Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine? Ná bímis saonta…

Ag brath ar an Stát atáimid ó thús na paindéime, ná déanaimis dearmad air sin

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine? Ná bímis saonta…

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Tá rud amháin soiléir de bharr an fheachtais in aghaidh phaindéim an Covid-19, agus is é sin nach féidir dul i ngleic leis an ngalar ach le cur chuige aontaithe atá faoi cheannas an stáit.

’Sé an stát a ghlac seilbh ar na hospidéil phríobháideacha le tuilleadh acmhainní a chur ar fáil don chóras sláinte nach bhfuair infheistíocht cheart le blianta.

’Sé an stát a thug cúnamh airgid dóibh siúd a bhí agus atá buailte ag an dianghlasáil.

’Sé an stát a chuir córas smachta i bhfeidhm le muid a chosaint, chomh fada agus is féidir, ó bhagairt na paindéime.

Is ar an stát atá muid uilig ag brath le drochthionchar na paindéime a mhaolú agus leis an ngalar a chur ó mhaith ar fad sa deireadh. Agus is ar an stát agus infheistíocht an stáit a bheimid ag brath le treoir a thabhairt maidir leis an téarnamh eacnamaíochta.

Is fiú béim a leagan ar an bpointe seo agus an scéal á iniúchadh againn.

Ní raibh an margadh príobháideach, an saormhargadh sin atá ina Dhia beag ag an Aontas Eorpach, in ann bealach réitigh ar bith a thabhairt dúinn.

Fiú san Aontas Eorpach, táthar ag glacadh leis go gcaithfear rialacha agus go deimhin idé-eolaíocht an Aontais a chur ar leataobh – ar feadh tamaill ar a laghad – leis an gceann is fearr a fháil ar an bpaindéim.

Sea, tá argóintí is díospóireacht ann faoi na modhanna is fearr le tabhairt faoi. Níl mórán a thuilleadh a mholfadh sampla na Sualainne a leanacht agus amhras anois ar mhuintir na Sualainne féin faoin gcur chuige a bhí acu. Tá níos mó daoine anois ag moladh dianghlasáil níos déine, mar a bhí sa Nua-Shéalainn nó sa gCóiré Theas, agus tá díospóireacht fhíochmhar ann faoina leithéid.

Cuirtear i gcuimhne dúinn sampla na meithle agus an seanfhocail Ghaeilge: is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Baineann polaiteoirí agus daoine eile leas as an seanfhocal chun moladh a thabhairt don phobal as seasamh le chéile, as fulaingt le chéile agus as iarracht a dhéanamh teacht slán ón gcruatan le céile. Ach ní fíor go bhfuil chuile dhuine ag fulaingt mar an gcéanna.

Tá na mílte as obair agus iad ag brath ar na híocaíochtaí €350 sa tseachtain agus tá comhlachtaí ag fáil cúnamh stáit chun sciar maith de thuarastal a gcuid oibrithe a íoc.

Tá na mílte ann a bhfuil airgead mór caillte acu, is an méid a bhí curtha i dtaisce acu ídithe le fanacht beo.

Ar ndóigh níl na deacrachtaí seo ag lucht na mbanc, ná lucht maoine, ná tiarnaí talún, ná amhantraithe. Níl Johnny Ronan nó JP Magnier nó Dermot Desmond ag fáscadh a gcuid criosanna.

Cibé gearradh siar atá le déanamh ag daoine eile tá cíos fós á íoc – fiú má bhí na siopaí dúnta.

Tá morgáistí fós le híoc agus ná cuireadh an chaint seo faoi shos íocaíochta dallamullóg ort. Tá ús á chur leis an morgáiste gach lá fiú mura bhfuil aon teacht isteach ag daoine, nó gan acu ach teacht isteach an-bheag.

Agus má tá stop curtha le díshealbhú, le daoine a chaitheamh amach as a gcuid tithe nó árasáin chónaithe, tiocfaidh an nós sin ar ais nuair a bheas an phaindéim thart agus na riaráistí le glanadh.

Níl ar fáil dáiríre ach síneadh ama ar do mhorgáiste agus beidh níos mó le híoc sa deireadh ná a bhí i gceist ag tús an mhorgáiste.

Agus tá muid go léir in ainm is a bheith sa mbád céanna?

Níl sé ceart go mbeadh cosaint faoi leith á tabhairt do lucht an airgid, go háirithe má tá muid go léir le bheith sa riocht chéanna. Ach is bunchreideamh de chuid lucht ag an tsaormhargaidh é nach leagtar an t-ualach céanna ar na daoine is saibhre is a leagtar orainne.

Cheana féin, tá an rialtas ag caint faoi conas íoc as bille na paindéime. Má ghéilleann Fianna Fáil don chur chuige atá beartaithe acu, chothódh sé ‘deacrachtaí’, a deirtear, i measc na nGlasach.

Ach is ceist an-tábhachtach í seo: cé a íocfaidh as an gcúlú eacnamaíochta seo? An gnáthdhuine trí bhabhta eile den déine? Nó an dtabharfaimid aghaidh orthu siúd a tháinig slán cuid mhór ón tubaiste agus a mbíonn a gcuid brabúis ag dul i méid gan stad.
An amhlaidh nach ar scáth a chéile a mhaireann an uile dhuine?

Fág freagra ar 'Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine? Ná bímis saonta…'

  • Helena Lordan

    Tá meas agam ar Eoin Ó Murchú leis na blianta. San alt inné, áfach, ní aontaím leis an tslí a chaith sé anuas ar ‘JP Magnier’. Ní fheadar an é JP Mc Manus nó John Magnier a bhí i gceist. Tá an t-uafás déanta ag an mbeirt do thionscal na rásaíochta