Sa lá atá inniu ann is gnách gur cruth ciorclach a bhíonn ar na bandaí a bhíonn le feiceáil ar gheansaithe contae agus cumainn CLG – na cinn órga a théann trasna chliabhraigh pheileadóirí Chiarraí agus bandaí buí iománaithe Thiobraid Árann. Straidhpeanna rogha Chill Chainnigh.
Téigh siar sa stair – san iománaíocht go háirid – agus feicfidh tú go mba nós le roinnt mhaith de na seanfhoirne fadó sais a bheith ina ngeansaithe – ceann a rith go trasnánach ó ghualainn amháin go híochtar ar an taobh eile.
Is beag club fiú a bhfuil an stíl sin i gcónaí acu, ach ar cheann tá Maigh Cuilinn a imreoidh i gCluiche Ceannais Sinsearach na Gaillimhe den chéad uair le hos cionn dhá scór bliain nuair a thabharfaidh siad féin agus An Creagán-Maigh Locha aghaidh ar a chéile ar Pháirc an Phiarsaigh inniu. Is fiú a lua freisin gur dathanna agus straidhpeanna ar aon dul le Cill Chainnigh geansaí traidisiúnta mhuintir thuaisceart an chontae.
Tá dáimh faoi leith agam leis an gcaoi a gcothaíonn rudaí beaga ar nós sais Mhaigh Cuilinn ómós agus ceangal leo siúd a cheap ar dtús iad dá bhfoirne agus an dream a choinnigh an cleachtas beo ina ndiaidh. Cúpla bliain ó shin agus mé ag cluiche a bhí an cumann a imirt, thug mé faoi deara go raibh an sais imithe agus cuid den ornáidíocht nua-aimseartha seo a fhágann stíl gheansaithe á n-athrú go rialta tagtha ina n-áit.
Ní mba rud é a thaithnigh liom agus bhí mé thar a bheith sásta bliain ina dhiaidh sin go raibh an tsais bhán i réim arís ag Maigh Cuilinn.
Tá sé traidhfil blianta ó shin ó thug úinéirí na gclubanna móra sacair isteach an nós a bheith ag athrú stíl na ngeansaithe go rialta. Ag tochas ar a gceirtlín féin a bhíodar siúd ar ndóigh – is mó i bhfad de chloch ar a bpaidrín a bheith ag tarraingt uisce chuig a muilte féin ná aon rud a bhaineann le dílseacht agus traidisiún.
Ceantar iomána ab ea Maigh Cuilinn nuair a cuireadh tús le Cumann Lúthchleas Gael agus fiú nuair a bhí an eagraíocht deich mbliana fichead ar an bhfód ní raibh aon chaint ar an liathróid choise.
Bhí an scríbhneoir, an t-iriseoir agus an poblachtach Tomás Bairéad, a rugadh ar an mBaile Dóite in 1893, ar chuid de na foirne ba thúisce ag Maigh Cuilinn agus dúirt seisean:
‘Ní fhaca muintir an pharóiste aon pheil riamh nó gur thug sagart óg ann í tráth a raibh an báire buille lag.
Níl a fhios cén dochar a rinne sé don bháire mar nuair a thosaigh an báire arís bhí beagnach gach uile rud a bhain leis caillte.’
Ní luann Bairéad a shloinne ná cérbh as é, ach go mba ‘Sagairtín Mhuire Mháthar’ an leasainm a bhí air. Deir sé freisin go raibh sé ar bheagán Gaeilge, cé go raibh sí láidir ina cheantar dúchais, áit arbh í an pheil a bhí in uachtar inti freisin.
Níl a fhios agam an bhfuil aon bhaint aige sin ar fad leis an gcúis go mba dhá chumann faoi leith ab ea Cumann Peile Mhaigh Cuilinn agus an Cumann Iomána an uair sin agus gurb ea i gcónaí – cé gur chaitheadar tamall fada, idir 1914 agus 1961, mar aonad amháin.
San achar a mhair Tomás Bairéad a bhásaigh i 1973 níorbh é an oiread sin d’athrú a bhí tagtha ar Mhaigh Cuilinn ná go deimhin ar an gcuid eile d’Éirinn, go háirid faoin tuath.
Inniu is ar éigean a d’aithneodh sé a cheantar dúchais – tá an scéal céanna le haithris faoi aon pharóiste eile atá taobh le cathair.
Dhéanfadh sé iontas freisin de liosta a gcuid peileadóirí – gan oiread agus imreoir amháin de shloinne Mhic Fhlannchadha ar na deich n-ainm agus fiche atá ar chlár na himeartha inniu – cé go bhfuil Cathal agus Seán Mac Fhlannchadha ina roghnóirí – gan aon dé ach an oiread ar mhuintir Mhaoilia, Ghabháin ná Fáthartach, na sloinnte ba thréine orthu le céad bliain anuas.
Is fíor go bhfuil ann fós Ceallach nó dhó, Loideánach, peileadóirí den sloinne Uí Bhótháin, Mhic Lochlainn, Chonghaile agus Uí Dhabharáin, dream a bhí tréan freisin ar fhoirne Mhaigh Cuilinn ó aimsir an Bhairéadaigh.
Is beag Breadsach, Déin, Gallchórach, Paorach, Coirc. Frighil ná Guithín a bhí sa bparóiste lena linn ach tá siad inniu ann, bail ó Dhia orthu.
Agus seo an áit a dtagann an tsais bhán isteach sa scéal arís. Tá chuile mhac máthar acu sin agus a muintir chomh muirneach, mórtasach aisti agus a bhí an t-údar agus iad siúd a chuaigh amach ar an bPáirc Theas i gCladach na Gaillimhe ar an 11 Iúil 1914 ina gcuid bróga tairní.
Cúis eile a bhfuil luí agam le geansaí Mhaigh Cuilinn is ea go gcuireann sé Pádraic ‘Dandy’ Ó Ceallaigh i gcuimhne dom i gcónaí.
Níor saolaíodh agus ní shaolófar go deo sa bparóiste sin duine a bhí níos dílse dá chumann ná Ceallach Dhroim an Mhúcháin a bhásaigh go hóg in 2001. Chaith sé geansaithe na hOllscoile agus na Gaillimhe lenar bhuaigh sé Craobh Chonnacht i 1983, ’84, ‘ 86 agus ’87. Ach uair ar bith a gcuimhnímse air, is é geansaí ghlas Mhaigh Cuilinn a bhfuil an tsais bhán air atá ar a dhroim – gan aon spáráil aige ar a mhíle dícheall.
Beidh an geansaí sin ar a chlann mhac Seán, Pól agus Eoghan ar Pháirc an Phiarsaigh inniu agus ní bheidh a n-athair, trócaire air, i bhfad ó bhaile.
Fág freagra ar 'An tsais a chaith m’athair – i gcluiche ceannais na Gaillimhe'