ANAILÍS MHÍLEATA: Bua suntasach d’fhórsaí na hÚcráine agus cinneadh le déanamh ag na Rúis

Seachas na buntáistí straitéiseacha tá cúiseanna oirbheartaíochta ar chóir do na hÚcránaigh frithionsaí eile a sheoladh san iardheisceart

ANAILÍS MHÍLEATA: Bua suntasach d’fhórsaí na hÚcráine agus cinneadh le déanamh ag na Rúis

An Ceann Droichid san Iardheisceart

D’fhógair na hÚcránaigh Dé Luain, an 29 Lúnasa go raibh feachtas frithionsaithe ar siúl sa cheantar timpeall Kherson in iardheisceart na tíre. D’fhógair siad freisin go raibh siad chun frithionsaithe a sheoladh i gceantair eile.

Cé gur mhaígh siad roimhe seo go raibh frithionsaí timpeall Kherson ar na bacáin, ní raibh aon chomharthaí ann go raibh feachtas beartaithe acu i gcúige Kharkiv san oirthuaisceart. Ach tá feachtais faoi lán seoil sa dá cheantar faoi láthair. Tuairiscítear gur sheol siad frithionsaí ar scála ní ba lú i dtreo Lysychansk, cathair a chaill siad i mí Iúil, freisin.

Go luath sa chogadh d’éirigh leis na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar cheann droichid ar bhruach thuaidh abhainn an Dnipro timpeall Kherson agus chuir siad leis go dtí gur stopadh iad lasmuigh de Mykolaiv. Tá sé thart ar 180 ciliméadar ar fad agus 60 ciliméadar ar leithead in áiteanna, ciallaíonn sé seo go bhfuil an spás acu fórsa láidir a chomhchruinniú agus ionsaithe a sheoladh ón gceann droichid.

Mar gheall air seo beidh na hÚcránaigh i mbaol ionsaithe i dtreo Mykolaiv agus chalafort Odesa nó i dtreo chathair Kryvyi Rih agus lár na tíre as seo amach, fiú má bhíonn sos cogaidh fadtéarmach i bhfeidhm. Is léir do na hÚcránaigh mar sin más féidir leo an ceann droichid a athghabháil go mbeidh seans acu na buntáistí straitéiseacha a bhaineann leis a shéanadh ar na Rúisigh.

Seachas na buntáistí straitéiseacha tá cúiseanna oirbheartaíochta ar chóir do na hÚcránaigh frithionsaí a sheoladh san iardheisceart.  Tá línte soláthair na nÚcránach i bhfad níos giorra agus níos daingne ná mar atá siad ina aon láthair chogaidh eile. Ag an am céanna tá línte soláthair na Rúiseach níos faide toisc go bhfuil an limistéar seo i bhfad ó theorainn na Rúise.

Cúige Kharkiv

Cé gur theip ar na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar chathair Kharkiv san oirthuaisceart go luath sa chogadh, d’éirigh leo stráice mór talún a ghabháil ó dheas den chathair. Bhí an stráice 250 ciliméadar ar fad siar ó theorainn na Rúise agus 150 ciliméadar ar leithead ó dheas den teorainn.

D’éirigh leis na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar na háiseanna iompair sa cheantar rud a chiallaigh go raibh siad in ann a gcuid fórsaí in Donbas a sholáthar ó Belgorod trasna na teorann sa Rúis. Tá Belgorod mar phríomhláthair chomhchruinnithe na Rúise don chogadh san oirthear, lena n-áirítear cúigí Kharkiv, Luhansk agus Donetsk.

Nuair a ghabh siad an ceantar seo bhí smacht acu ar na mótarbhealaí agus ar na hiarnróid ó Belgorod go dtí an Donbas. Bhí cathair Kupiansk mar mhol iompair do línte soláthair na Rúise agus bhí cathair Izyum mar ionad ceannais agus comhordaithe d’arm na Rúise sa cheantar. Measadh go ndaingneofaí iad mar dhaingin agus go mbeadh sé an-deacair ar na hÚcránaigh iad a athghabháil.

Deacrachtaí frithionsaithe

Ta sé i bhfad níos éasca dul i mbun cosanta ná dul i mbun ionsaithe agus is iomaí cúis a n-éiríonn le hionsaithe. Má thagann an t-ionsaí go hiomlán aniar aduaidh ar an namhaid is mó an seans go n-éireoidh leis ná a mhalairt.

