‘Strange perversion: to strand by the roadside watching those who pass and events, and from this drama – which excludes you, the spectator – to arrive at ‘ideas’, which you neatly record.’
In For Two Thousand Years, aistriúchán Philip Uí Cheallaigh ar úrscéal iomráiteach Mihail Sebastian, scríbhneoir ón Rómáin, a tháinig mé ar an líne thuas.
Cur síos níos cumhachtaí ar an uaigneas a bhaineann le nádúr gach uile scríbhneora ní fhaca mé riamh.
Giúdach a bhí i Mihail Sebastian agus tharla gurbh é teacht chun cinn an fhaisisteachais sa Rómáin an dráma a raibh sé ag breathnú air agus ag breacadh síos nótaí ina thaobh; sa bhliain 1934 a foilsíodh For Two Thousand Years.
Ach baineann uaigneas an scríbhneora le chuile aois agus le scríbhneoirí ó chuile chúlra. An lá cheana mhothaigh mé féin é agus sciuird á tabhairt agam ar an bhféile sráide is mó ar domhan, más fíor – carnabhal Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orm. Seacht lá a mhaireann an scléip; tráthnóna Domhnaigh a shocraigh mé féin blaiseadh a fháil di. Seo liom, ar mo rothar. Bhí na céadta míle duine ar an mbóthar, ríméad ar chuile dhuine, meangadh ó chluas go cluas fiú ar na scórtha míle díoltóirí beorach a mbíonn orthu codladh ar an sráid ar feadh seachtaine ar eagla go dtógfaidh díoltóirí beorach eile uathu an cúpla méadar cearnach a stang siad dóibh féin agus dá mboscaí fuara polaistiréine.
Meathgháire féin níor tháinig ar m’aghaidh féin. Bhí an éagothroime ar fad ag cur as dom, mar a bhíonn i gcónaí, ach bhí cúis eile ann nach raibh mé in ann ligean liom féin fiú agus canna beorach faoin bhfiacail agam.
Caithfidh duine éigin cur síos a dhéanamh air seo ar fad, a dúirt glór i m’aigne. Tusa an duine sin.
Ach tá sé sin déanta agam na mílte uair, a d’fhreagair mé. I dtuairiscí, i gcolúin, i ngearrscéalta agus in úrscéalta. Tá mé ag iarraidh páirt a ghlacadh sa spraoi an uair seo, a bheith mar chuid den phobal in ionad a bheith i gcónaí ar an taobhlíne ag breacadh síos nótaí.
Ansin, chuala mé glór taobh thiar díom.
‘An dtabharfaidh tú síob dom?’
Fear óg gorm a bhí ann, gan aon léine air agus canna beorach ina ghlac, é ar a bhealach, a dúirt sé, chuig teach solais Barra chun páirt a ghlacadh i bparáid an bhanna Olodum, a bhí le tosú ansin gan mhoill.
Níor fhéad mé diúltú dó. Is mar sin a chuireann an bheirt phríomhcharachtar san úrscéal atá díreach críochnaithe agam aithne ar a chéile: síob rothair á hiarraidh ag fear amháin ar an bhfear eile. Ní duine creidmheach mé – ach duine piseogach, cinnte. An saol ag déanamh lomaithrise ar mo chuid scríbhneoireachta féin? Ní fhéadfadh sé ach gur chomhartha a bhí ann.
‘Seo linn!’ a dúirt mé. Shuigh an fear ar bharra uachtair fhráma mo rothair, a dhá chos ar thaobh na láimhe clé, agus d’imigh muid linn tríd an slua, na súile ar fad orainne toisc go raibh cloigín mo rothair á bhualadh ar feadh an ama ag an bhfear. Ar feadh cúpla nóiméad, bhí mé páirteach sa charnabhal.
Fág freagra ar 'Ar an taobhlíne a bhíonn an scríbhneoir, dá ainneoin féin'