‘Ansin chuir an Prionsa Philip ceist cineál ait orm faoin nGaeilge’

Tá cuimhní ag roinnt Gael aitheanta ar chasadh le Diúc Dhún Éideann, Prionsa Philip Shasana, nuair a bhí sé ar cuairt ar Éirinn lena bhean

‘Ansin chuir an Prionsa Philip ceist cineál ait orm faoin nGaeilge’

Tá cuimhní ag roinnt Gael ar chasadh le Diúc Dhún Éideann, an Prionsa Philip, a bhásaigh inniu.

Bhí bricfeasta ag an sárchraoltóir Micheál Ó Muircheartaigh leis an bPrionsa agus a bhean, Banríon Shasana, Elizabeth II, nuair a thugadar beirt cuairt ar Éirinn in 2011.

“Ní raibh rudaí móra á bplé againn. Níorbh é an áit dó é. Bhí níos mó cainte aici féin nuair a bhí sí ag caint le daoine. Bhí sí féin chun tosaigh agus daoine ag cur rudaí in iúl di.

“Bhí sé ciúin ar bhealach agus d’fhan sé siar ón gcomhluadar i gcónaí. Tá sí féin i gceannas agus is aici a bhí an chumhacht ach bhí suim aige sa taisteal, is dóigh liom. Thaitin leis dul in áiteanna éagsúla agus gan aon chúraimí air de ghnáth, a dúirt sé. Fear lách a bhí ann,” arsa Micheál Ó Muircheartaigh le Tuairisc.ie.

Sular chuaigh an Muircheartach isteach go dtí an bricfeasta, tháinig an bhanríon amach agus bhí cúpla focal aici le gach duine den scór a bhí ansin.

“Bhí mo dhuine ag fanacht siar agus daoine timpeall air. Ní fear mór cainte a bhí ann ar bhealach. Dá mbeifeá leis in áit a bhí suimiúil, b’fhéidir, go mbeadh níos mó cainte. Bhí sé lách agus bhí sé sásta pé rud a bhí le déanamh a dhéanamh. Lean sé na daoine eile agus bhí sí féin chun tosaigh.”

Ag ócáid fáiltithe i gColáiste na Tríonóide ar an gcéad lá den chuairt oifigiúil i mBealtaine 2011 a chas an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ar an bPrionsa.

“Bhí mé ansin ar chuireadh ó John Hegarty a bhí i gceannas na hollscoile sin ag an am. Theastaigh uaidh go mbeadh ionadaithe ó réimsí éagsúla de shaol na tíre seo ann le casadh leo. Cé nach raibh suim mhór phearsanta agam féin sa teaghlach ríoga thuig mé go raibh tábhacht stairiúil leis an chuairt sin agus gur tús le ré nua a bhí ann sa chaidreamh idir an dá thír,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin le Tuairisc.ie.

Chuir Diúc Dhún Éideann suim i gcúrsaí na teanga sa chomhrá gairid a bhí eadrainn, a dúirt Ó Cuirreáin.

“Theastaigh uaidh a fháil amach an raibh mórán cainteoirí Gaeilge sa tír agus d’fhiafraigh sé díom faoi na cainteoirí dúchais Gaeilge – cá háit a raibh cónaí orthu?

“Chuir sé ceist cineál ait orm ansin – ‘Is the language also called Erse?’ a d’fhiafraigh sé díom.

“Dúirt mé leis nach n-úsáidfí an téarma sin faoin nGaeilge anois ach le drochmheas nó go magúil.

“Phléasc sé amach ag gáire agus dúirt, ‘Oh, I shall have to be a lot more careful with my terminology then!’.”

D’fhógair lucht Buckingham Palace inniu go raibh an Prionsa Philip, fear céile Bhanríon Shasana, tar éis bháis.

99 bliain d’aois a bhí Diúc Dhún Éideann agus bhí sé ar an gcéile is faide a thug seirbhís d’aon rí nó banríon ar Shasana.

Os cionn 70 bliain a bhí sé pósta leis an mBanríon Elizabeth II.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn gur “chúis mhór bhróin” dó an scéala agus rinne comhbhrón “thar ceann mhuintir na hÉireann” leis an mBanríon Éilís, a clann, a muintir agus muintir na Ríochta Aontaithe.

Dúirt an tUachtarán chomhlíon an Prionsa a chúram “gan teip” agus gur léirigh sé dílseacht i gcónaí. Chuir sé daoine ar a gcompord nuair a bhuail sé leo, a dúirt Micheál D Ó hUigínn.

“Le linn a sheirbhíse fada ba mhinic dó cuma na neamhfhoirmeáltachta a chur ar ócáidí a bhí foirmeálta taobh amuigh de sin. Chuir a chur i láthair agus a fhéith ghrinn uathúil daoine a bhuail leis ar a suaimhneas agus mheall sé chun caidrimh i gcónaí iad.”

Dúirt an tUachtarán gur thug an Prionsa Philip “tacaíocht dhílis” don Bhanríon Elizabeth II.

“Thionlaic sé an Bhanríon ar a cuairteanna chuig Thuaisceart Éireann go minic agus ar a cuairt Stáit stairiúil ar Éirinn in 2011.

“Cuimhním le buíochas ar leith ar an bhfáilte mhór a chuir sé romham féin agus roimh Shaidhbhín in 2014, nuair a thug mé an chéad Chuairt Stáit ag Ceann Stáit na hÉireann chuig an Ríocht Aontaithe in 2014.

“Tá súil agam go mbeidh na cuairteanna sin in 2011 agus 2014 ina gcomharthaí dá bhfuil á roinnt againn mar chomharsana i spiorad an chairdis, na síochána agus na todhchaí inbhuanaithe,” arsa Uachtarán na hÉireann.

Fág freagra ar '‘Ansin chuir an Prionsa Philip ceist cineál ait orm faoin nGaeilge’'