An UUP níos dóchasaí ná mar a bhí le 17 bliain anuas, ach an bhfuil an taoide casta?

Tig linn talamh slán a dhéanamh de, in ainneoin na cainte faoi scoilteanna sa DUP, nach ngéillfidh an páirtí orlach go bog

27/11/2013. Alec Reids Funerals Scenes

Bhí comhdháil bhliantúil an UUP an tseachtain seo caite níos dearfaí agus níos dóchasaí ná mar a bhí teacht le chéile ar bith den pháirtí ó Chomhaontú Aoine an Chéasta seacht mbliana déag ó shin.

B’í an teachtaireacht go raibh an taoide ag casadh, an chóir leo agus chuile nath dearfach eile as foclóir na bpolaiteoirí. Tá roinnt údar ceiliúrtha acu, gan dabht; feabhas beag sna toghcháin áitiúla deiridh agus cúpla gearánaí ón DUP tagatha chucu, ach ní mór a chur san áireamh nach dual don DUP géilleadh. Ta aistear fada roimh an UUP sula mbeidh tús áite aige.

“Tá sé dearbhaithe go raibh an ceart againne,” arsa Mike Nesbitt, an ceannaire, leis na toscairí. Bhíodar buacach mar gur thacaigh tuarascáil an phainéil ar pharaimíleataigh lena mbreithiúnas go raibh an tIRA Sealadach fós ann agus bainteach le gnothaí Shinn Féin. Bhí an féinmholadh dírithe ar an DUP níos mó ná Sinn Féin.

Tá Nesbitt ríméadach mar gur thug sé cor coise don DUP nuair a tharraing siad a n-airí amach as an bhFeidhmeannas agus níos ríméadaí fós mar gur tharraing an DUP drochmheas air féin lena fheachtas ciotach ó shin. Ag an gcomhdháil Dé Sathairn, bhí toscairí ag caint ar “laige” an DUP agus an deis a thabharfadh sé sin dóibh díoltas a bhaint amach as an tsatailt a rinneadh ar Trimble agus ionadaithe eile an UUP.

Rinneadh go leor cainte faoin tuarascáil ar pharaimíleataigh, nó ar an IRA, ba chirte a rá. Níor chuir sé isteach ar an gceannaire go ndúirt an painéal go raibh an UVF ag earcaíocht agus iadsan chomh maith leis an UDA i mbun coiriúlachta.

Anuraidh, bhí Nesbitt, mar cheannaire an UUP i gcomhghuaillíocht leis na heagraíochtaí sin, chomh maith le haontachtaithe eile agus Oráistigh, in éadan Choimisiun na bParáidí, an t-údaras dlíthiúil.

Ach ba chuma faoi sin, is cosúil; cé go bhfuil aontachtaithe (agus daoine nach iad) thar a bheith míshásta faoi fhadmharthanacht an IRA – agus údar acu – ní cúis imní don pháirtí na paraimíleataigh dhílseacha a bheith gníomhach.

Níl siad buartha faoi na paraimíleataigh dhílseacha mar nach bhfuil ionadaíocht acu i Stormont, a deir roinnt acu. Ní údar imní é an teagmháil leo mar go raibh na páirtithe aontachtacha ar fad bainteach leis an gcomhghuaillíocht dhílseach sin anuraidh.

Dá réir sin, ní ábhar é a chaillfeadh vótaí don UUP thar phairtí aontachtach eile. Scéal eile a bheadh ann dá mbeadh an UUP ag iarraidh vótóirí taobh amuigh den ‘chlann aontachtach’ a mhealladh ach go bunúsach bhí Nesbitt ag caint leis na haontachtaithe atá éirithe as vótáil chomh maith leis an gcuid de lucht tacaíochta an DUP atá míshásta le cúrsa an pháirtí sin.

Sin ceann de na fadhbanna don UUP, é ag iarraidh a bheith sách uileghnéitheach fairsing chun liobrálaigh agus lucht tacaíochta an DUP agus an TUV a mhealladh. Teastaíonn uathu aontachtaithe na heite deise a mhealladh lena neamhgheilliúlacht faoin IRA agus, ar an taobh eile, tá cuma níos liobrálaí á cur acu orthu féin, cé nach léir go ndéanfar beart dá réir.

Dúirt Mike Nesbitt ina óráid go raibh na daoine sa phairtí atá i gcoinne an phósta chomhghnéis ag snámh in aghaidh sruth na staire; mar sin féin, dúirt sé ina dhiaidh nach mbeadh sé ag vótáil ina fhábhar. Seans go staonfaidh sé – vótáil sé ina choinne cheana.

Bhí se níos fabhraí don Ghaeilge freisin ná mar a bhí go dtí seo; ní bhfuair sé sin bualadh bos croíúil!

Tá an UUP níos laige sa Tionól ná mar a bhí ariamh, triúr Teachtaí imithe ó toghadh Nesbitt ina cheannaire – David McNarry UKIP, John McCallister Neamhspleach agus Basil McCrea NI21.

Beidh siad ag iarraidh na suíocháin sin a fháil ar ais agus dornán eile a mbeadh seans orthu le haistrithe ó chuile cheard. Ní beag an cúram é agus gan teip iomlán ar an DUP, bheadh an pairtí sin fós chun tosaigh orthu.

Tig linn talamh slán a dhéanamh de, d’ainneoin na cainte faoi scoilteanna sa DUP agus sioscadh in aghaidh Peter Robinson, go dtroidfidh an DUP.

Níl dóthain fianiase curtha ar fáil ag an UUP go bhfuil an taoide casta; chífimid.

Fág freagra ar 'An UUP níos dóchasaí ná mar a bhí le 17 bliain anuas, ach an bhfuil an taoide casta?'