Níor tháinig na frithionsaithe timpeall Kherson aniar aduaidh ar na Rúisigh toisc gur mhaígh na hÚcránaigh go raibh siad chun an feachtas a sheoladh. Tá siad tar éis ionsaithe a sheoladh ar thrí ais: aniar aduaidh ó Mykolaiv, ar lár an chinn droichid agus anoir aduaidh ar an gceann droichid.

De réir tuairiscí níl mórán dul chun cinn déanta ar an ais ó Mykolaiv. D’éirigh leo bogadh 20 ciliméadar ón bhfronta ar ais chúng i lár an chinn droichid agus d’éirigh leo roinnt sráidbhailte a athghabháil ar an ais anoir aduaidh. Nil comharthaí ann gur éirigh leo bogadh go tapa trí línte cosanta na Rúiseach in aon ais go dtí seo.

Is é a mhalairt atá i gceist leis an bhfrithionsaí i gcúige Kharkiv. Seachtain tar éis dóibh an feachtas a sheoladh san iardheisceart, sheol siad fórsa láidir ionsaithe ar chathair Balakliia san oirthuaisceart, rud a tháinig go hiomlán aniar aduaidh ar na Rúisigh. Bhog an fórsa go tapa thar Balakliia agus laistigh de thrí lá shroich siad an mol iompair i Kupiansk agus cathair Izyum áit ina raibh ionad ceannais agus comhordaithe na Rúise lonnaithe.

Méid agus caighdeán na bhfórsaí

Ceann de na príomhchúiseanna eile a n-éiríonn le hionsaithe ná méid an fhórsa ionsaithe i gcomparáid leis an bhfórsa cosanta. Úsáideann pleanálaithe míleata ar a laghad trí oiread níos mó trúpaí ionsaithe mar shlat tomhais. Meastar go bhfuil idir 20,000 agus 25,000 saighdiúir ag na Rúisigh timpeall Kherson. De réir measúnaithe éagsúla tá fórsa den mhéid céanna ag na hÚcránaigh sa cheantar.

Ina ainneoin sin sheol siad an feachtas agus de réir tuairiscí bhí orthu praghas a íoc ó thaobh líon na saighdiúirí a maraíodh agus a gortaíodh. Níl aon fhigiúirí foilsithe ag Roinn Cosanta na hÚcráine ach tá fianaise starógach ann go bhfuil méadú tagtha ar líon na saighdiúirí a gortaíodh.

Tuairiscítear go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-otharcharranna ag dul i dtreo na gcathracha gar don cheann droichid. Chuir údaráis chathair Mykolaiv achainí amach ag lorg deonuithe fola seachtain ó shin. Dar le saighdiúirí Úcránacha a cuireadh faoi agallamh sna hospidéil san iardheisceart, gortaíodh go leor saighdiúirí agus scriosadh go leor trealamh míleata de chuid na hÚcráine le linn na chéad seachtaine den fheachtas.

San oirthuaisceart meastar go bhfuil thart ar 10,000 saighdiúirí ag na hÚcránaigh agus fuair siad amach go luath nach raibh fórsa láidir cosanta ag an Rúisigh sa cheantar toisc gur athlonnaíodh trúpaí chuig Kherson roimhe seo. Ag an am céanna thuig said nach trúpaí d’ardchaighdeán a bhí ann. Bhí cuid de na trúpaí mar chuid d’fhórsa Rosgvardyia na Rúise. Cé gur cosúil le fórsa míleata an fórsa seo, is fórsa paraimíleata é, atá freagrach as slándáil inmheánach.

D’éirigh leis na hÚcránaigh bogadh to tapa trí línte na Rúiseach agus roinnt bailte agus sráidbhailte a athghabháil. Ghéill cuid de na Rúisigh agus bhí ar chuid eile tarraingt siar ar eagla go ndéanfadh na hÚcránaigh iad a thimpeallú.

