Ansin spréach an gruaigeadóir – idir teannas agus dóchas sna siopaí athoscailte

Tá lucht gnó agus a gcustaiméirí ag dul i dtaithí ar an saol nua agus ar na treoirlínte oifigiúla

Ansin spréach an gruaigeadóir – idir teannas agus dóchas sna siopaí athoscailte

Chuir mé suim sna scéalta éagsúla a bhain le cúrsaí gnó nuair a d’athoscail siad an tseachtain seo. Meascán a bhí ann, idir mhaith is olc. Áthas ar chuid de na daoine, brú agus teannas ollmhór ar dhaoine eile.

Gar domsa, tá an gruaigeadóir agus an bearbóir araon ag obair seacht lá na seachtaine idir seo agus Oíche Nollag.

Ní raibh mé suite ag an doirteal uisce nó go raibh sí ag iarraidh coinne eile gruaige a thabhairt dom don Nollaig. Is léi féin an gnó agus cé nach bhfuil sí sa mbaile ach achar gearr th’éis dul faoi scian, fós féin bhí sí istigh agus i mbun oibre in aice liom lena leabhar nótaí agus an fón póca.

Bhí liosta mór fada aici de dhaoine a bhí ar ‘liosta feithimh,’ dúirt sí liom. Bhí liosta eile aici díobh sin a d’fhág teachtaireachtaí ar a fón póca. Gach duine ag iarraidh coinne gruaige.

Tháinig an fáilteoir chuici le leithscéal ó chustaiméara amháin a bhí ag cur coinne ar ceal toisc, a dúirt sí, go ‘raibh a máthair ag fáil bháis’. Bhí an coinne i gceann uair an chloig.

Spréach sí.

‘Ní fhéadfadh sé gur thosaigh sí ‘ag fáil bháis’ díreach anois!’ a bhéic sí.

Chuamar ar fad ar ár dteitheadh taobh thiar de na tuáillí.

Bhí an custaiméara ag iarraidh an coinne a athrú, a dúirt an fáilteoir agus í ag éirí neirbhíseach.

Spréach sí arís.

‘Ní chreidim an scéal sin,’ scread sí.

‘Tá liosta mór fada agam de dhaoine a mbeadh an coinne sin tógtha acu roimhe seo – cén chaoi ar féidir liom glaoch ar aon duine acu anois?’

Ach smaoinigh sí ar sheift nuair a chiúnaigh sí síos.

Chroch sí an fón. ‘Hello, Mary,’ a dúirt sí go deisbhéalach, ciúin.

‘An mbeadh aon duine in ann síob a thabhairt duit chugainn anseo – tá oscailt agam i gceann leathuaire? Bheadh? Togha, feicfimid ansin tú,’ arsa sí go deas cineálta.

Ní haon mhaith don ghruaigeadóir anois ceist a chur ort faoi do chuid laethanta saoire – ‘Going anywhere nice?’

Mar sin, thosaigh mise agus mo chailín féin ag caint faoi cheannach ar an idirlín.

‘Bhí mé breá luath i mbliana agus bhí bronntanas Nollag ceannaithe agam dom’ iníon cúig bliana,’ a thosaigh sí. Gheall an siopa bréagán go seachadfaí an beart lá nó dhó ina dhiaidh sin. Bheadh sin go breá, toisc go mbeadh an cailín beag ar scoil ag an am a luadh.”

Ach níor tháinig sé. Agus níor tháinig sé an lá dár gcionn.

Sea, tá an ceart agat, tháinig sé maidin Dé Sathairn agus gach éinne sa mbaile.

‘Dá bhfeicfeá mé,’ a dúirt sí liom, ‘crochta amach fuinneog an árasáin, ag impí ar an ‘courier’ an beart mór a fhágáil as amharc go mbeadh deis agam rith síos agus é a chur i bhfolach.’

‘Céard a bhí sa mbeartán sin?’ a d’fhiafraigh an cailín beag a bhí ag faire ar an dráma.

‘Cathaoir,’ a dúirt mo chailín – ‘cathaoir, don obair.’

Chaith an páiste cúpla lá ina dhiaidh sin, ag cuartú na cathaoireach go bhfeicfeadh sí cén sórt ceann a bheadh ag teastáil ó ghruaigeadóir.

Tá an-chion agam anois ar an mbúistéara ar chuir muid aithne air le linn na siúlóidí laethúla.

D’fhan seisean oscailte an t-am ar fad agus an chuma air go ndearna sé go maith as.

