Ar cheart vacsaín in aghaidh an Covid-19 a bheith éigeantach do lucht leighis?

Údar mór imní é go bhfuil roinnt mhaith oibrithe sláinte nach bhfuil vacsaínithe

Ar cheart vacsaín in aghaidh an Covid-19 a bheith éigeantach do lucht leighis?

Tá drogall ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann iarraidh ar aon duine a insint do dhaoine eile an bhfuil vacsaín in aghaidh Covid-19 faighte acu nó nach bhfuil. Ní raibh siad toilteanach riail a eisiúint chun go mbeadh pas vacsaínithe riachtanach le freastal ar an bpobal nó le haghaidh cead isteach i mbialanna, tithe tábhairne, amharclanna nó pictiúrlanna.

Mar sin féin tá aip ullmhaithe a thaispeánfaidh an teastas vacsaínithe má iarrann gnólacht ar chustaiméir é. An fhreagracht á fágáil ar an ngnólacht an cinneadh a dhéanamh. Tá an rogha sin déanta ag roinnt chun a gcuid oibrithe agus custaiméirí eile a chosaint. Níl an scéal chomh soiléir i dtaca leis na hoibrithe sna gnólachtaí sin. Tugann fostóirí le tuiscint, go bhfuil foirne, ar an mórgóir, vacsaínithe agus éilíonn gnólachtaí áirithe é. I ndeireadh thiar sé rogha an chustaiméara é freastal ar aon cheann de na seirbhísí sin.

Ach céard faoin tseirbhís sláinte? Údar mór imní é go bhfuil roinnt mhaith de na hoibrithe sláinte nach bhfuil vacsaínithe. Níl a fhios cén sciar atá i gceist; ní raibh na húdaráis in ann nó ní raibh siad toilteanach an t-eolas sin a sholáthar.

Ní cinneadh roghnach – ar nós a dhul chuig an amharclann – é a dhul i muinín na seirbhíse sláinte. Tá a fhios ag gach éinne go ndearna oibrithe sláinte éacht le breis is bliain go leith ó bhuail an phaindéim sinn i dtosach. Tá a fhios freisin go bhfuil siad traochta tuirseach is gan scíth i ndán dóibh. Ach tá a fhios i dTuaisceart Éireann go bhfuil daoine i measc na n-oibrithe in ospidéil, ionaid chúraim agus i gcleachtais dochtúirí nach bhfuil vacsaínithe in aghaidh Covid-19. Labhraíonn an tAire Sláinte faoin gcor sin amhail is gur cinneadh roghnach d’oibrithe sláinte é an vacsaíniú cé go mbíonn sé ag tathant ar an bpobal é a dhéanamh mar riachtanas.

Dá mbeadh ormsa a dhul chuig an dochtúir, ospidéal, fiaclóir nó cúramóir sláinte eile (a mbeadh sé riachtanach go mbeadh sí/sé an-ghar dom), ba mhaith liom a bheith cinnte go raibh siad vacsaínithe in aghaidh Covid-19. Ní éileamh míréasúnta é sin i bhfianaise chomh tógálach is atá an t-athraitheach Delta den víreas. Tá cás níos láidre fós ag daoine leochaileacha, iad sin atá imdhíonlagaithe.

Tá seachantacht an Aire Sláinte, Robin Swann faoin gceist agus siléig an Fheidhmeannais in Stormont ag cothú spairne agus míshuaimhnis. Dúirt an Dr Tom Black, cathaoirleach an BMA (Cumann Leighis na Breataine) i dTuaisceart Éireann go raibh sé de cheart ag othar fios a bheith aige/aici an raibh a chúramóir vacsaínithe. D’aontaigh stiúrthóir cheann de na hIontaobhais atá freagrach as ospidéil, Séamus O’Reilly, leis. Níor dhúirt ceachtar acu gur cheart daoine gan vacsaín a bhriseadh as a bpostanna agus ar ndóigh níor cheart.

Ba é freagra Robin Swann, an tAire Slainte ar a dtuairim nach mbeadh sé ‘compordach’ le socrú ar bith a cheadódh d’othar an t-eolas sin a fháil. Seans gurb é a bhí i gceist aige nár mhaith leis go mbeadh othair in ann dochtúirí, altraí, paramhíochaineoirí nó cúramóirí eile a cheistiú faoina stádas.

