An Traidphicnic ar camchuairt i gConamara an deireadh seachtaine seo

An deireadh seachtaine seo, beidh Traidphicnic ag dul ar camchuairt i gConamara agus é socraithe acu seiteanna a chasadh taobh amuigh de thithe altranais sa cheantar

An Traidphicnic ar camchuairt i gConamara an deireadh seachtaine seo

Cé nach mbeidh an fhéile Traidphicnic ar siúl ar an Spidéal i mbliana de bharr Covid-19 tá beartaithe ag an lucht eagraithe blaiseadh den phléaráca a thabhairt don phobal as seo go ceann cúpla seachtain.

An deireadh seachtaine seo, beidh Traidphicnic ag dul ar camchuairt i gConamara agus é socruithe acu seiteanna a chasadh taobh amuigh de thithe altranais sa cheantar.

I gcomhar le Lally Tours agus Cogar Céilí Band, tabharfar cuairt Dé Domhnaigh ar thithe altranais ar an Spidéal, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna agus seinnfear ceol dóibh siúd atá ina gcónaí ann.

Tá súil ann go gcuirfear tús leis na seisiúin ag 12.00pm Dé Domhnaigh ag Áras Chois Fharraige ar an Spidéal. Casfar ar feadh leathuair an chloig agus ansin rachfar siar go dtí Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ar a 2.00pm. Táthar ag súil le bheith ag Teach Altranais Charna ansin ag 4.00pm.

Ina measc siúd a bheidh ag casadh beidh Cogar Céilí Band, Mick Clancy, Cormac Ó hAlmháin, Ferdie Whelan, Maidhc Ó hÉanaigh, Paul McClure, Neasa Ní Chonghaile, Seosamh Ó Fatharta, Meghan Davoren agus Sabhbh Ní Fhátharta.

Ní hé sin deireadh leis na himeachtaí atá beartaithe ag lucht an Traidphicnic ach an oiread. Cé nach mbeidh an fhéile ann i gCeardlann an Spidéil i mbliana, reáchtálfar Traidphicnic ar líne idir 3-5 Iúil agus scata ceoltóirí aitheanta le bheith ag casadh thar an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar 'An Traidphicnic ar camchuairt i gConamara an deireadh seachtaine seo'