ANAILÍS MHÍLEATA: Ní gan dua a d’eagrófaí feachtas frithionsaithe in Donbas 

Chun cúrsa an chogaidh a athrú sula dtagann sos cogaidh i bhfeidhm beidh ar na hÚcránaigh feachtas frithionsaithe a sheoladh 

ANAILÍS MHÍLEATA: Ní gan dua a d’eagrófaí feachtas frithionsaithe in Donbas 

Tá an cúigiú mí d’ionradh na Rúise ar an Úcráin ag teannadh linn agus tá cúrsaí ag dul i dtreo na Rúiseach i ngach láthair chogaidh a bheag nó a mhór.

Sa bhoilsc talún in Donbas idir cathracha Kramatorsk agus Slovyansk soir go Severodonetsk agus Lysychansk tá talamh breise á ghabháil ag na Rúisigh beagán ar bheagán. I dtuaisceart na boilsce tá siad tar éis Abhainn an Seversky Donets a thrasnú tar éis roinnt iarrachtaí í a thrasnú le trí mhí anuas. Tá an t-ionsaí ar Slovyansk ar tí tarlú mar gheall ar an trasnú seo.

Tá cathair Severdonetsk scoite ó bhruach thiar abhainn an Seversky Donets. Timpeall Lysychansk ar bhruach thiar na habhann tá fórsaí de chuid na hÚcráine i mbaol go ndéanfaí iad a thimpeallú. Tá na Rúisigh ag bogadh ó thuaidh ó Popasna i ndeisceart na boilsce agus ag cur brú ar bhóithre soláthair na nÚcránach agus ag cur leis na hiarrachtaí Lysychansk a thimpeallú. Tá na hÚcránaigh faoi ionsaí ar gach fronta in Donbas. Anuas air seo tá an lámh in uachtar ag na Rúisigh sa chogadh leictreonach sa cheantar faoi láthair agus mar gheall air seo bíonn deacrachtaí ag dróin agus radar airtléire na nÚcránach.

Cé go bhfuil sé deacair a chreidiúint, tar éis ceithre mhí den chogadh, tá aerfhórsa na hÚcráine ag feidhmiú fós, go háirithe in Donbas, i gcoinne ceann de na haerfhórsaí is mó ar domhan, tá roinnt scairdtrodairí caillte acu sa cheantar seo le mí anuas.

Tá cath airtléire ar siúl sa Donbas go príomha agus de ghnáth bíonn an buntáiste leis an bhfórsa a bhfuil níos mó gunnaí móra aige i gcath mar seo. Cé go bhfuil cuid de na gunnaí móra a fuair na hÚcránaigh ó thíortha an iarthair ar chaighdeán níos airde ná na cinn atá ag na Rúisigh, tá i bhfad níos mó gunnaí móra ag na Rúisigh agus tá níos mó fós coimeádta i dtaisce acu.

Tuairiscítear go bhfuil Seirbhís Faisnéise na Gearmáine tar éis measúnú a dhéanamh go mbeidh Donbas ina iomláine faoi sheilbh na Rúiseach roimh dheireadh mhí Iúil. Tuairiscítear chomh maith go bhfuil measúnú den chineál céanna déanta ag na Meiriceánaigh.

Tarraingíodh siar na Rúisigh go teorainn na Rúise in áiteanna sa láthair chogaidh timpeall Kharkiv agus tá frithionsaithe á ndéanamh acu níos faide ó thuaidh. Tá siad ag bogadh de réir a chéile i dtreo Kharkiv agus tá cuid den chathair ar ais laistigh de raon airtléire na Rúiseach arís.

Sa láthair chogaidh timpeall Kherson i ndeisceart na tíre bhí na hÚcránaigh in ann frithionsaithe áitiúla a dhéanamh agus roinnt sráidbhailte a athghabháil. Ach tá sé róluath a rá an mbeidh aon tionchar suntasach ag na hionsaithe seo ar an gcogadh.

Fórsa frithionsaithe

Má leanann cúrsaí mar atá siad faoi láthair agus dul chun cinn seasta á dhéanamh ag na Rúisigh agus sa chás go dtagann sos cogaidh i bhfeidhm mar gheall ar an dul chun cinn seo ní bheidh mórán buntáistí ag na hÚcránaigh agus iad thart ar an mbord idirbheartaíochta. Chun cúrsa an chogaidh a athrú sula dtagann sos cogaidh i bhfeidhm beidh ar na hÚcránaigh feachtas frithionsaithe a sheoladh.

Ní gan dua a d’eagrófaí feachtas frithionsaithe. Cinnte beidh na hÚcránaigh in ann saighdiúirí breise a earcú agus a shlógadh. Gan amhras beidh siad in ann airm éadroma, leithéidí raidhfilí agus meaisínghunnaí, a sholáthar. Ach ní hionann saighdiúirí a bhfuil raidhfilí acu agus fórsa frithionsaithe.

Beidh ar na saighdiúirí traenáil a fháil chun feidhmiú i ngasraí seachas mar shaighdiúirí aonair. Beidh na gasraí le cur le chéile ina mbuíonta, beidh ar na buíonta oibriú le chéile i gcomplachtaí agus beidh ar na complachtaí feidhmiú i gcathláin.

Anuas air sin caithfidh na cóir éagsúla traenáil a fháil ionas go bhféadfaidís comhoibriú le chéile mar fhórsa comhtháite. Mar shampla caithfear na fórsaí airtléire a chomhordú leis na fórsaí coisithe roimh an gcath agus caithfidh na hinnealtóirí loig mhianaigh agus bacainní eile a ghlanadh sula dtéann na fórsaí coisithe chun catha.

