‘An tréimhse 5 bliana amach romhainn ‘criticiúil’ má tá ‘aon rath le bheith ar an nGaeltacht’ – Cathaoirleach Bhord an Údaráis

Deir Anna Ní Ghallchair go mbeidh gá ‘le straitéis shoiléir’ chomh maith ‘le hacmhainní cuí’ i réimse na pleanála teanga má tá aon má tá aon rath le bheith ar an nGaeltacht 'mar phobal teanga faoi leith'

Language-Centre-Anne-Gallagher-NUI-Maynooth

Beidh an tréimhse cúig bliana amach romhainn “criticiúil” má tá aon rath le bheith ar an nGaeltacht “mar phobal teanga faoi leith” a deir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta.

Ina ráiteas san Athbhreithniú ar 2015 atá foilsithe ag Údarás na Gaeltachta ar maidin, deir Ní Ghallchair go bhfuil pobal na Gaeltachta ag obair “go fonnmhar, dúthrachtach” ar an bpleanáil teanga i bpáirt leis an Stát, ach go mbeidh “gá le straitéis chomhordaithe shoiléir, chomh maith le hacmhainní cuí” má táthar chun tógáil ar an obair atá déanta go nuige seo.

Fógraíodh naoi gcinn  de Limistéir Pleanála Teanga (LPT) le linn na bliana 2015, rud a fhágann go mbeidh 18 ceanneagraíocht pleanála teanga ag ullmhú pleananna teanga in 2016.

Táthar ag súil go mbeidh naoi gcinn de na heagraíochtaí teanga sin ag cur pleananna teanga faoi bhráid an Aire Gaeltachta i lár na bliana seo.

Cuirfear tús i mbliana le cruinnithe eolais sna trí bhaile a roghnaíodh mar ‘Bhailte Seirbhíse Gaeltachta’ mar chuid den phróiseas pleanála teanga. D’aontaigh an tÚdarás agus Foras na Gaeilge córas oibre maidir le feidhmiú an phróisis sna bailte sin.

Tá sé i gceist ag an Údarás chomh maith cur leis an ábhar atá ar fáil do phobal na Gaeltachta a chuirfidh leis an bhfeasacht i measc an phobail faoin bpleanáil teanga.

Maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a d’eagraigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag deireadh na bliana seo caite,  dúirt Ní Ghallachair go raibh súil ag an Údarás go “leagfar síos tosaíochtaí praiticiúla, réalaíocha, intomhaiste” don chúig bhliana atá romhainn mar thoradh ar an bpróiseas sin

Fág freagra ar '‘An tréimhse 5 bliana amach romhainn ‘criticiúil’ má tá ‘aon rath le bheith ar an nGaeltacht’ – Cathaoirleach Bhord an Údaráis'

  • padraig

    ‘Níl sé ‘cool’ Gaeilge a labhairt’. Sin an freagra a fuair mé nuair a cheistigh mé gasra óg (as Gaeilge) faoi bheith ag labhairt Béarla bíodh go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. D’fhreagair said as Gaeilge mé. ‘Tá sé cool Gailge a labhairt’ arsa mise leo, tá sé thar a bheith cool, gnéasach, cuanna, caithiseach agus mealltach. Ba cheart go ndéanfadh síceolaí/socheolaí/teangeolaí mionanailís ar an mbéascnaíocht thar a bheith amaideach, seafóideach gan bhrí sin, bhfuil a leithéid ar fáil?