Tá bosca poist dá chuid féin ag chuile áitritheoir san ionad cúraim ina bhfuil cónaí ar mo mháthair, agus an lá faoi dheireadh, céard a bhí istigh ann ach an doiciméad a theastóidh uaithi chun vóta a chaitheamh sa toghchán Eorpach.
(San Ísiltír, mar a bhfuil cónaí ar mo mháthair, ní gá duit clárú roimh ré chun vóta a chaitheamh; cuireann an bardas pas vótála chugat agus caithfidh tú an pas sin a thabhairt leat go dtí an t-ionad vótála.)
Humh, a shíl mé, agus anois?
Ar éigean a thuig mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, céard a bhí ar siúl an uair dheireanach a chuaigh mé ag vótáil léi. Tá cúpla bliain ann ó bhí an toghchán sin ann, ceann áitiúil más buan mo chuimhne, agus gan dabht tá an galar atá uirthi tar éis dul i ndonas ó shin.
An chéad cheist a bhí le réiteach i m’aigne ná cén páirtí agus cén t-iarrthóir a gcaithfeadh mo mháthair vóta dóibh sa chéad dul síos dá dtuigfeadh sí fós céard is toghchán ann.
I gcás mo mháthar, ní raibh an cheist sin ródheacair. Bean í a chaith vóta don pháirtí céanna ar feadh a saoil agus céard a bheadh le déanamh ach cloí leis an traidisiún sin.
An dara ceist, áfach, ná oibriú amach cén chaoi a gcaithfeadh sí an vóta sin.
Gan dabht, tá gach vóta pearsanta agus rúnda agus níl cead ag duine eile dul isteach sa bhoth vótála leat chun cabhair a thabhairt duit. San Ísiltír, níl a leithéid ann agus Liosta na Vótálaithe Speisialta mar atá in Éirinn agus an t-aon bhealach a bhféadfadh duine nach dtuigfeadh cén chaoi le vóta a chaitheamh é féin a vóta a chaitheamh, ná iarraidh ar dhuine eile é sin a dhéanamh ar a shon.
Ach sin í an fhadhb: bíonn ar an duine nach mbíonn ar a chumas vóta a chaitheamh iarraidh ar na húdaráis ligean do dhuine eile vótáil ar a shon é féin. I gcás mo mháthar, mar shampla, ní féidir liomsa cead a iarraidh ar a son a vóta a chaitheamh di.
Gan dabht, níl ar chumas mo mháthar an fhoirm a bheadh uirthi a líonadh isteach a líonadh isteach, dá líonfainnse an fhoirm isteach di bheadh orm a síniú a fhalsú, agus leis sin, chaith mé na hiarrachtaí a chinntiú go gcaithfeadh mo mháthair vóta sa toghchán Eorpach i dtraipisí. Bhí sé róchasta.
Agus is é an trua sin. De réir figiúirí ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), tá galar Alzheimer ar 7 faoin gcéad de dhaonra an Aontais Eorpaigh. Gan amhras, tá ar chumas cuid de na daoine sin vóta a chaitheamh fós iad féin; mura mbíonn an galar ach ina thús, ní bheadh mórán deacrachtaí ag duine tic a chur i mbosca. Ach is baolach go gciallaíonn an maorlathas agus an mhéiseáil a bhíonn i gceist le vóta a chinntiú dóibh siúd nach dtuigeann céard is vótáil ann a thuilleadh (tá na rialacha in Éirinn sách casta freisin) go bhfágfar na milliúin Eorpach gan ghlór.
Fág freagra ar 'An toghchán Eorpach – fágfar na milliúin a bhfuil galar Alzheimer orthu gan ghlór'