‘Aoife’ is ‘Liam’ ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge is coitianta, ach ‘Róisín’ agus ‘Cathal’ ag déanamh dul chun cinn

De réir liosta na n-ainmneacha is coitianta ar phasanna in 2017, is iad ‘Aoife’ agus ‘Liam’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar pháistí, ach bhí ‘Bowie’, ‘Elvis’ agus ‘Ronaldo’ gob ar ghob le leithéidí ‘Máirtín’

‘Aoife’ is ‘Liam’ ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge is coitianta, ach ‘Róisín’ agus ‘Cathal’ ag déanamh dul chun cinn

Is iad ‘Aoife’ agus ‘Liam’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta a tugadh ar pháistí in Éirinn in 2017, de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.

De réir liosta na n-ainmneacha is coitianta ar phasanna a tugadh do shaoránaigh faoi bhun trí bliana d’aois in 2017, is iad ‘Aoife’ agus ‘Liam’ atá ar bharr an liosta ó thaobh na n-ainmneacha Gaeilge, mar a bhí le roinnt blianta anuas.

Bhí ‘Oisín’, ‘Niamh’, ‘Darragh’ agus ‘Cian’ ar chuid de na hainmneacha Gaeilge eile ba choitianta a tugadh ar ghasúir anuraidh.


 

 

 

 

 

 

 

 

 


Agus táblaí na n-ainmneacha Gaeilge á gcur le chéile ag Tuairisc.ie cuireadh as an áireamh ainmneacha áirithe a raibh galldú déanta ar a litriú.

Ar liosta na gcailíní, léim ‘Aoife’ ón seachtú háit in 2016 go dtí an tríú háit anuraidh. Ba é an t-aon ainm Gaeilge  a bhí i measc na deich n-ainm ba choitianta do chailíní.

Tháinig dhá athrú ar liosta na deich n-ainm Gaeilge ba choitianta agus ‘Róisín’ agus ‘Áine’ ar liosta na bliana seo.

Ba é ‘Liam’ an t-ochtú hainm ba choitianta do bhuachaillí, agus é san áit chéanna a bhí sé ar mhórliosta 2016. Bhí ainm nua amháin ar liosta na deich n-ainmneacha Gaeilge ba choitianta i measc buachaillí in 2017, sin é ‘Cathal’. San iomlán, bhí 21 ainm Gaeilge i measc an 100 ainm ba choitianta do bhuachaillí.

De réir an liosta a chuir Oifig na bPasanna ar fáil, ba iad ‘Jack’, a bhí sa tríú háit ar mhórliosta na mbuachaillí in 2016, agus ‘Emily’ a bhí ar bharr liosta na gcailíní anuraidh, na hainmneacha ba choitianta ar ghasúir in 2017.

Bhí tionchar na réalta ceoil agus spóirt le feiceáil ar an liosta iomlán chomh maith. Bhí ‘Elvis’ agus ‘Ronaldo’ chomh coitianta céanna le ‘Máirtín’ ar liosta na mbuachaillí agus bhí ‘Bowie’ níos coitianta fós.


 

Fág freagra ar '‘Aoife’ is ‘Liam’ ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge is coitianta, ach ‘Róisín’ agus ‘Cathal’ ag déanamh dul chun cinn'