Ar nós go leor eile sa nGaeltacht, ní trí thimpiste a tógadh an bádchlós sna Dúnaibh…

Baineann an dream óg an-leas as na háiseanna caitheamh aimsire sna Dúnaibh, ach bhí a muintir uair amháin ag brath go hiomlán, beagnach, ar an bhfarraige

Ar nós go leor eile sa nGaeltacht, ní trí thimpiste a tógadh an bádchlós sna Dúnaibh…

Maidin bhreá samhraidh, lár mhí Iúil, An Trá Mhór agus Cé na nDúnaibh thíos uaim, an fharraige ina clár. Faoina deich a chlog tá sé ina rírá thíos ar an trá- cailíní agus buachaillí óga ina gcultacha fliucha snámha, réidh chun tabhairt faoin bhfarraige i mbáid seoil, i gcurachaí caíac, ar chláir seoil nó ag foghlaim snámha. Feicim mo chuid garneachtanna agus garnianna thíos agus iad ag léim go fonnmhar isteach sa sáile.

Nuair a chríochnós an rang ag meán lae titfidh an ciúnas arís. Corrbhád ag teacht le céibh nó ag dul ar ancaire sa gcuan. Deirtear nach bhfuil ach trí bhád portán ag iascach anois ó chéibh na nDúnaibh.

Is deacair a shamhlú cé chomh cruógach is a bhíodh an chéibh seo tráth. ‘Dúirt m’athair liom go mbíodh 300 bád, luggers nó drifters, istigh ar an chéibh am ar bith,’ a deir céile mo dheirféar, Donnchadh Ó Buadhaidh liom. ‘Bhíodh siad ag fanacht i rith an lae lena gcuid lastaí éisc a chur i dtír. I mí Mheán Fómhair na bliana 1900 dhéantaí 6,000 bairille scadán a shailleadh- an chuid is mó de le dul chuig an Rúis agus an Ghearmáin.’

Go deimhin bhí an oiread sin iascaigh agus easpórtáil éisc ar siúl sna Dúnaibh gur beag nár stad an imirce uile thart ar thús an chéid seo caite.

Ar nós go leor tionscal eile sa nGaeltacht, ní trí thimpiste, nó trí fhás nádúrtha a tharla an fhorbairt seo. Bhí Bord na gCeantar Cúng, an Eaglais, Tiarna Liatroma agus daoine eile taobh thiar den iarracht. Tháinig daoine as Albain chun cabhrú le sailleadh an éisc. Tógadh halla dóibh siúd- an Duthie Memorial Hall, chun go mbeadh áit acu i gcomhair caitheamh aimsire agus seirbhísí an Domhnaigh- Preispitéirigh a bhformhór.

Ach thit an tóin as an tionscal le teacht an Chogaidh Mhóir, nuair a cuireadh deireadh leis an trádáil leis an Rúis agus an Ghearmáin. Is mar sin a bhí scéal na hiascaireachta agus na mbád sa gceantar seo leis na cianta. Thuas seal, thíos seal.

Thíos ó theach mo dheirféar, Sinéad agus a fear céile Donnchadh, i gCeann na Láirgidh atá bádchlós Mhíobhaigh. Tá mé ag breathnú ar an radharc seo le breis is dhá scór bliain. Agus cé go raibh a fhios agam gur chaith Donnchadh seal ag obair sa bhádchlós, níor chíor mé an scéal leis go dtí an tseachtain seo.

Agus arís, seo chugainn Bord na gCeantar Cúng. Cheannaigh siadsan an talamh ó Thiarna Liatroma i 1908 agus tosaíodh ar an obair. I dtús ama, d’oibrigh na saortha bád amuigh faoin aer. De réir a chéile, tógadh na foirgnimh éagsúla, cuid acu atá le feiceáil fós inniu. Nuair a d’oibrigh Donnchadh ann ó 1958 go dtí 1962, bhí na seanscileanna fós in úsáid agus deir sé gur fhoghlaim sé go leor ón saor bád cáiliúil, Anton McBride.