D’fhéadfaí an ceistiú aghaidh ar aghaidh a sheachaint dá mbeadh an córas in ann a dhearbhú nach mbeadh éinne neamhvacsaínithe ag déileáil le hothair. D’fhágfadh sé sin go gcaithfí daoine áirithe a chur ar mhalairt dualgas, beart anróiteach nuair atá na hospidéil ar fad ag cur thar maoil agus ganntanas foirne iontu. Ní cúis mhaith í an deacracht sin áfach chun aon duine a chur i mbaol.

Tá an dlí á chur ar Iontaobhais Sláinte mar gheall ar roinnt cásanna ina bhfuair daoine bás le linn na paindéime. Ar an leibhéal is praiticiúla bheadh sé ciallmhar go seachnódh an córas sláinte aon dúshlán dlí eile. Ó tá feachtas frithphaindéime an Fheidhmeannais ag brath go huile ar an vacsaíniú faoin tráth seo is deacair an doicheall roimh phlean soiléir don tSeirbhís Sláinte a thuiscint.

An é fuascailt na faidhbe go mbeadh iachall ar oibrithe sláinte glacadh leis an vacsaíniú mura mbeadh cúis bhailí acu le diúltú dó? Agus go n-aistreofaí chuig obair eile na daoine a bhfuil údar dlisteanach acu diúltú don tsnáthaid? Mar is gnách le ceisteanna eitice tá cearta tábhachtacha in iomaíocht lena chéile. Ar láidre ceart príobháideachais an oibrí ná ceart an othair a bheith slán ó bhaol ionfhabhtaithe?

Nach é ‘ná déan dochar’ dualgas doshéanta lucht leighis? Conas is féidir a chinntiú nach ndéanfar dochar má bhíonn oibrí gan vacsaín?

Tá ceannaireacht chróga ar an gceist seo riachtanach ó Robin Swann, ón Roinn Sláinte agus ón bhFeidhmeannas in Stormont.

Fág freagra ar 'Ar cheart vacsaín in aghaidh an Covid-19 a bheith éigeantach do lucht leighis?'