B’fhéidir gurb é an deacracht is mó a bheidh ann fórsa frithionsaithe éifeachtach a chur le chéile ná nach mbeidh an méid arm trom is gá ar fáil. Beidh an cath in Donbas níos tábhachtaí ná in aon áit eile. Mar gheall air seo beidh ar na hÚcránaigh cuid dá n-arm trom, leithéidí tancanna agus gunnaí móra, a sholáthar do na fórsaí in Donbas chun an fód a sheasamh. Meastar go bhfuil idir 30% agus 50% dá n-arm trom caillte acu ó thús an ionraidh.

Caithfidh na hÚcránaigh na deacrachtaí thuasluaite a shárú sula mbeidh siad réidh chun feachtas frithionsaithe a sheoladh. Ag an am céanna beidh orthu talamh slán a dhéanamh de go bhfuil na Rúisigh ar an eolas faoi chuid dá bpleananna agus go n-osclóidh na Rúisigh fronta eile, mar shampla i dtuaisceart na tíre, chun cur isteach ar na pleananna seo.

Is deacair a shamhlú ag an bpointe seo go mbeidh siad in ann na dúshláin seo a shárú.

Láithreacha cogaidh

Sa chás go n-éiríonn leo fórsa frithionsaithe a chur le chéile beidh cinneadh le déanamh acu maidir leis an láthair chogaidh ina seolfaidh siad an feachtas. Toisc go bhfuil fórsa an-láidir ag na Rúisigh in Donbas tá gach seans ann go gcuirfidh na hÚcránaigh an ceantar sin as an áireamh.

Ach tá cúpla láthair chogaidh eile ann. Timpeall Kharkiv tá deis acu cur lena n-iarrachtaí brú a chur ar na Rúisigh agus ionsaithe a dhéanamh i dtreo línte soláthair na Rúiseach. Ach toisc go bhfuil an ceantar seo gar do theorainn na Rúise beidh sé thar a bheidh deacair acu a gcuid fórsaí a chomhchruinniú. Beidh siad i gcónaí i bhfíorbhaol ionsaithe cliathánacha ón Rúis chomh maith.

Chuir na Rúisigh béim ar cheangal a dhéanamh idir Mariupol agus an Chrimé go luath san ionradh agus dá mbeadh na hÚcránaigh in ann frithionsaí a dhéanamh san ais ó dheas ó chathair Zaporizhia i dtreo Melitopol agus an ceangal seo a bhriseadh bheadh buntáiste de shaghas éigin acu i gcainteanna. Ach bheadh sé an deacair acu a gcuid fórsaí a chomhchruinniú chun é seo a dhéanamh toisc go mbeidís i mbaol ionsaithe ón aer agus go mbeadh a línte soláthair fada i mbaol chomh maith.

Is é an ceantar timpeall Kherson an áit is mó ina mbeadh buntáistí ag na hÚcránaigh le frithionsaí a sheoladh. Beidh a gcuid línte soláthair i bhfad níos giorra ná atá siad ina aon láthair chogadh eile. Tá an limistéar seo níos faide ó theorainn na Rúise ná aon limistéar eile agus beidh sé deacair do na Rúisigh trúpaí breise a aistriú go tapa. Anuas air seo beidh achar níos faide le heitilt ag a gcuid scairdtrodairí chun na hÚcránaigh a ionsaí. Beidh deis ag na hÚcránaigh cur leis an treallchogaíocht a thuairiscítear a bheith ar siúl soir i dtreo Melitopol chun cur isteach ar línte soláthair na Rúiseach chomh maith.

Ag an bpointe seo, b’fhéidir gurb é an rud is fearr dóibh a bheith ag súil leis ná go n-éireoidh leo cur leis na frithionsaithe áitiúla atá déanta acu sa cheantar timpeall Kherson seachas a bheith a súil go mbeidh siad in ann feachtas frithionsaithe ar scála mór a sheoladh.

An Dúshlán is mó

Má éiríonn leis na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar Donbas ina iomláine agus má thairgeann siad sos cogaidh go luath ina dhiaidh sin beidh na hÚcránaigh idir dhá thine Bhealtaine.

Má ghlacann na hÚcránaigh le sos cogaidh is ionann sin agus talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an cogadh dearg thart. Mar a luaitear go minic bíonn tionchar nach beag ag na fíricí ar an talamh tar éis sos cogaidh. Sa chás seo, is iad na fíricí ar an talamh ná go mbeidh stráice mór talún soir ó Kherson san iardheisceart suas go dtí an ceantar timpeall Kharkiv san oirthuaisceart faoi sheilbh na Rúiseach. Tá gach seans ann go gcaillfidh na hÚcránaigh an stráice mór talún seo.

Mura nglacann na hÚcránaigh le sos cogaidh sa chás thuasluaite beidh siad ag dul sa seans nach ndéanfaidh na Rúisigh mórán dul chun cinn eile sa chogadh, go mbeidh siad in ann iad a stopadh, go bhfaighidh siad soláthairtí míleata breise, go seasfaidh tíortha an iarthair le chéile i gcoinne na Rúiseach agus go mbeidh siad in ann frithionsaithe éifeachtacha a dhéanamh chun na Rúisigh a dhíbirt.

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'ANAILÍS MHÍLEATA: Ní gan dua a d’eagrófaí feachtas frithionsaithe in Donbas '