Anois is arís thaibhseofaí duit go bhfuil splanc anama fós i muintir na Gaeltachta

Plean fiúntach atá ag Coiste Thigh an Phobail i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, plean a léiríonn go bhfuil an pobal sásta luí amach orthu féin chun seirbhísí riachtanacha a bhaint amach

Anois is arís thaibhseofaí duit go bhfuil splanc anama fós i muintir na Gaeltachta

Tá scata den ‘olagón Duileargúil’ fé mar a thug an Cadhnach air le clos le blianta beaga anuas (agus riamh anall b’fhéidir) i dtaobh shaol agus phobal na Gaeltachta, ach ní gan chúis é.

Tá sé deacair gan géilleadh do ‘dhioscúrsa an éadóchais’ babhtaí, nuair a bhíonn siopaí agus oifigí poist á ndúnadh timpeall orainn, nuair a bhíonn seirbhísí agus áiseanna á gceilt ar mhuintir na Gaeltachta, agus nuair a chuireann rialacha pleanála scaipeadh na mionéan ar bhundúchasaigh na háite amach os na pobail as ar fáisceadh iad agus ina dtángadar chun coinlíochta.

Ní bheimid ann in aon chor fé cheann cúpla bliain nó trí, mar phobal nó mar phobal teanga, de réir dealraimh. An tslí a bhfuil rudaí ag dul fé láthair, ní bheidh scoil nó tábhairne nó oifig phoist nó pílear laistiar de Thrá Lí nó den nGaillimh nó de Leitir Ceannainn sara i bhfad.

Ach ar a shon san is uile, tarlaíonn rudaí anois is aríst a thugann dóchas duit go bhfuil splanc anama fós i bpobail iomadúla na Gaeltachta. “Táthar ag rá liom ó bhí mé aon bhliain déag go bhfuil an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge marbh,” a dúirt an Teangeolaí James McCloskey in 2001, ‘Ritheann sé liom gur bríomhar fuinniúil an marbhán í.’

Bhuel tá iarrachtaí sa treis thuaidh i bparóiste na Cille fé láthair, d’iarraidh an dífhibrileoir a chur i bhfearas ar ucht an chorpáin agus é a chur ag rince seite aríst.

Le cúpla seachtain anuas, tá dhá chruinniú poiblí eagraithe ag dhá choiste pobail éagsúil, agus iad d’iarraidh rudaí a chur chun cinn a dhéanfadh leas agus áis don bpobal ansan. Buaileadh dhá bhuille ar an bpobal ansan le bliain anuas, nuair a dhún oifig phoist Bhaile na nGall agus Siopa Grósaera Tigh a’ Phoist ar an mBóthar Buí, i ngiorracht cúpla mí dá chéile. D’fhág san paróiste na Cille agus paróiste Mórdhach gan siopa gan oifig phoist.

Bhí cruinniú ag Coiste Forbartha an Phobail san ionad pobail ar an Muirígh le déanaí, chur Plean Forbartha atá curtha le chéile do cheantar Bhaile na nGall, na Muirí agus an Bhóthair Bhuí a chur ar shúile na ndaoine. Tá nithe fiúntacha sa phlean, agus suim ag an bpobal ann, ó bhí an-slua de mhuintir na háite cruinnithe san ionad pobail chun an plean a phlé, agus bhí an dara cruinniú poiblí ina dhiaidh sin. 

Sna sála ar an gcruinniú sin bhí ceann eile i gclubáras Chumann Caide na Gaeltachta i nGallaras, cruinniú a d’eagraigh Coiste Thigh an Phobail.

Tá an coiste seo d’iarraidh siopa agus ionad pobail a fhorbairt sa pharóiste, agus iad suite meáite ar a leithéid a bhunú san ionad pobail ar an Muirígh.

Is cosúil go gcreideann an pobal thuaidh go bhfuil dealramh lena gcaint, mar go raibh os cionn daichead duine ag an gcruinniú sin chomh maith, agus a lán tacaíochta léirithe ag scata don dtogra. Dar leis an gcoiste, d’fhéadfaí an siopa a rith ar bhonn pobail, neamhbhrabúis, le hoibrithe deonacha i bhfeighil na háite. Ina theannta san, tá sé i gceist acu spás a chur ar fáil ann do sheirbhísí a bheadh ó mhuintir na háite, ar nós seirbhísí gruaigeadóireachta (tá a fhios aige Dia go mbeidh thiar ar aon ghruagaire a bheadh ag brath ar mhaolaí ar mo nós chun cúpla pingin a thuilleamh in Ionad na Muirí).

Dúnadh oifig phoist agus siopa Dhún Chaoin i 1996, agus ó shin bíonn ar mhuintir an pharóiste dul ó dheas go Fionn Trá nó ó thuaidh ar an mBuailtín le braon bainne nó bullóg aráin a fháil. Táimid dulta i dtaithí air, ach an locht is mó atá ar an scéal ná gur ionad tionóil a bhí sa tsiopa, áit go mbuaileadh daoine lena gcomharsana. Murach tigh an óil agus/nó tigh Dé, ní bheadh muintir an pharóiste ag bualadh lena chéile ó cheann ceann na seachtaine.

Plean fiúntach é seo atá ag Coiste Thigh an Phobail, agus go deimhin bheadh dealramh leis mar phlean mura mbeadh ann ach go léiríonn sé go bhfuil pobal na Gaeltachta sásta a gcosa a chur i bhfeac agus luí amach orthu féin chun seirbhísí riachtanacha a bhaint amach. Ní raibh faic le clos nuair a dúnadh Oifig Phoist Bhaile na nGall agus Siopa Johanna ach an t-ochlán, ach léirigh feachtas mhuintir Bhaile an Sceilg lena n-oifig phoist a choimeád go mbíonn rath san áit ina mbíonn feachtas láidir pobalbhunaithe.

Níl le déanamh ag an bpobal anois, ach tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh anam a chur thar n-ais sa phobal.

Fág freagra ar 'Anois is arís thaibhseofaí duit go bhfuil splanc anama fós i muintir na Gaeltachta'