‘Anseo i Lár an Ghleanna’ – cuntas cumasach corraitheach agus agus ‘Súil Eile’ ceart

Clár cumhachtach, tábhachtach, mothúchánach faoi bhánú na Gaeltachta a bhí i ‘Anseo i Lár an Ghleanna’

‘Anseo i Lár an Ghleanna’ – cuntas cumasach corraitheach agus agus ‘Súil Eile’ ceart

Seo í an ‘Súil Eile’ mar a taibhsíodh dúinn an chéad lá riamh í. Guth sainiúil na Gaeltachta ag tabhairt léargais ar an bhfód dúchais agus an tuath trí chéile. 

Tugtar cuntas cumasach, corraitheach in Anseo i Lár an Ghleanna (TG4, Dé Céadaoin) ar mheath baile beag tuaithe agus, dá réir, ar an mbánú atá á dhéanamh ar cheantair tuaithe ar fud na tíre. 

Ó aimsir an Ghorta i leith bhí daonra Loch Con Aortha in Iorras Aithneach in iarthar Chonamara siar is aniar idir céad agus céad go leith duine. Le deich mbliana anuas tá an daonra tite faoi bhun an leathchéid. Cuirtear in iúl go mb’fhéidir nach bhfuil aon teacht aniar as an titim thubaisteach sin ar an daonra agus gur bás atá i ndán don phobal tuaithe seo, díreach mar atá do phobail imeallaithe tuaithe ar fud na tíre. Pobal bródúil a chuirtear os ár gcomhair, ach pobal a bhfuil a ndóchas caillte acu go n-aimseoidh an baile áit bhuan san aonú aois is fiche. 

Fuineadh agus fáisceadh an fear teilifíse Seán Ó Cualáin as an gceantar seo agus ní haon ionadh mar sin gur i scioból a shamhlaíochta siúd a gineadh an clár maoithneach, cumhachtach seo.

Is é atá mar scéalaí, stiúrthóir agus léiritheoir agus cuireann a nasc láidir leis an scéal go mór leis an táirge.  Deireann sé linn go bhfuil lucht a chomhaoise ar fad bailithe leo. Dá bharr tá an baile ag imeacht le sruth agus ag dul in aois.

Cuireann Seán caint ar sheanfhondúirí an bhaile, a athair féin in measc, lena gcuimhní cinn agus a ndearcaí a chnuasach. Is cumhachtach agus is léanmhar an pictiúr a thugtar dúinn. 

Deir Ciarán Ó Súilleabháin, a bhásaigh tamall i ndiaidh na n-agallamh seo, go mbíodh beocht thar na bearta sa bhaile tráth. An t-iliomad daoine ag cleachtadh a gceirde; an tuíodóir, an bearbóir agus an spealadóir mar aon leis an sleánadóir, an ceoltóir agus an scéalaí. 

Soláthraítear dúinn seatanna draíochtúla, lán le hatmaisféar i rith an ama; an tírdhreach mórthaibhseach agus na háitribh thréigthe. Na radharcanna á dtionlacan le ceol cianach, nuachumtha ó Daragh Dukes.

Is geall le filíocht í tráchtaireacht ionraic, mhothúchánach Uí Chualáin agus is fada ó bhíos chomh tógtha le paistí cainte. A leithéid seo agus é ag cur síos ar sclábhaíocht a sinsear agus iad ag iarraidh greim a bhaint as an talamh bocht, clochach: 

‘Is ar éigean anois go bhfuil an fód á iompú agus bliain i ndiaidh bliana tá an cnoc ag tógáil seilbh ar ais ar obair na nglúnta. Tá lorg ár sinsear ag dul as radharc.’

Déantar cur síos ar phoitín, móin a bheith á tabhairt go hÁrainn, ar bhunús ainm na háite agus ar dhraíocht Chnoc Mordáin. Gan amhras ní fhéadfaí ceist na heisimirce a sheachaint.

Tugtar ardú meanman dúinn sa chomhghuaillíocht a bhain le tionscnamh logainmneacha/béaloidis a deineadh sa cheantar, ach i ndeireadh na dála fágtar sinn in ísle brí. 

Clár cumhachtach, tábhachtach, mothúchánach.  

Fág freagra ar '‘Anseo i Lár an Ghleanna’ – cuntas cumasach corraitheach agus agus ‘Súil Eile’ ceart'

  • Ruairí

    Is é an cúrsa céanna atá i scoileanna na tíre agus níl fócas ar acmhainní na gceantracha una bhfuil na daltaí ina gcónaí. Fágann an taineolas sin i measc na ndaltaí gur a leithéidí Arcadian Cheanada a bhanfeas an tairbhe as acmhainní daonna agus nádúrtha Iorrais Aithnigh.

  • Treasa

    Ní thuigann muid go minic an tábhacht a bhaineann le rud go dti go gcailleann muid é. Thug Seán O Cualáin pictiúr soiléar dúinn sa gclár faisnéise seo ar an treo ina bhfuil ceantair tuaithe in iarthar na hÉireann ag dul agus ná bíodh aon amhras orainn ach go bhfuilimid linn féin agus má tá an toill agus an meoin ann, anois is cóir gníomhú. Clár den scoth a chuirfeadh ag smaoineamh thú agus a d’fhanfadh leat.