Ardófar croí na ndaoine nuair chrochfar na seolta donna is dubha arís sa Spidéal an Domhnach beag seo 

Leatchéad bliain ó reachtáladh an chéad Aonach Ceoil agus Curachaí sa Spidéal beidh an chéad cheann de shraith geallta bád 2022 ar siúl i mBaile an Droichid 

Ardófar croí na ndaoine nuair chrochfar na seolta donna is dubha arís sa Spidéal an Domhnach beag seo 

*Tá Féile an Spidéil curtha ar athló go dtí an Domhnach seo chugainn (19 Meitheamh) mar gheall ar chúrsaí aimsire

Seisear atá sa bpictiúr – ceathrar fear, chomh maith le leaid óg agus gasúr – iad suite ar a gcompord ar chúl na céibhe sa Spidéal agus iad ag faire go géar tnúthánach ar an bhfarraige.

Chuile sheans gur ag amharc ar bháid seoil ag treabhadh ród na Gaillimhe atá siad agus is léir go bhfuil seanchleachtadh agus tuiscint ag na daoine fásta ina measc ar an méid atá ag tarlú.

I samhradh na bliana 2001 a tógadh an pictiúr úd agus bhí an dream atá ann ag freastal ar Aonach Ceoil, Bád, Curach agus Naomhóg an Spidéil (nó Féile na gCurach nó Féile na gCurrachaí mar a thugtaí ar an imeacht sin go minic). Cuireadh an pictiúr ar chlúdach chlárleabhar na féile an bhliain dár gcionn.

Cé nach mbeidh aon churach le feiceáil san iomaíocht sa Spidéal i mbliana, beidh geallta bád ann an Domhnach beag seo, an 12 Meitheamh, an chéad cheann de shraith geallta bád 2022. 

Leathchéad bliain ó shin, i samhradh 1972, a reáchtáladh Aonach Ceoil agus Currachaí (mar a tugadh uirthi an tráth úd) sa Spidéal den chéad uair agus bhí sí ar an gcéad fhéile dá leithéid i gConamara. Rásaí do churrachaí amháin a bhíodh ann i dtús aimsire agus ba leis na hiomróirí Seán de Búrca, Pádraig de Búrca agus Cóilín Ó hIarnáin as Roisín na Mainiach, Carna, a bhí an lá i Rás na Sinsear an bhliain sin.

I 1973, ba iad Clann Mhic Dhonnchadha as an gCeathrú Rua a thug leo an chreach, agus bhí an bua arís acu i 1977.

Corn agus £100 a bronnadh ar na buaiteoirí i Rás na Sinsear i 1974. B’in iad Inis Treabhair (Pádraig Ó Conghaile, Seán Ó Conghaile agus Pádraig Ó Maoildhia). Maidin na rásaí an bhliain sin, eagraíodh paráid ó Choláiste Chonnacht chomh fada le sráidbhaile an Spidéil. £20 agus Corn Ghaeltarra Éireann a bhí ar fáil mar phríomhdhuais don chomórtas idir na monarchana agus £20, Corn Guinness & bairille leanna a fuair buaiteoirí an chomórtais idir na bailte. Bhí paráid na bhflótaí agus na comórtais idirbhailte mar chuid lárnach den fhéile ar feadh na mblianta agus ba ann a bhíodh an iomaíocht.

Seachtar a bhí ar choiste na féile a bhliain sin, ach mhéadaigh líon na mball go mór sna blianta dár gcionn. In eagarfhocal an chlárleabhair don bhliain 1974, tugtar le fios go mbeadh an dá fhoireann leis an líon is mó pointí ag rásaí an Spidéil, Leitir Móir agus Chill Chiaráin ag glacadh páirte ar son Chontae na Gaillimhe i gCraobh na hÉireann i gCill Chiaráin an 25 Lúnasa.

Eagraíodh rásaí freisin sa Spidéal an 8 Meán Fómhair, 1974, mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge a bhí á reáchtáil i gCois Fharraige den chéad uair ariamh. San eagarfhocal deirtear go rabhthas ag súil go mbeadh foirne as chuile chearn den tír i láthair agus go mbeadh sé churach nua á gcur ar fáil don ócáid sin.

I 1975, ba iad Roisín na Mainiach (Cóilín Ó hIarnáin, Micheál Ó hIarnáin agus Micheál Breathnach) a bhuaigh Rás na Sinsear den dara huair taobh istigh de thrí bliana.

