An tsnáthaid Pfizer-BioNTech ‘sábháilte’ agus ‘éifeachtach’ do pháistí idir 5-11 bliain d’aois

Deir comhlachtaí gur léirigh na trialacha a bhí déanta go dtugann an tsnáthaid cosaint mhaith do pháistí óga

An tsnáthaid Pfizer-BioNTech ‘sábháilte’ agus ‘éifeachtach’ do pháistí idir 5-11 bliain d’aois

Tá sé sábháilte an tsnáthaid Pfizer-BioNTech a thabhairt do pháistí idir 5-11 bliain agus oibríonn sé “an-mhaith” dóibh, a deir lucht déanta na vacsaíne.

Dúirt na comhlachtaí gur léirigh na trialacha a bhí déanta acu i measc daoine óga go dtugann an tsnáthaid cosaint mhaith do pháistí óga agus go mbeifear ag iarraidh beannacht na n-údarás go luath chun é a dháileadh ar dhaoine san aoisghrúpa sin.

Seo an chéad uair gur cruthaíodh a leithéid i dtrialacha.

Tá triail den chineál céanna ar bun ag Moderna faoi láthair.

Thabharfaí dáileog níos lú den vacsaín do dhaoine faoi bhun 12, a dúradh.

“Maidir leis na rannpháirtithe a bhí idir 5-11 bliain d’aois, bhí an vacsaín sábháilte agus níor chuir sé as dóibh agus léiríodh go raibh sé go maith chun antashubstaintí a chruthú chun an galar a chloí,” a dúradh i ráiteas ó na comhlachtaí.

Tá sé gceist ag Pfizer-BioNTech torthaí na dtrialacha a chur faoi bhráid na n-údarás rialála i Stáit Aontaithe Mheiriceá, san Aontas Eorpach agus in áiteanna eile.

Cé nach mbíonn páistí a fhaigheann an Covid-19 chomh tinn is a bhíonn daoine fásta de ghnáth, táthar buartha faoin gcineál Delta den víreas, go háirithe agus na scoileanna oscailte arís.

Idir an dá linn, tá ráite ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte nár cheart ach ról teoranta a bheith ag mearthástálacha antaigine i maolú scaipeadh an Covid-19 agus go raibh amhras ann faoina éifeachtaí is bhí na tástálacha sin i measc daoine nach mbíonn comharthaí sóirt an ghalair orthu.

Fág freagra ar 'An tsnáthaid Pfizer-BioNTech ‘sábháilte’ agus ‘éifeachtach’ do pháistí idir 5-11 bliain d’aois'