‘An tslí a caitheadh leis na daltaí bhí sé náireach, ach tá a bhformhór in aois vótála’

Labhair Tuairisc.ie le príomhoidí, múinteoirí agus daltaí faoi chinneadh an Rialtais scrúduithe na hArdteiste a chur ar ceal

‘An tslí a caitheadh leis na daltaí bhí sé náireach, ach tá a bhformhór in aois vótála’

Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide agus múinteoir Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin

Fáiltímid roimh chinneadh dearfach ag an tráth seo, ceapaim go bhfuil sin tuillte ag rang na hArdteiste 2020.  Bhí an-bhrú ar dhaltaí le cúpla seachtain anuas agus bhí sé an-deacair a bheith á spreagadh nuair nach raibh a fhios againn an obair in aisce a bheadh ann. 

Thar aon rud eile, tá sé an-deacair a bheith idir dhá uisce.

An dúshlán ba mhó a bhí roimh na daltaí agus na múinteoirí ná an éiginnteacht. Is é is tábhachtaí agus cinneadh á dhéanamh gur cinneadh ar son leas iomlán na ndaltaí atá ann.

Ceapaim go bhfuil sé ceart agus cóir go mbeadh an deis ag aon scoláire ar mhaith leo an scrúdú a dhéanamh é a dhéanamh amach anseo nuair a bheidh sé sábháilte. 

Mar dhaoine proifisiúnta, oideachasóirí, tuigeann muid na gasúir seo agus caithfidh muid muinín a bheith againn as an bpróiseas nach mbeidh aon duine síos leis agus go mbeidh féaráilte.

 

 

Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí

Is bliain eisceachtúil atá inti agus caithfidh muid glacadh leis. An rud is cóir agus is féaráilte na múinteoirí a chur i gceannas ar na gráid. Níl aon chóras cothrom eile ann.  

Tá sé an-deacair ar an rialtas ach is é an trua é nár tógadh an cinneadh níos luaithe.

Mo dhaltaí féin, tá muinín caillte acu, bhí sé an-deacair orthu.

An tslí a caitheadh leis na daltaí le roinnt seachtainí anuas, tá sé náireach. Sílim go ndéantar dearúd go bhfuil formhór na ndaltaí in aois vótála.

Dá mbeinnse sa rialtas anois bheinn beagáinín imníoch faoin tslí a mbeidh na daltaí sin ag vótáil an chéad uair eile. 

An-chuid scéalta sa nuacht, bíonn siad ag caint ar fhadhbanna a bhaineann le torthaí réamh-mheasta a bhronnadh agus faoin mbaol go bhféadfadh múinteoirí a bheith claonta in aghaidh dalta.

Is seafóid é sin. Is daoine proifisiúnta muid.

Tá muid ag déileáil leis na daltaí seo lá i ndiaidh lae agus bíonn muid á dtástáil seachtain i ndiaidh seachtaine. Tuigeann muid go díreach cá bhfuil siad ar an scála. Caithfear muinín a chur sna múinteoirí. 

Bhí caint ann faoi mharcanna na mbréagscrúduithe agus torthaí eile a chur ar aghaidh chuig Coimisiún na Scrúduithe Stát agus go ndéanfaidís sin na marcanna a bhronnadh bunaithe ar na torthaí sin.

Bhí mise ina choinne sin. Is minic a bhíonn dianmharcáil á déanamh ar na bréagscrúduithe le spreagadh a thabhairt do na daltaí agus ní fíorléamh iad ar na marcanna a gheobhaidís i scrúdú na hArdteiste. 

Tá an cinneadh is déanaí doiléir go maith. Tá coimhlint idir rangú agus tuairim an mhúinteora. An bhfuil cumhacht ag an rangú nó ag tuairim an mhúinteora?

Tá 170 dalta againn sa scoil ag déanamh staidéar ar an nGaelainn agus beidh orainn teacht le chéile agus rangú a dhéanamh ar an 170, bunaithe ar ábhar seachas ar rang.

Tá sé ag brath ar thorthaí eile; n’fheadar, ní dúradh aon rud faoi theip.

Tá an 40% don scrúdú cainte ar fáil anois agus beidh ceist ann faoi sin agus muid ag tuar na ngrád. Beidh iomaíocht ghéar idir na leaideanna maithe, na leideanna atá ag súil le H1, H2.

 

Tony Ó Murchú, Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gCill Mhantáin

Ní bheinn róshásta faoin gceannaireacht atá faighte againn ón Roinn Oideachais le cúpla seachtain anuas mar tá cumarsáid thar a bheith tábhachtach ag am mar seo. Bhí go leor scéalta éagsúla ag teacht ó na meáin chumarsáide seachas ó fhoinsí oifigiúla na Roinne.

Níorbh aon chabhair é sin do na daltaí ná na múinteoirí.

Sílim go raibh an oiread sin fadhbanna acu leis an bplean do mhí Iúil agus Lúnasa go raibh orthu plean eile a aimsiú.

Córas trioblóideach casta é marcanna réamh-mheasta a bhronnadh ach i ndáiríre sílim gur réiteach níos fearr atá ann ná dul ar aghaidh leis an scrúdú. 

