Ar mhiste le Micheál Martin agus Mary Lou McDonald éirí as an gcoimhlint gan bhrí?

Bheimis ar fad níos fearr as dá ndíreodh Mary Lou agus Micheál Martin ar chaint láidir pholaitiúil seachas caint bhaoth phearsanta

Ar mhiste le Micheál Martin agus Mary Lou McDonald éirí as an gcoimhlint gan bhrí?

Tugtar deis ar leith do cheannaire an fhreasúra an Taoiseach a cheistiú sa Dáil dhá lá sa tseachtain. Cloistear caint thomhaiste idir Mary Lou McDonald agus Micheál Martin, uaireanta.

Rómhinic áfach ní chloistear ón mbeirt ach caint gan tairbhe. Mar a tharla mar shampla Dé Céadaoin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin go raibh tionóntaí príobháideacha i gcruachás ar fud na tíre mar gheall ar an ardú as cuimse ar an gcíos. Mhol sí aisíoc cánach 1,500 do chíosóirí agus cosc ar arduithe cíosa ar feadh trí bliana mar leigheas ar an bhfadhb, mar atá á mholadh ag a páirtí le tamall.

Dúirt an Taoiseach, mar atá á rá aige le tamall freisin, nach bhfuil fianaise ar bith ann go laghdófaí an cíos dá gcuirfí moltaí Shinn Féin i bhfeidhm. Níor mhol sé socrú a laghdódh nó a chuirfeadh srian ar chíosanna. Bhí dlús á chur le tógáil tithe agus árasán, a dúirt sé, ainneoin Sinn Féin ag bheith ag cur i gcoinne go leor scéimeanna tithíochta nua.

Tá na briathra thuas ráite agus athráite go minic ag Mary Lou McDonald agus ag Micheál Martin. Is sa chuid eile den bhriatharchath eatarthu a dúradh na rudaí a tharraing aird na meán.

Chuir Mary Lou i leith Mhichíl nach raibh sé ábalta na deacrachtaí atá ag luí ar dhaoine mar gheall ar an ardú ar an gcostas maireachtála a thuiscint. Sin nó ní raibh sé toilteanach a admháil go raibh cúrsaí go dona.

Thagair sí d’árasán beag i halla athchóirithe i dteach i mBaile Átha Cliath ar a ngearrtar cíos míosúil 910. Ar ndóigh, a dúirt sí, is dóigh go mbreathnaíonn an Taoiseach ar 910 mar thráithnín.

Chuir ceannaire Shinn Féin isteach ar fhreagraí an Taoisigh anois agus arís, mar a dhéanann ceannairí an fhreasúra de ghnáth. Chuir ceathrar Teachtaí Dála eile óna páirtí isteach air freisin, go dtí gur iarr an Ceann Comhairle ar Eoin Ó Broin, Dessie Ellis, Matt Carthy agus David Cullinane a bheith ina dtost.

Ba léir faoi cheann tamaill go raibh gaiste á chur i mbealach an Taoisigh, le súil go spreagfadh síorcháineadh pearsanta freagra teasaí. Mar a tharla, tar éis d’Eoin Ó Broin a rá le Micheál Martin nach raibh an ghéarchéim ag cur as dá chairde atá i mbun na forbartha.

Dúirt an Taoiseach go raibh Mary Lou ag tabhairt le fios nár thuig sé an saol mar atá sé. Is ina dhiaidh sin a léirigh sé an fhearg a chuir na hionsaithe pearsanta ar. Bhí difríocht mhór idir a cúlra agus a chúlra féin, a dúirt é.

Bhí air cur suas le rudaí nuair a bhí sé óg nár chuir as di-se in aon chor. Ba léir óna thógáil dó, a dúirt sé, an tslí inar chuir an costas maireachtála isteach ar dhaoine óga. “Do not dare to lecture me,” a dúirt sé faoi dheireadh.

Ba léir fearg an Taoisigh arís cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin nuair a labhair sé faoi pholasaí tithíochta an rialtais ag preasócáid i dTithe an Rialtais.

D’fhreastail Mary Lou McDonald agus Eoin Ó Broin ar scoileanna príobháideacha, a dúirt sé, ach bhíodar ag iarraidh a thabhart le fios gur bhain sé féin agus airí rialtais eile le scothaicme nach dtuigeann riachtanais tithíochta an ghnáthdhuine. Agus mar sin de.

Ainneoin ghéire agus ainneoin chorraitheacht na cainte seo go léir, ní foláir a tairbhe pholaitiúil a mheá go stuama. Ní chuireann ceisteanna ná cosaint phearsanta dá leithéid leigheas ná feabhas ar bith chun cinn. Is dócha go mbaineann fíordhílseoirí an dá pháirtí sásamh as, ach ní mór an mhaith a bhaineann ár bhformhór as.

Is breá le mórán caint ghéar pholaitiúil, go háirithe agus fadhb a chuireann as do mhórán á plé. Ach dá ndíreodh Mary Lou agus Micheál Martin níos mó ar chaint láidir pholaitiúil agus níos lú ar chaint bhaoth phearsanta, ní dhéanfadh ár bhformhór gearán. 

Fág freagra ar 'Ar mhiste le Micheál Martin agus Mary Lou McDonald éirí as an gcoimhlint gan bhrí?'

  • an Teanga Bheo

    Ceannaire le cumhacht nó gan cumhacht iad. Is gá gach ceannaire a cheistiú ar pholasaí a rialtais !

  • Eoin Ó Murchú

    Níl siad mar an gcéanna. Cháin Mary Lou Micheál Martin as gan tuiscint aige ar dhroch-chás na ndaoine atá ag iarraidh tithíocht a fháil ar an ábhar go bhfuil sé ag cloí le polasaithe nach bhfuil ag éiri leo is nach n-éireoidh leo. Mar fhreagra d’ionsaigh Martin Mary Lou ag maíomh go raibh sé deacair ag a mhuintir nuair a bhí seisean óg mar gheall ar ghanntanas airgid. Cháin duine amháin go polaitiuil na droch-pholasaithe tithíochta; cháin an duine eile go pearsanta an bhean a luaigh teip na bpolasaithe sin.