Ar bhóithrín na smaointe le Cláirsí na Finne

Go dtí an lá atá inniu ann féin ní dheántar dearmad ar an doicheall a bhí ar lucht seanbhunaithe an tsacair foireann cábóga a ligean in aon leaba leo féin

Ar bhóithrín na smaointe le Cláirsí na Finne

Níl sé i bhfad ó chaith mé cúpla lá ar bhruach Loch Iascaigh i gcomharsanacht Bhaile Dhún na nGall. Ba scafánta an t-ógánach a bhí ionam blianta fada ó shin nuair ba nós liom siúl ina timpeall agus mé ag obair sa gceantar. Tá mé ag ceapadh go raibh os cionn seacht míle ar fad ann.

Is faide ná sin arís bóithrín na smaointe agus nuair a buaileadh seanchomrádaí liom níorbh iontas gur bhain muid cúpla uair an chloig amach ag tabhairt na laethanta órga chun cuimhne – cuairteanna ar na Cruacha Gorma, sciuirdeannatras teorann agus, mo léan, oícheanta ragairne san am sin den saol nach mbíodh oiread sin foinn ar óstóirí “daoine uaisle” a thabhairt ar a gcuid custaiméirí agus an clog ag drannadh leis an meán oíche.

Ar Pháirc na Finne a bhíodh ár dtriall ar an Domhnach, ach na Cláirsí a bheith ag imirt ag baile i mBealach Féich. Bhí cúpla bliain caite acu i Sraith Sacair na hÉireann ag an tráth sin agus go dtí an lá atá inniu ann féin ní dheántar dearmad ar an doicheall a bhí ar lucht seanbhunaithe an tsacair foireann cábóga a ligean in aon leaba leo féin.

Ag an gcruinniú bliantúil de Choiste an FAI ag ar pléadh an t-iarratas i 1969 sheas toscaire Cork Hibernians suas agus d’fhiafraigh, “If you get elected to the League, how do you expect Cork Hibs to get to Donegal?”.

Ar dhuine d’onadaithe na gCláirseach an oíche sin bhí Patsy McGowan, an bainisteoir ba thúisce a bhí orthu agus an té a bhí ina gceannas nuair ab fhearr iad. Ní raibh sé i mianach Patsy iomarca ómóis a thabhairt d’aon duine, go háirithe iad siúd a cheap go mba iad féin a rug iad féin. “Mr. Morrissey, if we get admitted, we will get to Cork. How you get to Donegal is your affair.”

Glacadh isteach leo, ach fós níor chuir sin lucht na fonóide ina dtost.

 

“My God. They have elected a team with a set of goalposts and two junior players to the league,” a dúirt iriseoir sacair de chuid an Sunday Press an Domhnach dar gcionn.

Fíorbheagán púdair lena scaoilfeadh siad urchar ar ais a bhí i ngunnaí na gCláirseach nuair a thosaigh séasúr sacair na hÉireann an fómhar dar gcionn. Bhuaigh Ruagairí na Seamróige 10-2 orthu i gCorn Chathrach Átha Cliath. 

“Nach maith a dúirt mé leat é,” a dúradar siúd a bhí te, teolaí faoi chluthar na mballaí a bhí tógtha acu féin.

In imeacht cúpla bliain ní raibh acu ach a gcuid cainte a shlogadh. Faoi threoir a gCathaoirleach Fran Fields agus a mbainisteoir stuama McGowan bhuaigh siad an comórtas ina bhfuair siad an greadadh i 1971-72, rud a thug áit i gCorn UEFA dóibh. An séasúr dar gcionn bhíodar ar ais san Eoraip, an babhta seo i gComórtas Bhuaiteoirí na Corn, mar go mba cois Finne a bhí Corn cáiliúil an FAI.

‘Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éicint’ a deirtear. Chuaigh socrú Chonstáblacht Ríoga Uladh i 1971 nach raibh sé sábháilte cluichí i Sraith Sacair an Tuaiscirt a imirt sa Brandywell go mór i dtairbhe na gCláirseach. Chaith peileadóirí Chathair Dhoire séasúr ag imirt i gCúl Rathain, 48km ó bhaile. Ba léir ón tús go mba socrú é nach raibh aon rath i ndán dó. Tháinig laghdú suntasach ar an tinreamh agus ar an teacht isteach. Rinne údaráis an chumainn iarratas ar fhilleadh ar Dhoire. Diúltaíodh dó sin d’aon vóta amháin.

