Anuraidh bhí uibheacha in ocht nead iolair in Éirinn

D’imigh Cill Chais agus d’imigh na fiolair as an tír freisin ach tá iarracht mhór ar bun le tamall ag iarraidh iad a thabhairt ar ais

Anuraidh bhí uibheacha in ocht nead iolair in Éirinn

Dea-scéala go bhfuil ‘an fiolar ag éamh cois cuain’ in Éirinn aríst mar a bhí i gCill Chais go dtí gur fágadh an áit sin ina fhothrach folamh gan aird. D’imigh Cill Chais agus d’imigh na fiolair as an tír freisin ach tá iarracht mhór ar bun le tamall ag iarraidh iad a thabhairt ar ais.

Iolar an t-ainm is coitianta ar an éan breá seo i bhfoclóirí an lae inniu ach thugtaí iolrach air freisin. Tá dhá chineál acu ann, an t-iolar fíréan agus an t-iolar mara.

Chuaigh an t-iolar mara i ndísc in Éirinn sa mbliain 1912. I gContae Mhaigh Eo a chonacthas an péire pórúcháin deireanach acu. Bhí an t-iolar fíréan imithe ón mbliain 1898.

Sa mbliain 2003 a tosaíodh an scéim leis na hiolair a thabhairt ar ais. Tugadh iolair isteach as an Iorua go hÉirinn. Anuraidh bhí uibheacha in ocht nead iolair sa tír agus tháinig ilríní as sé nead acu.

Tá dhá phéire dhéag póraíochta de na hiolair sa tír seo anois. I gCiarraí is fearr atá an t-iolar mara ag déanamh. Rinneadh dul chun cinn maith ansin le bliain anuas.

Tá cruthú ann anois freisin go bhfuil cuid acu ag leathnú amach as Ciarraí de réir a chéile. Is mór an t-údar dóchais é sin don dream atá ag iarraidh a líon a mhéadú.

Bíonn taganna nó clibeanna satailíte ar na hiolair leis an ngluaiseacht a bhíonn fúthu a chlárú.

N í hé seo an chéad uair ar fhág cúpla iolar Ciarraí is cosúil. Sa mbliain 2013 tugadh faoi deara péire iolar ar foluain agus ag faoileoireacht os cionn na sléibhte agus an chósta idir Cloch na Rón agus Baile Conaola i gConamara.

Tá lucht rialtais anseo ag tacú leis an iarracht ar son na n-iolar. Bhí Micheál Martin i dTairbeart i mí Lúnasa seo caite nuair a scaoileadh amach ilríní ansin. Dúirt sé gur chuir sé suim san obair chaomhnaithe seo ón tús. Cruthú soiléir é, a dúirt sé, go bhfuil Éire go mór ar son mholtaí an Choinbhinsiúin Maidir leis an mBithéagsúlacht a chur i bhfeidhm.

Chaithfeadh sé go raibh na hiolair fairsing ar fud na hÉireann fadó más cruthú ar bith an méid áiteanna a ainmníodh astu. Tóg Contae Átha Cliath mar shampla. Tá na háitainmneacha seo ann: Ardán an Iolair, Ard Chnoc an Iolair, Ascaill Chnoc an Iolair, Céide Chnoc an Iolair, Cnocán an Iolair.

Tá ainmneacha den chineál céanna i gcontaetha Chorcaí, Thír Chonaill, Chiarraí, Phort Láirge, Cheatharlach agus na Gaillimhe.

Siar uaim an cuan anseo tá Carraig Iolraigh agus tá Loch an Iolraigh i gCois Fharraige.

Chum an file as Conamara, Féilim Mac Cumhaill amhrán faoi iolrach breá a casadh leis: ‘Ins an ngleann a raibh an fear marbh ann a casadh an t-iolrach mór liom,

Nár gheall le dúchán móna é go prámhaí ina shuí.’

Thug Pádraig Ó Conaire samhail dheas d’iolar ina leabhar Deoraíocht. Ar seisean, ‘Is cosúil le seanleon a bheadh gonta nó iolar na haille a chaillfeadh lúd na sciathán mé.’

Fág freagra ar 'Anuraidh bhí uibheacha in ocht nead iolair in Éirinn'