Ar a laghad tá aithne níos fearr á cur againn ar iriseoirí Shasana…

Fuair muid léargas ar chlár teilifíse an tseachtain seo ar an gcorraíl intinne a bhaineann leis an mBreatimeacht i measc na bpolaiteoirí thall

Ar a laghad tá aithne níos fearr á cur againn ar iriseoirí Shasana…

Aon duine a bhíonn ag leanacht scéal an Bhreatimeachta sna meáin sa Bhreatain, tá aithne curtha acu le cúpla mí anuas ar na comhfhreagraithe, na heagarthóirí agus na tuairisceoirí polaitiúla thall. Bíonn siad ar na  scáileáin agus ar na haerthonnta maidin agus tráthnóna, gan trácht ar a bheith ar na cnaipí ag giolcaireacht.

Ar dhuine díobh sin, tá eagarthóir polaitíochta an BBC, Laura Kuenssberg, a bhfuil bealach an-taitneamhach aici, agus go deimhin féin, bealach barrúil go minic, na heachtraí in Westminster a chur inár láthair. Gan amhras tá eolas mion ar an bpolaitíocht aici ach tá bua iontach aici freisin maidir lena cuid tuairiscí a chur i dtoll a chéile.

Nuair a bhí cruinniú mullaigh ag rialtas na Breataine in Chequers an samhradh seo caite, bhí Kuenssberg ina seasamh i ngarraí coirce taobh leis s agus í ag trácht ar chúrsaíbéal dorai. Ag meabhrú dúinn a bhí sí gur dhúirt Theresa May gurb é an rud is dána dá ndearna sí ina hóige ná bheith ag rith trí gharrantaí coirce gan chead.

Is leis an gcruinniú céanna sin ag Chequers an samhradh seo caite a thosaigh an clár faisnéise ar BBC2 an tseachtain seo inar leanadh Laura Kuenssberg agus í ag obair ar scéal an Bhreatimeachta.

Tugadh deis dúinn ar an gclár a bheith ag cúléisteacht léi agus í ag caint le cuid de na príomhphearsana sa scéal seo. Fuair muid léargas ar an gcorraíl intinne a bhaineann leis an mBreatimeacht i measc na bpolaiteoirí. Cruthúnas, má theastaigh sin, gur cogadh cathartha i measc na gCaomhach an scéal seo óna thús. Caomhaigh den chuid is mó a bhí páirteach sa gclár dá bharr. Tá aird ar leith, ní nach ionadh ar an ERG agus iad céasta ag a gcuid machnaimh. Chonaic muid cuid de na fir seo, agus is fir iad den chuid is mó, agus na deora leo. Iad go mór trí chéile ag an gcoimhlint idir leas na tíre, dílseacht don pháirtí agus a gcuid tuairimí pearsanta féin.  Bhí sé soiléir in go leor cásanna go bhfuil aithne ag na polaiteoirí seo ar an iriseoir agus go bhfuil muinín acu as a cuid tuairimí agus a cuid anailíse. Fágann sin go labhraíonn siad léi go hoscailte.

Tugadh léargas dúinn freisin ar an bPríomh-Aire Theresa May. Bhí agallamh á shocrú leis an bPríomh-Aire ag Laura Kuenssberg ag Comhdháil na gCaomhach. Dúirt an t-iriseoir linn dgo mbíonn an Príomh-Aire go hiomlán dírithe ar a mbíonn le déanamh aici agus í an-dáiríre faoi. “She doesn’t do small talk,” arsa Kuenssberg.

Agus bhí an teannas ag an gcomhdháil le brath sa gclár, súil ag chuile dhuine go mbeadh gach rud ina cheart agus nach gcuirfí aon mhoill ar chúrsaí ach imní orthu freisin. Is beag mionchomhrá faoin aimsir ná faoin radharc álainn ó ionad na comhdhála a chualathas.

Seo linn gan mhoill. Tuairim amháin faoin bPríomh-Aire a chuaigh i gcion orm féin. Ní éisteann sí, a dúradh linn. Cúpla uair féin a dúradh é go deimhin.

Bhí sé spéisiúil an sobaldráma seo a fheiceáil trí shúile Kuenssberg. A thromchúisí agus a bhí torthaí na vótaí go dtí seo. An easpa muiníne, ní hamháin sa socrú leis an Eoraip, ach sa rialtas, agus sa gcóras polaitiúil. Gan trácht ar an easpa muiníne ag na polaiteoirí ina chéile. Ní bhfuair muid aon leide nua faoi céard a tharlóidh idir seo agus deireadh an scéil, ach cuireadh ar ár súile dúinn gur bheag an seans a bhí ann riamh go n-éireodh le cur chuige Theresa May.

Ba léir sin, a dúradh, ó mhiontuairiscí an chruinnithe in Chequers. Ní raibh aon ghlacadh riamh le moltaí an Phríomh-Aire i leith ceann de na tionscnaimh pholaitiúla is mó dár tugadh aghaidh orthu riamh, arsa Laura Kuenssberg.

Ach níl aon duine saor ó locht faoin bpraiseach atá déanta. Níl againn ach fanacht leis an gcéad ghníomh eile sa dráma.

Ar a laghad beidh leithéidí Laura Kuenssberg ar chúl an stáitse againn.

Fág freagra ar 'Ar a laghad tá aithne níos fearr á cur againn ar iriseoirí Shasana…'