b’fhéidir (i.e. ní sa bhliain dheireanach). Cuspóir – cumarsáid éifeachtach a chothú sa Ghaeilge, idir labhartha (béim) agus scríofa (iontaofa). Measúnú ach gan pointí a bheith ag baint leis. (2) An Ghaeilge – Teanga agus Litríocht. Roghnach. Daofa siúd ar spéis leo céim a dhéanamh sa Ghaeilge, nó ar spéis leo an ábhar. Ní bheadh gá le díolúintí nó a dhath den tsórt sin, bheadh deis ag cách plé leis an Ghaeilge, ní chaillfí postanna, bheadh dearcadh níos dearfaí ann i leith na Gaeilge, bheadh taithí ní b’fhearr acu siúd a bhfuil dúil acu sa teanga etc. etc.

  • Darren P.

    *ar spéis leo an t-ábhar a bhí gceist agam a scríobh sa nóta thuas. DP.

  • S. Mac Muirí

    Baineann tábhacht le cúpla foclachas na gallscolaíochta, dá scáinte mar sceach i mbéal bearnadh é.