AR SON NA CÚISE: Cumann na gCraoltóirí Dothuigthe – eagras nua atá ‘corcra le cantal’

ASNC: Tá cuid de bhaill CCD chomh dílis do thraidisiún an doilbhris gur dhiúltaíodar do chúram fiaclóra ó am go chéile, ar eagla go bhfeabhsódh sin a n-urlabhra ar bhealach ar bith

AR SON NA CÚISE: Cumann na gCraoltóirí Dothuigthe – eagras nua atá ‘corcra le cantal’

Deir lucht eagrais nua go rachaidh siad chun dlí, nó chun doirne más gá, le deireadh a chur le Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge mura dtarraingítear siar an duais nua don Chraoltóir Gaeilge is Solabhartha.

Agus plúr na bhfear agus na mban dea-labhartha ar an ngearrliosta don Chraoltóir is Solabhartha atá foilsithe ag an Oireachtas, deir Cumann na gCraoltóirí Dothuigthe (CCD) go bhfuil an duais nua ag déanamh éagóir ar “na scórtha” craoltóir Gaeilge” a bhaineann le traidisiún ársa uasal Gaeltachta agus Galltachta” .

Dúirt urlabhraí an eagrais nua, a raibh sé doiligh go maith a dhéanamh amach céard a bhí á rá aige, gur mór an feall atá sa ghradam nua.

“Ní inniu ná inné atá sé aitheanta ag na scoláirí móra, cuid acu nach mbeadh cáil an tsoilbhris orthu féin, go bhfuil an Ghaeilge is fearr doiléir deacair agus go mbíonn na cainteoirí Gaeilge is fearr dothuigthe ach amháin nuair a bhíonn siad ag caint lena chéile.”

Dhiúltaigh an t-urlabhraí freagra a thabhairt ar cheist a chuir Ar Son na Cúise faoi líon na mball i gCumann na gCraoltóirí Dothuigthe ach meastar go bhfuil na scórtha i gceist agus iad ionadaíoch ar na príomhchanúintí ar fad, idir shean agus nua.

“Táimid ann, táimid ar buile. Táimid corcra le cantal. Ní chuirfimid fiacail ann, táimid chun muid féin a chur in iúl go glórach, le srónaíl, casachtaíl, smaoisearacht agus le pislíní cantail,” a dúirt sé.

Mheabhraigh an t-urlabhraí do Ar Son na Cúise go raibh cuid de na baill chomh dílis do thraidisiún an doilbhris gur dhiúltaíodar do chúram fiaclóra ó am go chéile, ar eagla go bhfeabhsódh sin a n-urlabhra ar bhealach ar bith.

Deir CCD go bhfuil i gceist acu cúrsaí oiliúna a eagrú go luath, féachaint le breis ballraíochta a mhealladh agus go raibh suim léirithe ag go leor nua-chainteoirí san eagraíocht, dream nach dtuigtear a gcuid Gaeilge ach oiread ar chúiseanna éagsúla.

“Dá mbeadh an tÚdarás Gaeltachta agus an ceann craolacháin agus an Foras ag déanamh a gcúraim i gceart, bheadh an uile chraoltóir Gaeilge chomh doiléir linne,” a dúirt sé.

Tá craobh Ultaise den CCD le bunú amach anseo ach ní bheidh aon ról ag craoltóirí Béarla san eagras nua. “Tá an iomarca acu ann agus iad ar fad ar scálaí pá nach dtuigfeadh muide, gan trácht ar cheist na teanga,” arsa an t-urlabhraí. D’admhaigh sé go raibh craoltóirí a bhí doiléir sa dá theanga ach dúirt sé gur “bua ar leith é seo nach bhfuil ach ag beagán”.

Mar fhocal scoir, má thuigeamar i gceart é, d’impigh urlabhraí CCD ar pé buaiteoir a roghnaíonn an tOireachtas don Ghradam nua “labhairt go scioptha le rabharta sean-nathanna fada casta nó rabharta nathanna nua neamhdhúchasacha” agus diúltú don Ghradam.

“Cuimhnímis ar na fir agus na mná uaisle a chuaigh romhainn nár thuig aon duine iad. Níor cheart a n-oidhreacht a mhaslú le duais mar seo,” arsa urlabhraí CCD.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Cumann na gCraoltóirí Dothuigthe – eagras nua atá ‘corcra le cantal’'

  • Gaelchló

    Is mithid cumann a bhunú chun úsáid an fhleiscín a chosaint.

  • An poc

    Dá n-éisteofá leis an urlabhraí… ní corca a dúirt sí ach cradhrac….

  • MARY BRODERICK

    Cuidíonn féasóg go mór le neamh-shoiléireacht.