In aghaidh a dtola d’éirigh an cumann as agus níor facthas sacar shinsearach i nDoire arís go ndeachaigh siad isteach i Sraith na hÉireann i 1985.

Níor tréigeadh imirt an tsacair ansiúd ar ndóigh. Ach nuair nach raibh fonn ar na peileadóirí ab fhearr ann imirt d’fhoirne i Sraith an Tuaiscirt a mba dílseoirí lucht a leanta – ná go deimhin aon fháilte rompu iontu siúd, thug siad a n-aghaidh trasna na teorainn ar Chláirsí na Finne.

Ba as Ráth Maoláin do Jim Sheridan, an Garda a bhí ina chaptaen ar a bhfoireann siúd a bhuaigh Corn an FAI i 1974 nuair a bhuaigh siad 3-2 ar Naomh Pádraig sa gcluiche ceannais, ach ní raibh de chomhghleacaithe Chonallach acu ach an báireoir Gerry Murray agus an cosantóir Paddy McGranaghan.

Aneas as Sligeach a tháinig an t-ógánach 20 bliain Paul Magee a d’imir 15 uair le foireann na hÉireann ina dhiaidh – mar aon le 15 club sa tír seo, i Sasana, san Olainn, i gCeanada, i Sasana agus sa Tuaisceart.

Ba as Doire an seachtar eile: Peter Hutton, John Smith, Tony O’Doherty, Paddy McGrory, Declan McDowell, Charlie Ferry agus an ‘meaisín-scórála’ is fearr a facthas riamh i Sraith Sacair na Éireann, Brendan Bradley.

19 bliain a bhí Bradley nuair a thug Patsy McGowan £100 do Dhoire air agus na Cláirsí réidh le tabhairt faoi Shraith ne hÉireann. Sa séasúr ba thúisce scóráil sé 18 cúl, 20 an ceann dar gcionn agus 18 arís i 1971-1972.

Scaip sin a cháil i Sasana agus thug Lincoln City £6,000 ar é thabhairt ansiúd i mí Iúil 1971. Cé gur scóráil sé 11 cúl sna 18 cluiche ba thúisce a d’imir sé, thriomaigh an tobair.

 

Bhí cumha i ndiaidh an bhaile ar Bradley ar aon nós agus níorbh iontas nuair a d’fhág sé Lincoln ag deireadh an tséasúir go mba ar Chláirsí na Finne a d’fhill sé. Ba bheannaithe an lá dóibhesan sin freisin.

Bhí tosach eile as Doire ar na leabhair acu siúd faoin tráth seo freisin – Tony O’ Doherty, fear a raibh imeartha aige don Tuaisceart agus a thug aghaidh ar Bhealach Féich tar éis do chathaoirleach na gCláirseach, Fran Fields, áitiú ar 40 comhlacht áitiúil £100 an ceann a thabhairt dó a d’íocfadh an táille £4,000 a bhí Cúl Rathain ag iarraidh ar an Dochartach. 

Ba an bua ar Naomh Pádraig (3-2) i gCluiche Ceannais an Choirn 1974 buaic Brendan Bradley leis na Cláirsí. Ba é a scóráil péire dá gcuid cúil ar Pháirc Chnocáil an Dálaigh an lá sin. D’aimsigh sé 21 cúl i Sraith na bliana agus ocht gcinn lena chois sin sa gcomórtas céanna i 1975-76 – orthu sin bhí leathdhosaen ar fuair sé in aghaidh Ruagairí Shligigh in aon chluiche amháin. Thuill a ghaiscí an gradam ‘Imreoir Sacair na Bliana’ dó.

Go dtí an lá atá inniu ann tá níos mó cúil scóráilte aige i Sraith Sacair na hÉireann ná atá ag aon duine eile – 235.

Fág freagra ar 'Ar bhóithrín na smaointe le Cláirsí na Finne'