Ionsaí déanta ag an Rúis ar Ospidéal Máithreachais in Mariupol – tuairiscí

Tuairiscí ón Úcráin gur sháraigh an Rúis an socrú éalaithe is déanaí in Mariupol

Ionsaí déanta ag an Rúis ar Ospidéal Máithreachais in Mariupol – tuairiscí

Tá tuairiscí ag teacht ó údaráis na hÚcráine gur buamáladh ospidéal máithreachais i gcathair Mariupol sa deisceart. Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy go raibh daoine fós faoin smionagar agus scaip sé íomhánna a léirigh an-damáiste don fhoirgneamh. Ní fios an mó duine atá leonta san ionsaí.

Bhí sos comhraic 12 uair an chloig aontaithe le bealaí éalaithe a thabhairt do dhaoine as cúig chathair sa tír óna 9.00 am inniu ach dúirt Dmytro Kuleba, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine gur sháraigh an Rúis an socrú sin i Mariupol agus nár fhéad daoine éalú dá bharr.

Dúirt Cumann na Croise Deirge ar maidin go raibh uisce glan, bia, teas agus aibhléis an-ghann tar éis seachtain buamála agus léigir agus go raibh cúrsaí ‘apacailipteach’ sa gcathair sin.

Bhí cainteanna ag Sainsailéir na Gearmáine agus Uachtarán na Rúise inniu féachaint an bhféadfaí teacht ar réiteach leis an taidhleoireacht.

Coicís ó d’ionsaigh an Rúis an Úcráin, tá iarmhairtí an chogaidh ansin le feiceáil go soiléir anseo sa mbaile agus ar fud na cruinne.

Tá praghas ola ardaithe breis is 30% agus a shliocht sin ar phraghas tháirgí uile an mhargaidh dhomhanda. Taisce 90 lá amhola agus ola scagtha atá ag an tír seo faoi láthair.

Tá sé ina mhórimní faoin ardú ar an gcostas iompair agus lastais chomh maith leis an soláthar breosla. Dúirt an Taoiseach inniu nach dóigh leis go mbeadh aon ghá ciondáil a dhéanamh ar pheitreal agus ola d’ainneoin na géarchéime. Tuairiscíodh ar Raidió na Gaeltachta ar maidin inniu nach raibh roinnt trálaer i Ros an Mhíl in ann a ndóthain breosla a fháil dá gcuid bád le ghabháil ag iascach amach ar an domhain go dtí Banc Porcupine agus go bhféadfadh iasc a bheith gann agus daor dá bharr.

Le déileáil leis an mboilsciú sin ar phraghas breosla d’fhógair an Rialtas inniu go laghdófaí dleacht mháil ar pheitreal agus díosal. Ó mheán oíche anocht beidh lítear peitril 20 cent níos saoire agus díosal 15 cent níos saoire. Ísleofar díosal glas na talmhaíochta 2 cent an lítear. Cosnóidh an laghdú máil sin €320 milliún ar an tír.

De bharr an chogaidh san Úcráin, gráinseach na hEorpa, is gann ag pobal na tíre sin a bheidh a gcuid gráin féin in 2022 má éiríonn leo curaíocht ar bith a dhéanamh. Tá cosc fógartha ag an rialtas ansin ar easpórtáil gráin -muiléad, ruán, eorna, seagal, chomh maith le feoil, siúcra agus salann go deireadh na bliana seo. D’fhógair an tSeirbia chomh maith nach mbeadh cead plúr, grán buí, cruithneacht ná ola chócaireachta a easpórtáil ón lá amárach. D’fhógair an Indinéis go gcuirfí srianta ar easpórtáil ola phailme na tíre leis an soláthar baile a chaomhnú. Fágfaidh seo go mbeidh an soláthar sin le foinsiú áit éigin eile.

Dúirt Gníomhaireacht Bia na Náisiún Aontaithe inniu go raibh 20.7% d’ardú ar phraghas bia le bliain.

Bhí cruinniú ag an Aire Talmhaíochta, Charlie McConalogue, le hionadaithe na bhfeirmeoirí inné agus é ag iarraidh ar fheirmeoirí na tíre barraí a chur i mbliana le soláthar bia agus farae a chinntiú. Ar ndóigh ceann de na hiarmhairtí ar an ola a bheith gann agus daor go bhféadfadh leasú saorga talún a bheith daor agus gann chomh maith. Tá coiste le bunú ag an Rialtas le díriú ar shlándáil is soláthar bia.

Fág freagra ar 'Ionsaí déanta ag an Rúis ar Ospidéal Máithreachais in Mariupol – tuairiscí'