#AnKlondike an 5ú clár ó TG4 a bhí i dtreochtaí Twitter

Bhí #AnKlondike ar bharr an liosta de na hábhar is mó i mbéal an phobail aréir ar TG4

an-klondike_image-3

Ba é an Klondike an cúigiú clár a craoladh ar TG4 a bhí ‘i mbéal an phobail’ ar an suíomh sóisialta Twitter, nuair a craoladh an chéad eagrán den leagan sraithe aréir.

Bhí #AnKlondike ar bharr an liosta de na hábhar is mó i mbéal an phobail ar feadh seala aréir agus choinnigh sé áit ar an liosta, idir an  6ú agus an 10ú áit den chuid is mó, le linn a chraolta agus ar feadh tamaill ina dhiaidh.

Thug urlabhraí ó TG4 le fios do Tuairisc.ie gurb iad na cláracha aonair faisnéise den chuid is mó a bhaineann áit amach ar ‘liosta na dtreochtaí’ ar Twitter. Roimhe seo, bhí cláracha FleadhTV, a craoladh beo as Fleadh Cheoil na hÉireann i nDoire sa bhliain 2013; The West’s Awake, clár faisnéise faoi fhoireann rugbaí Chonnacht; Jump Boys, sraith faoi mharcaithe capaill; agus Arkle, clár faisnéise faoin gcapall cáiliúil rásaíochta den ainm céanna, uilig i mbéal an phobail ar Twitter.

‘Treochtaí orgánacha’ ar fad a bhí i gceist leis na cláracha seo, a deir urlabhraí TG4. Is é sin le rá gur mar gheall ar spéis an phobail agus mar gheall air sin amháin a tháinig siad chun cinn ar an liosta agus ní mar gheall ar urraíocht a rinne TG4 féin orthu.

Dúirt urlabhraí an stáisiúin le Tuairisc.ie go bhfuil TG4 “an-sásta go raibh An Klondike i mbéal an phobail aréir.” Dúradh freisin go rabhthas an-sásta le líon an luchta féachana a bhreathnaigh ar an gcéad eagrán aréir cé nárbh fhéidir na figiúirí cruinne a mheas go ceann tamaill eile.

Craolfar an chéad eagrán eile den tsraith Dé Máirt seo chugainn ar TG4 ag 9.30. Tá an leagan scannáin fós á thaispeáint i bpictiúrlanna áirithe timpeall na tíre.

Fág freagra ar '#AnKlondike an 5ú clár ó TG4 a bhí i dtreochtaí Twitter'