Sa mbliain 1976, ba iad na Cualáin as an gCeathrú Rua a d’ardaigh leo Corn Ghaeltarra Éireann agus £100 nuair a bhuadar Rás na Sinsear ar Dhomhnach Chrom Dubh, nó an Domhnach deiridh de mhí Iúil. Faoin tráth sin, bhí imeachtaí breise curtha leis an bhféile, ina measc comórtas chaitheamh na gcrúite agus aeraíocht, agus reáchtáladh céilí mór an oíche sin i gColáiste Chonnacht. 

Faoin mbliain 1978, b’ócáid trí lá a bhí i bhFéile na gCurach agus bhí 19 duine, idir fhir is mhná, ar an gcoiste. Ba le rás bóthair cúig mhíle tráthnóna Aoine an 16 Meitheamh a cuireadh tús le himeachtaí an deireadh seachtaine. Ar na himeachtaí eile atá luaite sa gclárleabhar do Shatharn na féile, tá comórtas agus taispeántas ealaíne, comórtas iascaireachta, comórtas glasraí, comórtas bainte móna, chomh maith le beárbaiciú ar an gcéibh an oíche sin agus banna Matt Cunningham i mbun an cheoil. Oíche Aoine agus oíche Dhomhnaigh, bhí céilithe ar bun i gColáiste Chonnacht.

Trí fhoireann d’iomróirí as an gCeathrú Rua agus as Leitir Mealláin a bhí páirteach sna forásaí ar an Domhnach agus ina dteannta siúd bhí dhá fhoireann as Inis Treabhair, péire eile as Tír Chonaill, chomh maith le foirne as Inis Mór, An Spidéal, contae an Chláir agus Ciarraí. Ba iad Inis Treabhair a bhuaigh Rás na Sinsear den dara huair.   

Sa mbliain 1979 bhí an-cheiliúradh ann nuair a bhuaigh foireann an Spidéil (Séamus Ó Diollúin, Dónall Standún agus Cóilín Ó hIarnáin) Rás na Sinsear den chéad uair. Rinne Cóilín Ó hIarnáin éacht an lá sin agus é ar an bhfoireann bhuacach den tríú huair ó 1972.

B’éigean imeachtaí na féile a chur ar athló roinnt blianta mar gheall ar dhrochaimsir. B’in a tharla i 1981 nuair a reáchtáladh í seachtain níos deireanaí i mí an Mheithimh ná mar a bhí beartaithe. Bhí na geallta bád mar chuid lárnach de chúrsaí an bhliain sin. I rás na húicéirí ar an Satharn, An Capall a chríochnaigh sa gcéad áit agus an criú ag crochadh leo Buanchorn Raidió na Gaeltachta, £200 agus trí phlaic.

Is cosúil go raibh géarchoimhlint ann sna curachaí ar an Domhnach ach, ar deireadh, ba iad Séamas, Seán is Máirtín Ó Cuinn as Leitir Móir a bhí buacach don dara bliain as a chéile agus iad ag fáil Buanchorn Údarás na Gaeltachta agus £175.

Ach ní ar farraige amháin a bhí an dianiomaíocht an lá sin. I gcomórtas an damhsa ar an sean-nós, a bhí mar chuid den aeraíocht ag Céibh an Spidéil, ba é  Máirtín Beag Ó Gríofa as an gCeathrú Rua a thug leis an bua, ba é Colm Seoighe as Ros Muc a bhí sa dara háit agus tháinig Pádraig Bradley sa tríú háit.

Bíonn obair na gcapall i gceist le féile ar nós ceann Bhaile an Droichid a reáchtáil agus a choinneáil ar an bhfód ar feadh na mblianta. Bhíodh coiste láidir díograiseach ag plé le féilte an Spidéil i gcónaí agus bhí taithí ón gcliabhán ar chúrsaí farraige ag cuid mhaith de na baill. I gclárleabhar 1981, tá grianghraf de choiste na bliana sin. Scór duine a bhí ina mbaill. Tá roinnt de na daoine sin ar Shlí na Fírinne anois, go ndéana Dia trócaire orthu.

Teastaíonn maoiniú freisin le féilte a rith agus, mar a deirtear i bhfocal ón gcoiste sa gclárleabhar ó 1981, bhí an t-ádh orthu go raibh tacaíocht mhaith airgid i bhfoirm urraíochta ar fáil ó dhaoine, ó chomhlachtaí agus ó eagraíochtaí éagsúla. Tháinig cuid den mhaoiniú ó na fógraí ó ghnólachtaí áitiúla a bhí sna clárleabhair agus tá cuid de stair an cheantair le léamh sna fógraí céanna sin.

