‘Obair baile’ nó ‘obair bhaile’ le déanamh?

Sa dara cuid dá alt ar an gCaighdeán Oifigiúil, pléann Kevin Hickey an choimhlint a bhíonn ann uaireanta idir an chaint bheo agus an focal scríofa

ancaighdea

Chuireamar clabhsúr ar an gcéad chuid den alt seo le ceist – sin an chaoi atá sé nó sin an chaoi a bhfuil sé?

Tá a fhios ag go leor daoine go bhfuil dornán focal sa Ghaeilge a leanann ‘atá’ iad, agus dornán eile a leanann ‘a bhfuil’ iad – i gcónaí.

I gcás cuid acu, bíonn solúbthacht ann maidir le cé acu sin leagan a déarfar agus a scríobhfar ina ndiaidh.

Tá a thuilleadh, áfach, agus is gá ceann amháin nó ceann eile a rá agus a scríobh ina ndiaidh agus cloí leis. (Is amhlaidh an scéal leis na haimsirí agus na modhanna ar fad, ar ndóigh, e.g. cen chaoi a raibh/mbeidh/mbeadh etc.).

Bhíodh cainteoirí dúchais an-chruinn i dtaca leis an bpointe seo i gcónaí agus tá na rialacha soiléire a leagtar síos sa Chaighdeán Oifigiúil ina thaobh ag teacht go beacht lena bhfuil sa chaint bheo go stairiúil – thuaidh, theas agus thiar.

Ní locht ar éinne, áfach, a leithéidí seo a theacht chun cinn sa chaint le scór blianta (‘scór blianta’, nach ea?) anuas:

‘Cén uair a mbeidh sé anseo?’ (CO = cén uair a bheidh/bheas sé anseo?); ‘cé leis a bheidh an lá’ (CO = cé leis a mbeidh an lá?); ‘sin an áit atá siad’ (CO = Sin an áit a bhfuil siad’, nuair is é an bhrí ‘where’ atá i gceist leis an bhfocal ‘áit’); ‘an slí a chuireann siad chun páirce’ (CO = an tslí ina gcuireann/a gcuireann siad chun páirce).

Maidir leis an dá leagan dheireanacha (‘sea, an ‘dá leagan dheireanacha’ agus ní ‘an dá leagan deireanach’, mar a bheifeá ag súil leis), tá siad sin le cloisteáil sa chaint bheo ó dheas le fada fada an lá.

‘Clásal’ a thugtar ar an mbeithíoch seo sa Ghaeilge. Tá péire againn inti a chránn daoine; ceann díreach agus ceann indíreach. Sampla de cheann díreach is ea ‘atá’, mar atá sna habairtí thuas.

Sampla de cheann indíreach is ea ‘a bhfuil’, arís, mar atá thuas.

An gá na rialacha atá sa CO maidir leis an gclásal coibhneasta díreach agus an clásal coibhneasta indíreach a athrú i bhfianaise a bhfuil tarlaithe sa chaint bheo, mar sin?

Nó an mó de mhíchruinneas ná d’éabhlóid chainte atá i gceist lena leithéid agus an amhlaidh nár cheart géilleadh dó, beag ná mór, dá bharr?

Cad mar gheall ar na huimhreacha pearsanta? Cad ‘tá le déanamh leo sin? An scaoilfear isteach ‘beirt deartháir’, mar shampla?

Ní fuirist (nó ní furasta!) na ceisteanna seo a fhreagairt agus níl sna ceisteanna céanna ach blaiseadh beag den méid a bheidh le plé agus le cíoradh ag an gCoiste Comhairleach atá curtha le chéile ag Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil, 2012.

Ceisteanna eile a bheidh ar a gclár oibre, shamhlóinn, ná an séimhiú, seasamh na leaganacha malartacha (variants); DeNTaLs, cur i bhfeidhm ciallmhar riail ‘hata fhear an tí’, agus comhréir an ainm bhriathartha. Maidir leis an ainm briathartha, ar cheart, mar shampla, aitheantas a thabhairt do leaganacha atá coitianta ó dheas ar nós ‘an obair atá Seán ag déanamh’ (mar aon le ‘an obair atá Seán a dhéanamh‘, mar a mholtar sa CO)?

Maidir leis an séimhiú, is í an ghné is mó de sin a dhéanann tinneas do dhaoine ná cathain a shéimhítear ainmfhocal nuair atá sé ag teacht i ndiaidh ainmfhocal baininscneach. Tá roinnt moltaí déanta ag an gCoiste Téarmaíochta le blianta anuas i dtaobh na ceiste seo.