Cosaint ar doimhneacht

Ceann de na cúiseanna eile a n-éiríonn le hionsaithe ná nuair a úsáideann an fórsa cosanta teaicticí lochtacha nó nuair nach bhfuil cosaint ar doimhneacht eagraithe acu. Bhí níos mó ná cúig mhí ag na Rúisigh an ceann droichid timpeall Kherson a dhaingniú agus is léir ó íomhánna satailíte go bhfuil sé seo déanta acu agus go bhfuil loig mhianach leagtha síos acu ar na bealaí ionsaithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ach ceann de na laigí is mó a bhaineann leis an gceann droichid ná nach bhfuil ach trí dhroichead thar abhainn an Dnipro. Le dhá mhí anuas tá na hÚcránaigh tar éis na droichid a ionsaí agus armlanna Rúiseacha a scriosadh chun na buntáistí seo a chealú. Mar gheall ar na hionsaithe ar na droichid agus scrios na n-armlann ní mór do na Rúisigh báid farantóireachta, báirsí agus droichid phontúin a úsáid chun an abhainn a thrasnú agus a gcuid trúpaí a athsholáthar.

Seachtain tar éis thús an fhrithionsaithe timpeall Kherson, thapaigh na hÚcránaigh an deis chun córas cosanta na Rúiseach a scrúdú ar an líne choimhlinte idir an dá fhórsa i gcúige Kharkiv.

Fuair siad amach go luath gur ansin a bhí an córas cosanta ba laige sa láthair chogaidh leagtha síos ag na Rúisigh. Fuair siad amach nach raibh cosaint ar doimhneacht acu agus gur ag brath ar airtléire go príomha a bhíothas chun an líne thosaigh a chosaint.

Ina theannta sin, d’éirigh leo den chéad uair riamh sa chogadh leas a bhaint as a bhfórsa armúrtha. Tháinig colúin armúrtha go tapa ar airtléire na Rúise agus tar éis dóibh iad a chloí bhog na colúin chuig abhainn an Oskil atá mar líne chosanta i lár an cheantair.

Dé Sathairn an 10 Meán Fómhair bhí ar na Rúisigh a admháil go raibh orthu tarraingt siar ó Balakliia agus Izyum. Is léir go bhfuil siad tar éis an chuid is mó de chúige Kharkiv a thréigean chomh maith. Is bua suntasach é seo do na hÚcránaigh, beag beann ar cad a tharlóidh in aon láthair chogaidh eile.

Freagra na Rúise

D’éirigh leis na hÚcránaigh in Kharkiv toisc gur tháinig an t-ionsaí aniar aduaidh ar na Rúisigh, toisc go raibh níos lú trúpaí den chaighdeán cuí ag na Rúisigh agus toisc nach raibh cosaint ar doimhneacht eagraithe acu. Mar gheall ar na laigí seo d’éirigh le fórsa armúrtha na hÚcráine ionsaithe a dhéanamh i gceart.

Níl an dul chun cinn céanna déanta acu i Kherson go dtí seo toisc go raibh na Rúisigh ag súil leis an bhfrithionsaí ansin, toisc go bhfuil fórsa láidir cosanta acu sa cheantar agus toisc go bhfuil cosaint ar doimhneacht curtha i bhfeidhm acu.

Chuir na hÚcránaigh bac ar aon nuacht ó Kherson agus tá na blagálaithe míleata Rúiseacha dírithe ar Kharkiv anois. Mar gheall air seo, ní mór dúinn fanacht go dtí go bhfuil soiléireacht de shaghas éigin againn ar cad atá ag tarlú leis an bhfeachtas i Kherson.

Beidh freagra ag na Rúisigh ar an gcliseadh i Kharkiv agus mar léiriú air seo rinne siad ionsaithe diúracáin ar stáisiúin chumhachta in oirthear na hÚcráine oíche Dhomhnaigh. Sheol siad ionsaí fíochmhar eile ar scála mór ar chathair Bakhmut in Donbas Dé Domhnaigh chomh maith.

Tá grúpa airm nua eagraithe acu, atá feistithe le trealamh míleata nua, mar fhórsa cúltaca. Beidh orthu cinneadh a dhéanamh: an gcuirfidh siad an fórsa ar aghaidh chun dul chun cinn na nÚcránach in Kharkiv a stopadh nó an seolfaidh siad go dtí an cath in Donbas nó in Kherson iad?

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'ANAILÍS MHÍLEATA: Bua suntasach d’fhórsaí na hÚcráine agus cinneadh le déanamh ag na Rúis'

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia orainn. An fáth a bhfuil cúrsaí an domhan go dhona , de dheasca an ghinmhilleadh.