An úsáid a d’fhéadfadh an pobal a bhaint as córais séarachais Údarás na Gaeltachta á meas – Seán Kyne

Tá úsáid na gcóras séarachais atá ar eastáit thionsclaíocha Údarás na Gaeltachta a plé ag Aire Stáít na Gaeltachta leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus le hUisce Éireann

An úsáid a d’fhéadfadh an pobal a bhaint as córais séarachais Údarás na Gaeltachta á meas – Seán Kyne

Tá an úsáid a d’fhéadfadh an pobal a bhaint as na córais séarachais atá ar eastáit thionsclaíocha de chuid Údarás na Gaeltachta á plé ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne le hoifig an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Thug an tAire Stáit Kyne le fios go raibh seo déanta aige mar gur cheist í seo a bhí “tábhachtach” do phobal na Gaeltachta.

Dheimhnigh an tAire Stát freisin go raibh “comhráití ginearálta” ar bun ag Údarás na Gaeltachta le hUisce Éireann maidir le cásanna éagsúla ina mbíonn forbairtí ar chórais fuíolluisce ar siúl.

Luaigh sé go sonrach comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus Uisce Éireann maidir le seirbhísí cóireála fuíolluisce a chur ar fáil do don phobal i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall agus sa Spidéal i gConamara.

Agus ceist Dála a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív á freagairt aige, dúirt an tAire Stáit go raibh sé curtha in iúl d’Uisce Éireann go raibh an tÚdarás toilteanach iniúchadh a dhéanamh ar an úsáid “níos leithne” a d’fhéadfaí a bhaint as a gcuid áiseanna cóireála fuíolluisce.

Suas le scór córas fuíolluisce atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta i gceantair Ghaeltachta le blianta anuas. Tá na córais seo ag freastal ar chomhlachtaí gnó agus páirceanna gnó ar fud na Gaeltachta.

Is córais bheaga aonair atá i gceist le cuid de na háiseanna agus is córais chóireála fuíolluisce iad a bhformhór, a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kye.

“Cé nach bhfuil soláthar áiseanna cóireála fuíolluisce cónaitheach, tráchtála nó pobail mar shainchúram ar Údarás na Gaeltachta, d’fhorbair an tÚdarás ionaid chóireála fuíolluisce, go príomha, ar nó gar d’eastáit thionsclaíochta nó páirceanna gnó a bhí i seilbh na heagraíochta chun cruthú fostaíochta i gcomhlachtaí lonnaithe ar na páirceanna seo a éascú,” a dúirt sé.

Ba i gcásanna “eisceachtúla” a ceanglaíodh áiseanna pobail de na hionaid chóireála fuíolluisce a bhí suite ar nó gar d’eastáit thionsclaíochta. I gcásanna eile, bhí an tÚdarás sásta comhoibriú le húdaráis áitiúla agus le hUisce Éireann chun áiseanna nó talamh a chur ar fáil.

Dheimhnigh an tAire Stáit Kyne go raibh an tÚdarás sásta comhoibriú le heagraíochtaí eile Stáit a bhí ag iarraidh áiseanna cóireála fuíolluisce cónaitheach agus tráchtála a chur ar fáil do phobail Ghaeltachta a bheadh “ar leas na bpobal sin”.

Fág freagra ar 'An úsáid a d’fhéadfadh an pobal a bhaint as córais séarachais Údarás na Gaeltachta á meas – Seán Kyne'