‘Ar lorg na dtrí ríthe gabhaim trí Chorca Dhuibhne…’

Anocht Oíche na dTrí Ríthe agus tá dán speisialta againn ón bhfile Bríd Ní Mhóráin

‘Ar lorg na dtrí ríthe gabhaim trí Chorca Dhuibhne…’

Oíche na dTrí Ríthe

Ar lorg na dtrí ríthe

gabhaim tré Chorca Dhuibhne

gheal na gcoinnle

Oíche Nollaig na mBan-

Gleann na nGealt taibhseach,

Abhainn an Scáil lonrach,

an Daingean ciúin

ag fanacht le hiontaisí.

 

Ach ó Mhám an Lochaigh

síneann ríocht an tsolais

fé choróin bhán Bhréanainn

go Barra na hAille siar.

 

Fé mar a stad an réalt

os cionn an stábla

treoraíonn trí choinneal

ar bhonn fuinneoige mé

mar a bhfuil do dhá láimh sínte

ar nós fháilte an rí-linbh.

 

Bríd Ní Mhóráin 

 

 

Fág freagra ar '‘Ar lorg na dtrí ríthe gabhaim trí Chorca Dhuibhne…’'