Aoibhinn beatha na neamhspleách as seo go dtí lá an olltoghcháin

Beidh a thuilleadh cabhrach á thairiscint ag airí do na neamhspleáigh idir seo agus deireadh ré na Dála..

Aoibhinn beatha na neamhspleách as seo go dtí lá an olltoghcháin

Bhí dhá dhrochscéala sna sála ar a chéile ag an rialtas an tseachtain seo, tar éis d’Eoghan Murphy teacht slán ó vóta muiníne oíche Dé Máirt. Threisigh an dá scéal ar an imní atá ar mhórán cúlbhinseoirí nach mairfidh an Dáil ar feadh sé mhí eile, mar atá beartaithe ag Leo Varadkar agus ag Micheál Martin araon.

Is le 56 vóta in aghaidh 53 vóta a fuair an rialtas an ceann is fearr ar an bhfreasúra (lúide Fianna Fáil, a staon ó vótáil). Tháinig an chéad drochscéal don rialtas go gairid ina dhiaidh sin nuair a chuir Dara Murphy in iúl don Cheann Comhairle go raibh sé ag éirí as a shuíochán Dála. Mar sin, dá mba é an lá dár gcionn a bheifí ag vótáil ar an vóta mímhuiníne mar sin, chaolódh an bhearna idir an rialtas agus an freasúra go dtí 55-53. 

Tháinig an dara drochscéal Déardaoin, nuair a d’fhógair John McGuinness, Teachta Dála Fhianna Fáil i gCeatharlach-Cill Chainnigh, nach staonfadh sé (mar a gheall Fianna Fáil sa chomhaontú muiníne agus soláthair a choinníonn an rialtas ar snámh) dá gcuirfí rún mímhuiníne eile ar chlár na Dála. D’fhágfadh a athrú meoin go gcaolódh an bhearna go dtí 55-54.

Ní raibh an Teachta neamhspleách Thomas Pringle i láthair oíche Dé Máirt, ach dá vótálfadh sé ar son rún mímhuiníne amach anseo, bheadh an dá thaobh cothrom: 55-55.

Ar ndóigh dá mbeadh an scéal amhlaidh choinneodh vóta an Cheann Comhairle (nach vótálann de ghnáth ach a thugann tacaíocht don rialtas má fhágann toradh vótála an dá thaobh ar comhscór) an rialtas i gcumhacht. Ach dá dtarlódh a leithéid bhainfí an bonn go hiomlán d’údarás an rialtais, atá ídithe go mór cheana féin.

Cuimhnítear uaireanta, agus éiginnteacht pholaitiúil mar seo á plé, ar bhriathra a shíltear a dúirt príomh-aire na Breataine Harold Macmillan tráth, nuair a fiafraíodh de cén rud is mó a chuir imní air. “Events, dear boy, events” a mhaítear a dúirt sé. Faraor, níl fianaise ar bith ann go ndúirt sé a leithéid, ach is cruinn éirim an ráitis a chuirtear ina leith. 

Tá sé ráite ag Leo Varadkar agus ag Micheál Martin araon go mbeadh Bealtaine na bliana seo chugainn oiriúnach i gcomhair olltoghcháin, ach níl smacht níos mó acu ar théarma oifige an rialtais.

Breathnaigh arís ar na figiúirí thuas. Abair go molfadh páirtí éigin ar thaobh an fhreasúra rún mímhuiníne eile go luath san athbhliain. Is léir do chách an té is mó a bheadh i gcontúirt: an tAire Sláinte Simon Harris, ar chúiseanna nach gá a ríomh anseo. 

I vóta dá leithéid, bheadh an rialtas ag brath ar thacaíocht triúr neamhspleách: Noel Grealish Michael Lowry, agus Denis Naughten. Fiú dá vótálfadh an triúr sin i bhfabhar Harris, bheadh toradh na vótála cothrom, agus an rialtas ag brath ar vóta an Cheann Comhairle.

Tá sé ráite cheana féin ag Denis Naughten nach dtabharfadh sé féin tacaíocht don rialtas arís mura leasaítear reachtaíocht a bhaineann le ‘Fair Deal’, an scéim faoina n-íocann an stát as billí daoine aosta atá i dtithe altranais.

Dúirt an Taoiseach Dé Céadaoin nach ndearnadh aon mhargadh le Teachta neamhspleách ar bith sular vótáladh ar an rún mímhuiníne Dé Máirt seo caite. Dúirt sé freisin, áfach, go mbítear i dteagmháil i gcónaí le Teachtaí neamhspleácha agus go ndéantar gach iarracht “cabhrú leo” chomh fada agus is féidir. Gan amhras.

Beidh a thuilleadh cabhrach á thairiscint ag airí do na neamhspleáigh idir seo agus deireadh ré na Dála. I bhfianaise eachtraí na seachtaine seo, beidh iontas ar gach Teachta Dála agus ar mhórán eile má mhaireann an ré sin go dtí mí na Bealtaine.

Fág freagra ar 'Aoibhinn beatha na neamhspleách as seo go dtí lá an olltoghcháin'