Aonad na nEilfeanna ar an gCeathrú Rua ag fanacht ar litreacha chuig Santaí…

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag cabhrú arís leis na heilfeanna Gaeltachta litreacha Gaeilge ó ghasúir na hÉireann a chur ar aghaidh chuig Fear na Féasóige ag an Mol Thuaidh

Aonad na nEilfeanna ar an gCeathrú Rua ag fanacht ar litreacha chuig Santaí…

Tá Aonad Eilfeanna na Ceathrún Rua oscailte an athuair agus an comhoibriú idir é agus an Mol Thuaidh ar bun arís i mbliana, dar le Tuismitheoirí na Gaeltachta, a ligeann do na heilfeanna a gcuid oibríochtaí a bhunú in oifig na heagraíochta sin.

Tá baill Thuismitheoirí na Gaeltachta ag cabhrú leis an Aonad le litreacha Gaeilge ó ghasúir a chur chuig Santaí. Tá bosca speisialta san oifig ar an gCeathrú Rua agus beidh deis ag gasúir a gcuid litreacha chuig Fear na Féasóige a chur síos ann.

Tá fáilte roimh litreacha sa phost, freisin, ó gach cearn den tír, chuig: Litir chuig Santaí, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.

Beidh Santaí féin, nó ionadaí dá chuid, ag teacht chuig an gCeathrú Rua go deireanach san oíche ar an 9 Nollaig leis an mbosca litreacha a bhailiú agus a thabhairt ar ais go Ceannáras na Nollag ag an Mol Thuaidh. Ní mór mar sin, na litreacha a chur isteach roimh an dáta sin, sa chaoi is nach mbeidh ar Shantaí na réinfhianna a thabhairt ó dheas go Conamara arís idir sin agus Oíche Nollag, nuair a bheidh sé ar camchuairt ar fud na cruinne.

Léifidh Santaí agus a bhean na litreacha go cúramach san oifig sula bhfreagróidh siad iad. Tuigtear do Tuairisc.ie gur minic gurb í Mrs Claus, ar fearr i bhfad a scileanna peannaireachta, a scríobhann na litreacha agus Santaí ag labhairt os ard lena taobh.

Ní raibh Santaí ar fáil nuair a ghlaoigh Tuairisc.ie ar Cheannáras na Nollag ach dúirt Ard-Eilf na Ceathrún Rua le Tuairisc.ie gur tháinig beagnach 650 litir trí Aonad na nEilfeanna i gConamara anuraidh agus go bhfuiltear ag súil le méadú ar an bhfigiúr sin i mbliana.

Tháinig litreacha ó gach uile cheann de na ceantair Ghaeltachta anuraidh chomh maith le háiteanna eile ar fud na hÉireann. Tháinig litreacha ó Ghaeil bheaga thar lear freisin, agus iad ag scríobh ó Mheiriceá, an Bhruiséil, Ceanada, an Bhreatain, an Astráil agus an Fhionlainn.

Ní mór do na gasúir a bheith foighdeach agus iad ag fanacht le litir phearsanta ó Shantaí, ach tabharfar freagra ar gach uile cheann acu.

D’iarr oibrithe beaga Shantaí ar an gCeathrú Rua a bheith cinnte go gcuirtear stampa ar an gclúdach litreach agus go scríobhtar ainm agus seoladh an ghasúir go soiléir ar an litir féin.

Fág freagra ar 'Aonad na nEilfeanna ar an gCeathrú Rua ag fanacht ar litreacha chuig Santaí…'