Nach mór an dul chun cinn atá déanta aige fearaibh leis le blianta beaga anuas!
Chuirfeadh sé gliondar croí ort chomh ‘dúistithe’ is atá siad, cuid acu. Bail orthu.
Nach bhfuil ár gceann bodhar aige mná an domhain ag lorg a gcearta agus ag cur na gcosa uathu nuair ná faigheann siad iad.
Cén díobháil é fanacht dhá mhíle bliain eile chun do chuid a fháil, in ainm Chroim.
Dála meon Arlene Foster, má thugann tú aon bhogadh dóibh, beidh siad chugat arís ar nós an chrogaill.
Fág ar an gcaolchuid iad. Air a bhfuil taithí acu.
Anois an t-am buachaillí báire a mholadh go fíor na spéire. Tá siad ‘dúisithe’ gan aon cheist.
Ní gá dhúinn ach sracfhéachaint a thabhairt ar ghalfairí Chlub Phort Mearnóg ansan níos túisce i mbliana agus chomh mór chun cinn is atá siad thar mar a bhíodar nuair a bhunaíodar an club galánta san acu in 1894.
Cosc agus constaic agus toirmeasc ar an leath eile de dhaonra an domhain bheith istigh, a leagadar síos gan scáth gan náire ina ‘mbunreacht’.
Nach iad na fairceallaigh bhreátha fir seo a mhúinfeadh ceacht do KKK na gclócaí bána, do Taliban na ngúnaí gorma, ní áirím Eaglais Naofa Rómhánach na gcoinneal sa teampall.
Níor thóg sé ach CÉAD ’S FICHE A SEACHT de bhlianta uathu, na staiféalaigh bhreátha ghustalacha seo, an dul chun cinn beag san a dhéanamh.
Slán mar a n-instear é!
Ní raibh aon bhaint ag an athrú meoin seo acu, na galfairí gustalacha, le cinneadh an Rialtais gan aon tacaíocht airgid a thabhairt níos mó d’aon chlub a bhí bunaithe ar rialacha ‘aon-ghnéis’. Ní raibh ná é.
Ní raibh aon bhaint ach oiread gan dabht ag pinginí móra an chomórtais idirnáisiúnta an OPEN a bheith a’ teannadh leo dá dtaispeánfaidís cothrom inscne ina rialacha ballraíochta.
As if go raibh, mar a déarfadh Gaeilgeoir líofa.
Ní fada na blianta in aon chor a thóg sé uathu an dul chun cinn san a dhéanamh agus táimid go léir chomh buíoch.
Núthair ní faic é CÉAD ’S FICHE A SEACHT de bhlianta.
Sa bhliain 2002 mhol Comhairle Náisiúnta na mBan baghcat a dhéanamh ar chomórtas gailf an Irish Open. Bhí fuar acu.
Thug an Chomhairle Comhionannais cás cúirte ina gcoinne, cás a chuaigh os comhair na Cúirte Dúiche agus na hArd-Chúirte gur chaith an Chúirt Uachtarach amach é in 2009.
Mo ghrá thú a Bhunreacht na hÉireann, fág fút é deighilt a dhéanamh agus a dhaingniú idir saoránaigh na tíre, fearaibh is mná, chun leas na ngarsún.
Gan scáth gan náire chuaigh buachaillí báire Chlub Gailf Phort Mearnóg i muinín an Bhunreachta chun mná a choimeád amach uathu.
Ach ná bac san. Tá’n siad go léir ‘dúisithe’ anois.
Ní gá dóibh aon leithscéal a dhéanamh le mná na hÉireann as leatrom na mblianta.
Ach a dheirféaracha saonta, ar eagla go gceapfadh sibh go raibh galfairí Éireann chomh dúisithe san, nach bhfuil faic eile le foghlaim acu, féach go bhfuil cúpla Neanderthal breá toirtéiseach fágtha fós i measc na mball i gClub Gailf galánta Phort Mearnóg!
Léirigh torthaí na vótála dúinn go raibh 83.4% de na baill ar son an rúin glacadh le ballraíocht na mban. Vótáil 16.6% ina choinne.
Sin líon maith Homo neanderthalensis is Homo sapiens trí chéile, atá ina gcnap chodlata fós is baolach.
Agus cad é siúd a dúirt Einstein fadó? Comhartha éirime é, bheith sásta d’aigne a athrú.
Cad a dhúiseodh an 16.6%, sin í an cheist.
Mair a chapaill.
Fág freagra ar 'Anois an t-am na buachaillí báire ‘dúisithe’ a mholadh go fíor na spéire!'