Ar chóir srian a chur le saoirse cainte ar na meáin shóisialta, nó glacadh leo idir mhaith agus olc?

D’uireasa díospóireacht atá bunaithe ar loighic is ar mheas ar na daoine nach mbíonn ar aon tuairim leat, níl aon daonlathas agat

Ar chóir srian a chur le saoirse cainte ar na meáin shóisialta, nó glacadh leo idir mhaith agus olc?

Tá díospóireacht sách leanúnach ar siúl i gcónaí maidir leis na meáin shóisialta (nó na SocMeds), ar nós Twitter, Facebook is eile. An cóir iad a shrianadh, nó an ndéanann sé maitheas go bhfuil bealach ann le go gcuirfeadh an gnáthdhuine a chuid tuairimí in iúl?

Tá ag géarú ar an díospóireacht sin mar gheall ar an ról mór a bhí ag na meáin shóisialta i gcás Phil Hogan agus Golfgate.  Más é an Irish Examiner a scaip an scéal faoi na huaisle a bheith ag sárú rialacha Coivid-19, is iad na meáin shóisialta a léirigh fearg an phobail is a chothaigh an brú a thug ar Hogan éirí as sa deireadh agus b‘fhéidir gur ar an mBreitheamh Séamus Woulfe nó an stocaire ar son na mbanc Brian Hayes a dhíreofar an brú sin anois.

Ar an taobh eile den scéal, ní féidir a shéanadh ach go mbaintear leas as na meáin seo go minic le rudaí suaracha a rá, le daoine a mhaslú, le cáineadh gránna a dhéanamh ar dhaoine, le teachtaireachtaí ciníocha a scaipeadh agus le scéalta bréagacha a chraobhscaoileadh.

Má chuirtear ráiteas bréagach clúmhillteach i gcló sna meáin thraidisiúnta, is féidir cás cúirte a thógáil ina n-aghaidh agus, go minic, cúiteamh airgid a fháil.  Níl a leithéid chomh héasca  i gcás na meán sóisialta, nó na SocMeds, go háirithe nuair is cuntais gan ainm atá i gceist.

Agus gan dabht, cothaíonn gránnacht tuilleadh gránnachta.

Mar sin féin, is leithscéalta, i mo thuairimse, na fadhbanna seo. Sna meáin thraidisiúnta, bíonn ceannas ag úinéirí na nuachtán nó na stáisiún teilifíse agus raidió ar an nuacht a chuirtear amach is ar an leagan den nuacht a chuirtear amach freisin.

Daoine rachmasacha a bhíonn i gceist, nó comhlachtaí móra idirnáisiúnta.  Is de nead na pribhléide iad go minic, agus ní nach ionadh cosnaítear nead na pribhléide ina gcuid nuachtán is ar a gcuid stáisiún raidió is teilifíse. Sea tugann úinéireacht smacht dóibh ar an eolas a scaiptear is ar an díospóireacht a bhíonn ann.

Is é sin le rá go bhfaigheann muid an t-eolas a theastaíonn ó úinéirí na meán a thabhairt dúinn. Mar a dúirt Todd Andrews, fear mór le rá i bhFianna Fáil sna tríochaidí,  “ag deireadh thiar is ionann saoirse an phreasa agus an tsaoirse atá ag aon iriseoir rud ar bith a scríobh a thaitníonn le húinéirí an phreasa”.

Ar ndóigh tá an grúpsmaointeoireacht chéanna le tabhairt faoi ndeara i stáisiún poiblí ar nós RTÉ, mar tagann na hiriseoirí, den chuid is mó, ón tobar céanna le hiriseoirí na nuachtán agus na stáisiún príobháideacha, is é sin an mheánaicme.

Ní bhaineann an dúil seo eolas a smachtú le lucht na meán amháin. Tá an córas polaitiúil go náisiúnta agus san Eoraip mar a chéile.

Mar shampla, in alt san Irish Times le deireanaí, chuir Michael McDowell i gcuimhne dúinn na coinníollacha a bhain le dréacht den chonradh trádála idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, TTIP mar ar tugadh air.

Mar Theachta Dála bhí cead ag McDowell an dréacht a léamh – ach ar an gcoinníoll gur i seomra iata é agus nach scríobhfadh sé aon nótaí.

Dhiúltaigh sé glacadh leis na coinníollacha sin, ach bhí siad ann ionas nach mbeadh eolas á scaipeadh faoin gconradh i measc an phobail mhóir.  Bhí cead ag McDowell, mar Theachta Dála, é a léamh, ach ní raibh cead ag muintir na hÉireann é a phlé cé go mbeadh an-tionchar ag conradh trádála dá leithéid ar an tír seo agus orainne, saoránaigh na tíre.

Ar ndóigh, bhí foráil sa dréacht go mbeadh cead ag comhlachtaí idirnáisiúnta cásanna cúirte a thabhairt i gcoinne rialtas náisiúnta dá gcuirfidís polasaí i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar bhrabús na gcomhlachtaí.

Cloiseann muid a lán cainte bréagaí ón Aontas Eorpach maidir le trédhearcacht – is cuid den mhiotas é a bhaineann leis an Aontas  – ach nuair a thagann an crú ar an tairne ní bhíonn aon trédhearcacht ar fáil don phobal.

Bhí tagairtí beaga sna meáin don scannal seo, ach ní dhearna siad aon scéal mór de, is dhein siad beag is fiú de na gearáin faoi a bhí le fáil ar na SocMeds.

Go deimhin, is ar éigean go mbíonn aon díospóireacht sna meáin mhóra thraidisiúnta faoi ghné ar bith den Aontas Eorpach. Bíonn sí ar fáil ar Tuairisc.ie (más cuid den Mainstream Media Tuairisc.ie) ach ní bhíonn sé aon áit eile.

Mar sin, ní bhíonn aon díospóireacht againn faoi na roghanna atá le déanamh faoi cén cineál Aontais a bheas ann sa todhchaí. Breathnaigh go deimhin ar an gcaoi nach raibh aon léirmheas le léamh sna meáin mhóra ar leabhar nua Ray Bassett faoin mBreatimeacht agus todhchaí na heacnamaíochta, cé gur státseirbhíseach a bhfuil meas mór air an Bassett céanna.

D’uireasa díospóireacht atá bunaithe ar loighic is ar mheas ar na daoine nach mbíonn ar aon tuairim leat, níl aon daonlathas agat.

Is sa chomhthéacs sin, measaim, gur chóir dúinn an díospóireacht faoi na meáin shóisialta a mheas.

An rogha? Srian a chur le saoirse cainte, nó glacadh le ról daonlathach na meán sin, in ainneoin an chorrshampla ghránna.

Fág freagra ar 'Ar chóir srian a chur le saoirse cainte ar na meáin shóisialta, nó glacadh leo idir mhaith agus olc?'