An foghlaimeoir scrupallach a thaobhaíonn leis an gCaighdeán, ní hannamh é á cheartú san éagóir.
Bhí cara liom ag fanacht i dteach ar an gCeathrú Rua tuairim is deich mbliana ó shin, ag foghlaim Gaeilge.
“Bhuel lads,’ ar seisean, ‘bhfuil sibh ar thóir na mban anocht?” “Ar thóir na mná,” arsa fear an tí leis in ard a chinn is a ghutha. Cé aige a raibh an ceart? (Cé aige a bhí an ceart, a deir tú, an ea? Tiocfaidh mé chuige sin i gceann tamaill).
Tá sé fógartha ag Rannóg an Aistriúcháin go bhfuil fúthu athbhreithniú eile a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil as seo go dtí an Márta seo chugainn agus beidh na leaganacha thuas agus tuilleadh nach iad á gcíoradh acu mar chuid den athbhreithniú sin.
Tá an scéala seo ag teacht sna sála ar ráiteas a rinne Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite nuair a chuir siad in iúl go bhfuil a scrúdú athchreidiúnaithe aistriúcháin curtha ar ceal acu.
Is é is dóichí anois nach gcuirfear an scrúdú nua nó go mbeidh athbhreithniú déanta ar an gCaighdeán Oifigiúil, rud a bhfuil ciall leis, ar ndóigh.
Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh é sa bhliain 1958.
Sa bhliain 2012, d’fhoilsigh an Rannóg leagan athbhreithnithe de agus scríobhadh sa réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air i gceann trí bliana.
Ba é an seasamh sealadach seo a d’fhág nach raibh go leor daoine sásta glacadh leis an leagan nua de agus gurbh fhearr leo cloí le leagan 1958.
Gan amhras, ceapadh coiste eile chun na ceisteanna seo a phlé sa bhliain 2010, agus bhain conspóid nach beag le cinneadh an Rialtais nua a gcuid moltaí a chaitheamh i dtraipisí i 2011.
Ní haighneas go Caighdeán, is cosúil.
Is iomaí athrú atá tagtha ar chaint bheo na Gaeltachta ó tugadh an chéad Chaighdeán isteach agus rinneadh iarracht i 2012 simpliú áirithe a dhéanamh ar chuid de rialacha gramadaí na teanga agus aitheantas de chineál a thabhairt do chaint na linne seo, go mór mór an chuid sin di a bhaineann le cealú an ghinidigh.
Tá an ginideach céanna ag déanamh tinnis do go leor foghlaimeoirí le fada an lá, cé nach bhfuil sé leath chomh casta is a thaibhsítear dóibh.
Chomh fada is a bhaineann le caint bheo na Gaeltachta de, áfach, is cinnte nach fada eile a bheidh sé le cloisteáil inti sin.
Ceist eile ar fad, áfach, is ea an aithneofar an méid sin san eagrán nua den Chaighdeán Oifigiúil a chuirfear faoinár mbráid go luath an bhliain seo chugainn.
Beidh le feiceáil. Idir an dá linn, tá an ginideach ag bailiú leis.
Dream ar bith ar dual dóibh píosa spóirt a dhéanamh agus cúpla scíobas a ól lena linn, ní ar nós na nÉireannach atáid ach ‘ar nós na hÉireannaigh’.
Bheadh roinnt acu le feicéail ag corrchluiche rugbaí, cuirim i gcás. Thiocfaidís le cuid d’imeoirí móra an domhain a fheiceáil ag imirt ‘in aghaidh na Laighnigh’ nó ‘in aghaidh na Muimhnigh’.
Go deimhin, is iomaí foireann a fheictear ag imirt ‘in aghaidh na Muimhnigh’ ar TG4, agus ní in aghaidh na Muimhneach.
Ar ndóigh, is fusa don chine céanna lagiolra a aithint thar thréaniolra mar go ndéanann siad sin dealú ina gcuid cainte idir focal dar críoch –(a)igh nó –(a)idh (“ig”) agus ceann dar críoch –(a)í (“[ao]í”), ach níor stop sin Peig Sayers ag caint ar “a lán Sasanaigh” a bheith i measc na gcuairteoirí a bhuaileadh isteach sa teach aici ar an mBlascaod.
Cibé rud faoi Ghaeilge an deiscirt, áfach, níorbh fhada go gceartófaí mé dá mbeadh sé de dhánaíocht ionam caint a dhéanamh ar “a lán Sasanach” anseo i gConamara sa lá inniu.