Bhí muid ag leanúint ar aghaidh leis an bhfoghlaim ach an fhadhb is mó a bhí againn ná mí Iúil a bheith chomh fada sin ar shiúl agus go raibh sé deacair daltaí a spreagadh an t-achar fada sin. 

Beidh faoiseamh éigin ar na daltaí agus na múinteoirí ó tharla cinneadh agus plean ceart déanta, chomh fada agus nach dtiocfaidh athrú eile air. 

 

Lauren Ní Fhearraigh, dalta Ardteiste i bPobalscoil Ghaoth Dobhair

Bhí sé iontach doiligh ón am ar fhág muid an scoil. Dom féin agus do chuid mhaith daltaí ar fud na tíre, bhí sé iontach deacair spreagadh a fháil le staidéar a dhéanamh.

Bhí na múinteoirí ag déanamh a ndíchill, ach tá a fhios thart fán tír go raibh daltaí eile ag streachailt.

Ní raibh na múinteoirí ábalta a bheith ag obair ar líne. Tuigim nach raibh traenáil déanta ag na múinteoirí agus nach raibh siad réidh do rud mar seo. 

Tá mé giota beag buartha faoi na marcanna réamh-mheasta. Nuair a bhí muid ag gabháil do na bréagscrúduithe agus na scrúduithe ranga eile shíl muid nach raibh aon tábhacht leo ach anois thig leo an difear a dhéanamh idir H1 agus H2. 

Caithfidh tú glacadh le cibé rud a thugtar duit agus mura bhfuil tú sásta leis na torthaí, beidh ort an scrúdú a dhéanamh arís. Ní bheinn féin in ann é a dhéanamh i mí Eanáir, tá sé i bhfad rófhada ar shiúl agus ní bheadh rogha ann áit a fháil ar chúrsa ollscoile. 

Tá muinín agam sna múinteoirí atá agam ach tá a fhios agam go bhfuil daltaí fán tír imníoch go gcuirfeadh rudaí nó cúrsaí pearsanta isteach ar na marcanna a gheobhaidh siad. 

Níl réiteach foirfe fána choinne agus tá mé ag déanamh gurb é seo an réiteach is fearr atá ann. Ghlac sé am agus sa deireadh thiar, beidh muid in ann anáil a tharraingt. 

 

Alex Mac Seóin, dalta i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin

Tá mé sásta, is mór an faoiseamh é. Bhí cuid againn ar aon chaoi ag streachailt ag iarraidh a bheith ag obair ón mbaile. Bhí mé féin ag súil go mbronnfaí torthaí réamh-mheasta.

Níl sé féaráilte do chuile dhuine ach feictear domsa gurb é an chaoi is féaráilte tríd is tríd agus go bhféadfaimid an scrúdú a dhéanamh amach anseo mura mbeidh muid sásta. D’fhág siad rófhada é freagra a thabhairt dúinn.

Bhí cairde liom ag caoineadh liom ar an bhfón mar go raibh an oiread sin strus orthu, bhí cairde eile a bhí ag obair i siopaí agus ag iarraidh staidéar a dhéanamh ag an am céanna.

Freisin, chuir mé litir chuig an Aire Oideachais Joe McHugh le mo chás a phlé. Tá mé ag freastal ar Choláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin, agus i mo chónaí i mBaile Átha Cliath.

Bhí mé ag fanacht le teaghlach ar an oileán agus ní raibh a fhios againn ar chor ar bith cén tslí a n-oibreodh sé sin amach.

D’fhógair siad nach raibh cead ag daoine dul chuig na hoileáin le linn mhí Iúil agus Lúnasa, tráth a raibh na scrúduithe le bheith ann. Tá seachtar againn as áiteanna ar fud na tíre i mbliain na hArdteiste sa scoil.

Ní raibh muid ag iarraidh dul chuig an oileán agus an baol ann go bhféadfaimis an víreas a thabhairt isteach linn chuig na hoileánaigh a bhí slán ón víreas go dtí seo.

 

Ógie Ó Céilleachair, múinteoir, Gaelcholáiste Luimnigh

An rud is fearr do gach duine go mbeadh an scrúdú Ardteiste ann ach níl sé indéanta. Cad a tharlódh dá mba rud é go mbeadh an Ardteist ar siúl agus go raibh ráig den víreas briste amach i scoil amháin?

Ní raibh mórán de rogha acu.

Tá ráite go mbeidh miontreoirlínte á gcur amach chuig an scoil agus beidh sé suimiúil iadsan a fheiceáil. Is iad na ceisteanna a bheadh agamsa ná cad iad na saghsanna torthaí a bheidh á gcur san áireamh.

An mionscrúduithe a bheidh ann, scrúduithe na Nollag, na bréagscrúduithe?

Tá scrúdú ann a dhéanann tástáil ar ábaltacht an dalta agus ba mhaith liom fáil amach an mbeidh ábaltacht an dalta á cur san áireamh.

Fág freagra ar '‘An tslí a caitheadh leis na daltaí bhí sé náireach, ach tá a bhformhór in aois vótála’'