Mar sin, má tá obair baile nó obair bhaile uait, b’fhiú duit féachaint ar na samplaí atá acu sin faoin gceannteideal ‘Loime’ agus iarracht a dhéanamh iad a thabhairt leat de réir a chéile.

Is é an fhadhb is mó atá ann ina thaobh seo ná go bhfuil sé seo fiorshuibiachtúil mar cheist agus nach é an léamh céanna a bhíonn ag gach duine air, rud a fhágann go mbíonn easaontas ann ina thaobh ó am go chéile.

Go deimhin, tá sé admhaithe go hoscailte ag Maolmhaodhóg Ó Ruairc, duine de na haistritheoirí Gaeilge is breátha san Eoraip, nach bhfuil a fhios aige níos mó cén uair is ceart ainmfhocal a shéimhiú ina leithéid de chás.

Is léir, mar sin, go bhfuil dúshlán mór roimh Choiste Comhairleach na Rannóige agus ní mhaím orthu é.

Ach tá rud amháin cinnte: amach ó cheist thionchar an Bhéarla ar an nGaeilge – ar ceist eile ar fad í, dar liom – is gá dul i ngleic lena bhfuil de dhifear idir an focal scríofa agus an focal labhartha ar na saolta seo, agus an Caighdeán Oifigiúil a thabhairt ‘faoi chuing na réadúlachta’, mar a dúirt an Dr. Feargal Ó Béarra.

Ar ndóigh, dá mbeadh soineann go Samhain, bheadh breall ar dhuine éigin agus beidh a thuiscint féin ag gach duine againn ar an ‘réadúlacht’ sin.

Is chuige sin atá cuireadh tugtha don phobal ag Rannóg an Aistriúcháin aighneachtaí a sheoladh isteach chucu mar chuid dá n-athbhreithniú.

Ar shlí, is fánach ag mo leithéidse – Baile Átha Cliathach a tógadh le Béarla – a bheith ag caint ar na cúrsaí seo, mar ní ceist teanga amháin atá ann ach ceist cearta teanga atá fite fuaite le pobal na Gaeltachta agus lena gcuid cainte siadsan.

Bí cinnte, mar sin, agus do chuid a rá le painéal na Rannóige, go háirithe más cainteoir dúchais Gaeltachta thú.

Tá an méid sin ag dul duit.

 

Cuid 1 anseo

Fág freagra ar '‘Obair baile’ nó ‘obair bhaile’ le déanamh?'

  • Máirtín Ó Conceanainn

    Ba mhaith freagra a fháil ar an gceist seo;cen fáth gur cuireadh deire lé aibitir naGaeilge agus gur cuireadh aibitir an bhéarla ina ait??Freagra ag aon duine.?

  • Darragh Ó Náraigh

    Ceist eile a eascraíonn as seo: i ndiaidh ainmfhocal baininscneach nó i ndiaidh ainmfhocail bhaininscnigh? Nó ceachtar acu?; -)

    • Gemma Ní Bhroin

      Sílim go bhfuil an ceart agat leis an dara rogha (99% cinnte!!)

      • Philip

        100% contráilte sa lá atá inniu ann (cf lch 64 sa CO) ach 100% ceart roimh 2012!

        I ndiaidh ainmfhocal baininscneach an leagan CO anois,

  • Eoin P.

    Bheadh sé go deas cúpla freagra a fheiceáil in áit an oiread sin ceisteanna ar foluain…

  • Roibeard ó conaing

    An féidir moltaí a chur faoi bhráid na rannóige i gcónaí? Cheapas go raibh an tréimhse chun é sin a dhéanamh istigh – nó ar chuir siad síneadh ann toisc nach ndearnadh go leor poiblíochta air an chéad uair. Ach tá ceist níos mó ann, cén fáth, i 2014, a bhfuil cúram chaighdeán na teanga ar rannóg aistriúcháin? Dá mbeadh puin féinmheasa ag an tír bheadh sé faoi chúram acadaimh ie coiste de na saineolaithe is eolaí agus is oirirce dá bhfuil ag an saol gaelach.

  • Emma

    Mar mhic léinn atá théis (tar éis, go caighdeánach, gabh mo leithscéal) dhá bhliain a chaitheamh ag staidéar na Gaeilge, b’fhearr go mór liom píosa scríbhneoireacht a léamh agus sult a bhaint as friotal cumasach, neamhchaighdeánach agus saibhreas teanga a fhoghlaim ná bheith gafa leis an gcaighdeán i gcónaí. I bhfad an iomarca béime ar chruinneas caighdeánach, gan mic léinn a spreagadh líofacht agus cumas teanga a bhaint amach.