Mar a dúirt an léachtóir agus an saineolaí teanga, an Dochtúir Feargal Ó Béarra, bhíodh Coirleach na gCosa Caola á baint ag Nóirín na gCosa Lofa i bhfad sular cumadh Amhrán na mBáid Mhóra. Cá bhfágann sé sin Cruinniú na mBád feasta, meas tú?
Is é lagú seo an lagiolra is cúis le leaganacha mar ‘beirt deartháir’, ‘beirt deirfiúr’ agus ‘beirt iníon’ a theacht (= a bheith ag teacht) chun cinn sa chaint bheo sa Ghaeltacht ar fad.
Ní locht ar éinne beo a leithéid a tharlú (= a bheith ag tarlú). Ach cé acu is ceart do dhuine a scríobh anois sa Chaighdeán – ‘beirt deartháir’ nó ‘beirt deartháireacha’?
Mar is minic leo a dhéanamh, is iad na mná a fhuasclós an cheist dúinn. Ní hé nach raibh seo ar eolas ag daoine cheana, ach má bhíonn níos mó ná bean amháin sa chomhluadar, bíonn, ar a laghad, beirt bhan ann.
Dá mbeadh an bheirt chéanna ag imirt peile, is í peil na mban a bheadh á himirt acu.
I bhfad ó dheaslámhacht bhaill Chumann na mBan a bheifí, ar ndóigh, agus an chaid á cur ó dhuine go duine acu, ach diabhal dochar déanta.
Tá leid sa mhéid sin dúinn gur ginideach iolra a chuirtí ag obair sa Ghaeltacht go stairiúil agus daoine á gcomhaireamh. Dá mba leis na fir talamh na bhfear, cuir i gcás, ba chuma cé acu beirt fhear nó triúr fear a roinnfí eatarthu í, an fhaid is a thabharfaí a cheart do gach duine acu.
Ba mhar a chéile an scéal dá mba leis na mic talamh na mac. Ar a shon sin is uile, is leaganacha de shórt ‘beirt fhear’ agus ‘beirt mhac’ a chuir daoine amú an chéad lá riamh. Arís ar ais, níl locht le fáil ar dhuine ar bith as a ucht sin.
D’fhonn a hanáil a thabhairt di, mar sin, agus ceann a chur ar an gcuid seo den phlé, is léir go bhfuil ginideach iolra na lagiolraí ar an dé deiridh sa chaint bheo sa Ghaeltacht ar fad, ach go mór mór i gConamara.
Maidir leis an nginideach san uimhir uatha, is minic é sin á chur ar ceal freisin, go háirithe má bhíonn aidiacht ag teacht i ndiaidh an ainmfhocail atá i gceist. ‘Geansaí an fhear bheag’ is mó a déarfaí anois, mar shampla, sa taobh seo tíre. Thabharfaí suntas do do chuid cainte dá ndéarfá ‘geansaí an fhir bhig’.
Ní shin le rá nach ceart na seolta a ardú ó am go chéile agus aghaidh a thabhairt ar Chuan an Fhir Mhóir nuair a bhíonn an aimsir fé, ach is é is dóichí gur ina leithéid de chás, agus sa chás sin amháin, a chloisfear an ginideach uatha traidisiúnta ar bhéal an chainteora dúchais feasta.
Sin an chaoi atá sé.
Gabh mo leithscéal, sin an chaoi a bhfuil sé.
– Tá Cuid 2 le feiceáil anseo
Seán Ó Riain
Ar chuma éigin, is deacair liom “Cumann na mBan” a shamhlú ina “Chumann na Mná”!!
Diarmaid
Alt dea-scríofa. Cad chuige na hathruithe seo? Í a dhéanamh níos fusa le foghlaim? Lochtanna chainteoirí dúchasacha? Nach gcaillfear an craic ar fad ag straichilt leis an ngramadach má athraítear í?
Caoimhghín
Nó beirt dheartháireacha
Pádraig Mac Cearain
Nach mar gheall ar “chogadh na gcanúintí ” a tugadh isteach an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh? Comhréiteach a bhí ann. Ní hionann canúnachas agus drochGhaeilge. An de dhualgas lucht an Chaighdeáin a mbeannacht a thabhairt do gach nós úr sa teanga?
Conchubhar Ó D.
“An bhfuil sibh ar thóir na mban anocht?” “Ar thóir na mná” … Sa tóir ar bhean AMHÁIN áirthe (uimh. uathu), a bhí sé, is docha!