Donnchadh Ó Buadhaidh

Bhí cáil ar Anton, ní hamháin mar thógálaí bád ach mar dhearthóir agus mar fhear a raibh scileanna ar leith ó thaobh na hinnealtóireachta aige. Dúirt Donnchadh liom go raibh sé in ann  gach rud a bhain le toisí loinge a thomhas agus a mheas go cruinn ceart sula mbuailfeadh sí an t-uisce.

Bhí ceangal ag Bealach an Doirín le scéal an bhádchlóis- nach mbíonn le gach rud? Nuair a dhún Bord Iascaigh Mhara é sa bhliain 1946, d’ordaigh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, James Dillon (as Bealach an Doirín) go n-athosclófaí arís é.

Tháinig úinéirí príobháideacha éagsúla ann ach dúnadh arís é i 1970. I 1971 thóg muintir Carr ar láimh é agus thosaigh arís le triúr fear. Ba ghearr go raibh dáréag ag obair ann. Thógadar 24 bád thar na blianta. Bhí cáil ar leith ar na báid toisc gur báid adhmaid a bhí iontu. De réir an ‘Shipping News’ i 1978 ba í an ‘Iúda Naofa’ a tógadh ann, an bád adhmaid iascaigh ba mhó sa tír (82 troigh). Bádh an bád sin amach ó Inse Ghall na hAlban in 2015 ach tháinig an criú slán.

Ag féachaint anuas ar an mbádchlós le hoíche nó dhó, chonaic mé go raibh bád beag fartha ‘roll-on, roll-off’ istigh ar an slip. Ba chosúil go raibh sí á deisiú (níl báid á dtógáil ann níos mó) agus bhí soilse sa mbádchlós deireanach san oíche agus í istigh ann. Is dócha go raibh sí ag teastáil go géar agus muid i lár shéasúr na turasóireachta i nDún na nGall. Ní mhaireann sé sin i bhfad.

Le gealadh an lae, bhí an bád fartha ar ancaire amuigh i gCuan na Maoile Rua arís. Ansin a fuaireamar an drochscéal faoin tubaiste is déanaí amach ó Chionn Mhálanna. Bádh beirt – ní bhíonn tú i bhfad ó dhrochscéalta a bhaineann le cúrsaí iascaireachta sna bólaí seo.

Chuimhnigh mé ar scéal eile a d’inis Donnchadh dom. Bhí a athair agus scata fear ó Ros Goill amuigh ag iascach agus bhuail stoirm thobann iad. Caitheadh isteach sa bhfarraige iad ach bhíodar in ann teacht i dtír gar do Bhaile Lifín, in Inis Eoghain. Tháinig bád eile i dtír san áit chéanna ina ndiaidh ach í folamh. Faraor, bádh an ceathrar as Fánaid a bhí ar bord. Bhí an tae sna flaigíní fós te.

Baineann an dream óg an-leas as na háiseanna caitheamh aimsire atá acu anois. Foghlaimíonn siad ar fad cén chaoi le snámh. Ach chuirfeadh sé iontas orthu a chloisteáil go raibh a muintir uair amháin ag brath go hiomlán, beagnach, ar an bhfarraige agus ar an iasc. Agus gur obair chrua a bhí ann ó mhaidin go hoíche. ‘Líonta fada a bhíodh acu,’ a dúirt Donnchadh agus é ag caint faoina athair. ‘Bhíodh cóir trí chéad go leith duán ar achan líon- tá cuimhne agamsa na duáin seo a fheiceáil insan lafta (lochta) i seanteach m’athar. Bhídís ag rómhar trá Dhún Dubháin fa choinne péisteanna a bhaint le baoite a fháil, píosa péiste a chur ar achan duán agus na duáin a leagadh go hordúil i gceann de na ciseáin a bhí déanta as saileog.’

Fág freagra ar 'Ar nós go leor eile sa nGaeltacht, ní trí thimpiste a tógadh an bádchlós sna Dúnaibh…'