Bhí na féilte sa Spidéal i mbarr a maitheasa sna 1970idí, sna 1980idí agus sna 1990idí. Bhíodh na sluaite ag triall ar an mbaile beag, daoine as chuile chearn de Chonamara ina measc agus chuir sé go mór leis an ócáid go mbíodh scoth na gceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí ina dteannta. Bhíodh ceadúnas speisialta faighte ag na tithe ósta le fanacht ar oscailt go deireanach agus bhíodh an oiread sin ag freastal ar na céilithe gurbh éigean ollphuball a fheistiú taobh le Coláiste Chonnacht roinnt blianta.

Tugtar féilte na mblianta sin chun beochta i ngearrthóga físe luachmhara a rinneadh i 1979, 1983, 1986 agus 1987 agus atá ar fáil ar an idirlíon ó Chartlanna RTÉ. Iontu feictear na sluaite bailithe ar an gcéibh agus cloistear an chling nuair a bhuaileann na crúite an sprioc. Taispeántar cuid den dream a bhí páirteach san aeraíocht na blianta úd, ina measc an bheirt damhsóirí Cóilín Sheáin Dharach Seoighe is Pádraig Bradley, agus iad feistithe go slachtmhar. 

Agus, i roinnt de na píosaí físe sin, tugtar muid chun farraige i dteannta lucht na gcurach agus iad san iomaíocht, agus radharc sa gcúlra den Spidéal is an taobh tíre mar a bhí breis is 35 bliain ó shin.

Reáchtáladh féilte trí lá sa Spidéal sna blianta 2001, 2002 agus arís in 2003. 26 duine a bhí ar an gcoiste in 2003, baill nua óga fhuinniúla ina measc. Agus an oiread sin suime léirithe i gcaitheamh na gcrúite ag RTÉ sna tuairiscí a rinneadar, tá sé spéisiúil gurbh iad TG4 a bhí ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas sin in 2003. Bhí deireadh tagtha leis na céilithe, ach bhí lón na mbádóirí fós ar bun ar an Satharn roimh na geallta. Ar an Domhnach, bhí rás sinsir sé bhuille; rás naomhóg na bhfear; rás naomhóg na mban agus rás sóisear sé bhuille ar siúl. De réir an chlárleabhair in 2003, ní raibh aon aeraíocht ann mar a bhí an bhliain roimhe sin. 

Cé gur tháinig meath ar an bhféile scór bliain ó shin, tháinig scata óg misniúil chun cinn sa Spidéal nár leor acu bóithrín na smaointe ach a raibh meas acu ar a ndúchas agus rinneadar athbheochan ar an imeacht le blianta beaga anuas. Tá dea-thoradh a gcuid oibre le feiceáil i bhfíseán breá a rinneadh ag féile na bliana 2016, físeán atá ar fáil freisin ar an idirlíon.

Casann rothaí mór an tsaoil agus cé nach bhfuil na curachaí chomh láidir i gConamara faoi láthair is a bhíodh, tá na báid seoil ag dul ó neart go neart. Mar sin féin, tuigtear go mbeidh rásaí na gcurach ar bun an samhradh seo ag Féile Mhic Dara i gCarna, ag Féile Chloch na Rón agus ag Féile Chuigéil i Leitir Mealláin, chomh maith le roinnt áiteanna eile.   

Ach bíonn curachaí á gcur chun farraige ón trá ag Céibh an Spidéil tráthnóntaí breátha i gcónaí agus músclaíonn siad dea-chuimhní ar na laethanta úd nuair a bhíodh an tAonach Ceoil, Bád, Curach agus Naomhóg faoi bhláth. Agus cá fios nach mbeidh rásaí na gcurach le feiceáil arís ón gcéibh chéanna an chéad bhliain eile? 

I mbliana, is cinnte go n-ardófar croí na ndaoine nuair a fheicfear na seolta donna is dubha á gcrochadh arís sa Spidéal an Domhnach beag seo agus na báid mhaorga ag gabháil ród na Gaillimhe uair amháin eile.

Fág freagra ar 'Ardófar croí na ndaoine nuair chrochfar na seolta donna is dubha arís sa Spidéal an Domhnach beag seo '

  • Ciarán Ó Cualáin

    Tá sé tugtha le fios ag Cumann Húicéirí na Gaillimhe go bhfuil Féile an Spidéil curtha ar athló go dtí an Domhnach seo chugainn (19 Meitheamh) mar gheall ar chúrsaí aimsire.