An toghchán Eorpach: bogadh mór ar dheis ar na bacáin?

An Ísiltír an chéad tír a bheidh ag vótáil sa toghchán Eorpach a reáchtálfar an tseachtain seo, agus tharlódh gur léiriú a bheidh sa toradh ar bhogadh mór ar dheis a bheith i ndán don AE ar fad

An toghchán Eorpach: bogadh mór ar dheis ar na bacáin?

Inniu, lá níos túisce ná in Éirinn agus cúpla lá níos túisce ná i mórchuid na mballstát eile san Aontas Eorpach, a reáchtálfar an toghchán Eorpach san Ísiltír.

Ní fhoilseofar torthaí oifigiúla an toghcháin go dtí tráthnóna an 9 Meitheamh, nuair a bheidh deireadh leis an vótáil i chuile bhallstát, ach gan dabht beidh pobalbhreitheanna iarvótála ar fáil san Ísiltír tráthnóna inniu, agus léiriú ar a bhféadfadh a bheith i ndán dúinn ar bhonn Eorpach a bheidh iontu sin.

Agus céard a bheidh i ndán dúinn má bhíonn meon na vótóirí sna ballstáit eile cosúil le meon mhuintir na hÍsiltíre?

Bogadh mór ar dheis.

Más fíor do na pobalbhreitheanna deireanacha san Ísiltír, gheobhaidh páirtí an pholaiteora chonspóidigh frithinimirce Geert Wilders, an PVV, a 9 n-oiread vótaí i dtoghchán Eorpach na seachtaine seo agus a fuair siad i dtoghchán 2019.

Tá tú á léamh sin i gceart. Faoi láthair, níl ag páirtí Wilders ach suíochán amháin i bParlaimint na hEorpa, ach más fíor do lucht tuartha na dtorthaí beidh naoi suíochán acu tar éis an toghcháin seo. (Daoine a chaith vóta do pháirtithe eile ar an eite fhíordheis sa toghchán deireanach atá i gcuid de na hÍsiltírigh a chaithfidh vóta don PVV i dtoghchán na bliana seo, áfach – ní hé go bhfuil fás 800 faoin gcéad ar an eite dheis ar fad á thuar.)

Ceist na n-iarrthóirí tearmainn, gan dabht, is cúis leis sin agus is dócha nach bhfuil ballstát ar bith san Aontas nach bhfuil an cheist chéanna ar bharr liosta na n-ábhar is mó atá ag déanamh tinnis do na vótóirí, a bhuíochas sin le pobalóirí ar nós Wilders, Giorgia Meloni na hIodáile, Marine Le Pen na Fraince, agus daoine eile nach iad.

An aeráid agus sábháilteacht na hEorpa an dá mhórthéama eile, agus drochnuacht don aeráid go háirithe a bheadh i mbua mór de chuid na heite deise i dtoghchán na seachtaine seo – go háirithe má éiríonn le feirmeoirí feargacha, a bhfuil go leor acu ann ar fud na hEorpa, ionadaithe dá gcuid féin a thoghadh (tá an chuma ar an scéal go n-éireoidh le páirtí na bhfeirmeoirí san Ísiltír, an BBB, suíochán amháin a ghnóthú.)

Gan amhras, d’aontaigh ballstáit an AE thiar sa bhliain 2021 go mbeadh laghdú 55 faoin gcéad ar astuithe CO2 san Aontas Eorpach faoin mbliain 2030 agus go mbeadh an tAE neodrach ó thaobh an charbóin de faoin mbliain 2050, ach is iomaí dris chosáin a d’fhéadfadh móramh de chuid na heite deise i bParlaimint na hEorpa a chur i mbealach chur i bhfeidhm na reachtaíochta sin.

Ní gá ach oiread go ndéanfadh bua mór de chuid na heite deise leas na hEorpa maidir le ceist na sábháilteachta. Tá dlúthnascanna idir páirtithe éagsúla de chuid na heite fíordheise san Aontas (mar shampla AfD na Gearmáine, FvD agus go pointe PVV na hÍsiltíre, agus Fidesz na hUngáire) agus an Rúis agus tá fairsinge fianaise ann go bhfuil iarrachtaí ar bun ag Vladimir Putin tionchar a imirt ar pholaitíocht bhallstáit na hEorpa agus an Aontais i gcoitinne ar an gcaoi sin.

Gan dabht, tír measartha beag atá san Ísiltír i gcomhthéacs na hEorpa (31 suíochán parlaiminte, i gcomparáid le 96 suíochán na Gearmáine nó 81 suíochán na Fraince) agus ní gá go mbeadh an bogadh mór ar dheis chomh láidir céanna sin sna ballstáit eile agus a bheidh sé, de réir cosúlachta, san Ísiltír. Mar sin féin, is áisiúil an chaoi go mbeidh pobalbhreitheanna iarvótála ón Ísiltír ar fáil sula dtabharfaidh vótóirí na mballstát eile aghaidh ar na bothanna vótála, mar léargas agus go deimhin mar rabhadh ar cé chomh mór agus a d’fhéadfadh an bogadh ar dheis a bheith.

Fág freagra ar 'An toghchán Eorpach: bogadh mór ar dheis ar na bacáin?'