Rinneadh athchóiriú iomlán ar an siopa agus tá foireann mhaith ag obair aige. Cheap mé go mbeinn róluath dó an lá cheana, ach bhí sé oscailte romham ag a deich chun a hocht agus bean amháin istigh romham.

Siúlóid sheachtainiúil taobh istigh den 5km a thugann suas chuig ceantar Mhuirfean agus an búistéara O’Reilly’s muid. Le teacht na Nollag bhí raifil ar bun aige – tá a ghnó 60 bliain san áit chéanna.

Rinne mé comhghairdeas leis as ucht a shuímh idirlín dheas, sothuigthe. Ach fiú amháin ansin, bhí teannas le brath.

D’inis sé dom go bhfuair sé glaoch ó bhean a dúirt go raibh sí ‘ar an eolas go maith faoi chúrsaí ríomhaireachta’ (ní tús maith é sin) agus ‘nach raibh sí in ann bun ná barr a dhéanamh den ordú idirlín ar a shuíomh’. Ghabh sé leithscéal léi agus é ag ceapadh gur obair in aisce a bhí sa suíomh.

Le lá nó dhó anuas, tá mé ag tabhairt faoi deara cé mar atá daoine ag dul i dtaithí ar na treoirlínte oifigiúla.

Bhí caifé amháin ar an gCarraig Dhubh ag déanamh iarracht an scaradh a chur i bhfeidhm le boird a bhí ‘coinnithe’.

Bhí bord feiceálach amháin, mar dhea, ‘curtha in áirithe do Mary Lou McDonald agus Leo Varadkar’.

Ach chonaic mé caifé eile inniu nach raibh aon scaradh sóisialta le sonrú ann agus gan fuinneog ná doras ar oscailt ann.

Níl aon dabht ach gurb iad na pubanna is measa atá buailte. Tá pub thuas ar an N11 an ‘Galloping Green,’ agus tá sé de cháil air go raibh an-bhaint aige le Seán Ó Riada. Tá a phictiúr crochta ar an mballa le fada an lá.

Ósta ar an tseanstíl – bheadh tú ag súil nach n-athródh sé ar bhealach ar bith go deo.

Le tamall maith tá comharthaí sa bhfuinneog ag rá go raibh siad ag súil le hoscailt go luath. Ansin dúradh go raibh siad ag súil go n-osclóidís sa bhfómhar. Ansin bhí fógra ann go raibh siad ag súil le hoscailt ‘am éigin’.

Thriail siad deochanna agus piontaí ‘beir leat’ ach chuaigh sé rite leo de bharr deacrachtaí páirceála agus gan ach spás cúng acu in aice an phríomhbhóthair.

Le gairid, nuair ba léir nach raibh aon oscailt luath i ndán dóibh, thriail siad ‘caifé beir leat’. Cúpla lá ó shin thug mé faoi deara go raibh comhartha in airde acu ag díol crainnte Nollag.

Chuir mé ceist orthu inniu faoi ghnó na gcrann agus an chaifé. ‘We’re flying!’ an freagra a fuaireas.

Agus muid ag dul i dtaithí ar an athoscailt, ar an trácht agus ar na línte taobh amuigh de shiopaí arís, d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an scéal go raibh an tír seo ar ceann de na tíortha ab fhearr as ó thaobh na heacnamaíochta.

Sea, bhí na pubanna dúnta, bhí na bialanna agus óstáin faoi shrianta daingne agus siopaí áirithe dúnta chomh maith. Ach mar a chonaic muid níos túisce i mbliana, bhí méadú ollmhór ar theacht isteach na gcomhlachtaí móra ‘pharma’, IT agus tógála.

Tá an chathair seo breac le crainn tógála arís. Ní bheadh seans agat anois conraitheoir ná tógálaí beag a fháil dá mbuailfeadh an fonn tú píosa a chur leis an teach.

Agus ná ceapadh éinne go bhfuil muintir na hÉireann a chaill a bpostanna, amuigh ag iarraidh ‘start’ maidin Dé Luain ar aon cheann de na suímh thógála thart anseo.

Canúint Pholannach den chuid is mó a chloisimse ar aon nós.

Agus dea-scéala eile: na seaicéid a bhí ordaithe againn don chlub s’againne – tháinig siad agus tádar á dtabhairt amach anois do bhaill chlub na mbád dragain.

Ach mo léan, tá aiféala ar dhaoine áirithe gur ordaigh siad iad i dtoisí mhí Feabhra seo caite.

Fág freagra ar 'Ansin spréach an gruaigeadóir – idir teannas agus dóchas sna siopaí athoscailte'