An tsraith iomána thar a bheith leamh agus gan mórán fiúntais in aon chor inti

Ach mura mbíonn fiúntas nó faobhar sna cluichí caillfidh méid áirithe leantóirí suim freastal ar na cluichí sraithe sin

An tsraith iomána thar a bheith leamh agus gan mórán fiúntais in aon chor inti

Bhaineas an-taitneamh as dhá chluiche an deireadh seachtaine seo caite agus áthas orm go bhfuil, ar a laghad, foireann amháin ag taispeáint dintiúir an-dearfach faoina mbainistíocht nua. Tá mo chontae féin, Corcaigh, ag cruthú go maith freisin agus deich gcúl acu go dtí seo i mbliana.

Sea táim ag scríobh faoin tsraith peile mar ní fhéadfá mórán atá dearfach a scríobh faoin cheann na iomána. Tá sí thar a bheith leamh agus gan mórán fiúntais in aon chor inti.

Bhí daoine ag caitheamh anuas ar Anthony Daly i ndiaidh an chéad bhabhta sraithe agus é ag rá nach raibh ach luach dhá euro ar bhonn sraithe agus gur dóigh leis nach bhfuil mórán meas air in aon chor (cé nach bhfuil ceann aige féin).

Tamall fada ó shin nuair a bhíos óg d’imríos cúpla bliain sa tsraith peile agus iomána.

Bhí an t-ádh orm (más ádh é) bonn sraithe peile a bhuachaint i 1980. Riamh ó shin ní dóigh liom gur scríobh nó go ndúirt aon duine fúm go raibh bonn sraithe agam. Táim féin, díreach á lua anois chun pointe a dhéanamh. Cé gur bonn sraithe peile é, fós níl aon mheas air.

Ach tá sprioc agus fiúntas sa tsraith peile. Tá ardú céime agus dícháiliú ag baint léi. Do chontaetha áirithe tá áit i gcraobhchomórtas Chorn Sam Mhig Uidhir ag brath ar thorthaí na sraithe.

San iomáint is beag sprioc a bhíonn ag an gcuid is mó d’fhoirne láidre na hiomána. Bhí na cluichí sraithe a chonaic mé an deireadh seachtaine seo caite gan gearradh ná faobhar.

Is bocht an luach a fuair na leantóirí ar a gcuid airgid, daoine a d’íoc €18 an duine agus b’fhéidir airgead taistil agus bia, chun freastal ar chluiche ina raibh sórt meon cuma liom ag baint leis na taispeántais.

B’fhéidir go bhfuil an cáineadh sin cineál dian ar imreoirí amaitéaracha atá ag cur an t-uafás isteach ina spórt ach tá ‘comhábhar’ éigin in easnamh ar chomórtas na sraithe iomána.

Cinnte tá suim ag leantóirí freastal ar chluichí, go háirithe mar go bhfuil beagnach sé mhí ann ó bhí cluichí idirchontae againn. Ach mura mbíonn fiúntas nó faobhar sna cluichí caillfidh méid áirithe leantóirí suim freastal ar na cluichí sraithe sin.

Ó thaobh na n-imreoirí agus na bhfoirne bainistíochta de, tá sé thar a bheith deacair orthu diantraenáil a dhéanamh i rith na seachtaine agus ansin a bheith bíogtha do na cluichí ag an deireadh seachtaine. B’fhéidir go bhfuil sé in am fáil réidh leis na cluichí réamhshraithe agus na cluichí sraithe a thosnú agus a chríochnú níos luaithe. Ní dóigh liom go bhfuil babhtaí leathcheannais ag teastáil (mar atá ann i mbliana). Bheadh mí acu ansin chun ullmhú don chomórtas craoibhe.

Is dócha go bhfuil sé in am freisin duais mhór go leor airgid a thabhairt don bhuaiteoir ag gach leibhéal chun saoire thar sáile a thabhairt don phainéal. Thar na blianta is iomaí athrú atá déanta ar dhéantús na sraithe agus is cosúil go bhfuil sé in am dianmhachnamh a dhéanamh arís go luath.

Ar pháirc na himeartha tá Luimneach ag taispeáint dúinn go luath i mbliana go bhfuil doimhneacht sa phainéal agus go bhfuil súil acu na coirn go léir a bhuachaint.

Táim an-tógtha freisin leis an dul chun cinn atá déanta ag iománaithe Chill Dara atá i roinn 2A. Bhuadar corn Christy Ring anuraidh agus bhí bua stairiúil ag Nás na Rí ar chumann Seir Kieran Uíbh Fhailí i gcraobhchomórtas sinsir Laighean roimh an Nollaig. Go dtí seo tá a dtrí cluiche sraithe buaite acu agus an mhuinín láidir sa champa agus sa chontae.

Fág freagra ar 'An tsraith iomána thar a bheith leamh agus gan mórán fiúntais in aon chor inti'