  • Papieran bitte

    ‘Ní éileamh míréasúnta é sin i bhfianaise chomh tógálach is atá an t-athraitheach Delta den víreas’……ach amháin gur éileamh míréasúnta gan bunús eolaíochtúil, bunreachtúil ná mórálta leis. Níor cruthaíodh riamh gur féidir le daoine nach bhfuil tinn an víreas a scaipeadh. Tugadh an raiméis/bréag sin isteach ‘ar eagla na heagla’ ag tús na paindéime chun bunús a thabhairt do gach aon sárú ar bhunchearta an duine a rinneadh ó shin. Bhuel, bíodh acu lena mbréag nó tá cruthaithe nach aon chosaint ón ngalar iad na vacsaíní, gur féidir an víreas a tholgadh agus a scaipeadh (dar ndóigh slogtar suas le míle víreas éagsúil isteach sa chorp le gach aon anáil, gach cúpla soicind, beag beann ar mhasc srl, is é an córas imdhíonachta a chinneann a bhfuil i ndán don duine) fiú i ndiaidh vacsaíne. Mura mbactar tarchur an víris i measc na ndaoine vacsaínithe cad is fiú pas vacsaíne? (gan trácht ar argóintí eile ina n-éadan nár cheart a bheith de dhíth i dtír shibhialta). Nach bhfuil loighic an bhunbhréig faoin scaipeadh éig-chomhartha chomh ‘bailí’ i leith iadsan a ghlac na vacsaíní in éadan athraitheach ‘Alfa’ an víris (dar ndóigh ní hann do vacsaín in éadan an athraithigh ‘Delta’) agus atá i gcás iadsan a thug neamhaird don bholscaireacht seo ar fad le dhá bhliain anuas (.i. tráth nach mbíonn ár mbunchearta á sárú go mídhleathach ag na húdaráis agus gach sárú cúltacaithe faoi dheoidh le bagairt an fhoréigin stáit)? Ní oibríonn na vacsaíní cé go maítear gur lú an baol de dhroch-chomharthaí, ach mar is eol do chách is beag an baol go bhfaigheadh 80% den phobal comhartha ar bith, ‘s gan ach 3% den phobal i mbaol droch-chomarthaí agus níos lú ná 1% i mbaol báis (ní faic é sin ach cad chuige is ceart na billiúin agus na trilliúin euro a chur amú ag díriú isteach orthu sin atá slán ón víreas agus gan rud ar bith déanta dóibh siúd atá i mbaol). Tá cruthaithe i gcás Pfizer cheana go ndearnadh cúbláil i gcás shonraí na dtrialach éifeachtúlachta mar sin níl aon fhianaise ann gur fiú a dhath é vacsaín Pfizer. Admhaíonn J&J féin nach mbíonn ach cosaint 3% ag a vacsaín féin tar éis cúpla mí. ‘Ní éileamh míréasúnta’ é a scríobh tú? mar dhea, vacsaín thurgnamhach gan rath don víreas mícheart a bheith éigeantach? Dáiríre? D’úsáid na cuideachtaí cógaisíochta ar fad na cill-línte HEK293, cealla a fhástar go síoraí ó dhuán linbh a maraíodh sa bhroinn sna 1970idí, i dtástáil nó i dtáirgeadh na vacsaíní. Tá sé scannalach go nglacfadh duine ar bith leo fiú chun soicind amháin a chur lena saol dar liom féin ach glacaim nach tuairim an mhóraimh é sin ach ba fhearr liom mo bhás féin ná ‘leigheas’ chomh gránna sin ach ceapaim tú go mbeadh sé réasúnta é sin a bhrú ar dhuine? Tá na mílte maraithe ag na vacsaíní agus na céadta mílte gortaithe acu, agus fiú más braoiníní san fharraige iad na figiúirí sin i gcomparáid le líon na vacsaíní a tugadh le/nó gan toil na ndaoine ar tugadh dóibh iad, ba dhaoine iad an tromlach a maraíodh agus a gortaíodh nárbh fiú a dhath na vacsaíní dóibh ar aon chuma nó níorbh aon bhaol dóibh é covid ar an gcéad dul síos agus scéalta ag teacht amach fúthusan a maraíodh agus a gortaíodh díreach chun a bpost a shábháil i SAM, bheul chaill siad a bpost sa deireadh mar aon lena mbeatha nó caighdeán beatha de réir an cháis, an bhfuil sé sin ‘réasúnta? Is é córas imdhíonachta an duine féin a chruthaíonn an ‘galar’ ar a dtugtar Covid; an t-anfa cíteachaíne, is é sin an chúis nach n-éiríonn gach éinne tinn ón víreas ar an gcéad dul síos, rud a bhaineann le mionlach beag den daonra nár caitheadh oiread agus pingin go fiúntach go fóill chun iad a chosaint agus iad damnaithe dá réir ag na beartais gan rath atá á gcur chun cinn, cén mhaith dóibh do vacsaín nó do ‘phas vacsaíne’? Bíodh a fhios agaibh gurb iad na háiteanna is vacsaínithe ar domhan na háiteanna is mó cásanna covid; Iosrael, Singeapór, Giobráltar, an Íoslainn agus Éire agus is ag an gcontae is vacsaínithe in Éirinn .i. Port Láirge, an áit ag a bhfuil an ráta is airde (ó thaobh daonra) cásanna in Éirinn faoi láthair. Anois scéal eile iad na tástálacha PCR ach fágfaidh mé é sin do ghearán eile. ‘Ní éileamh míréasúnta’ é a scríobh tú ach deirim féin a mhalairt ghlan; is éileamh aineolach, contúirteach mímhorálta é a shamhlófaí le Naitsíocha na Gearmáine nuair a chruthaigh siad an Gesundsheit pas, pas a úsáideadh chun an pobal a scarúint agus agus chloí sna 1930idí, tá ag éirí leis an modh oibre céanna arís eile is cosúil, más sna ’30idí’ atá muid guím le Dia go músclóidh an tromlach sula mblasfaimid na ’40idí’.

  • Antóin

    Beidh an Éirne ‘na tuilte tréana is réabfar cnoic,
    Beidh an fharraige ‘na tonnta dearga is an spéir ‘na fuil
    beidh gach gleann sléibhe ar fud Éireann is móinte ar crith
    lá éigin sula músclóidh Roisín Dubh.

    Mór an trua nach bhfuil iriseoirí sna meáin Ghaeilge toilteanach aghaidh a thabhairt ar na fírinní atá san fhreagra thuas.