Tá an “tiomantas céanna” don Ghaeilge is a bhí “i gcónaí” ag an Irish Times agus an tEagarthóir Gaeilge a bhí ag an nuachtán le 21 bliain anuas éirithe as.
Baineadh siar as lucht léite ábhar Gaeilge an nuachtáin ag deireadh na bliana seo caite nuair a d’fhógair Pól Ó Muirí go raibh faoi éirí as mar Eagarthóir Gaeilge an nuachtáin.
I ráiteas a chuir an Irish Times ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh nach raibh sé i gceist acu aon athrú a dhéanamh ar an soláthar a dhéantar sa nuachtán don Ghaeilge, leathleathanach gach Luan, agus go raibh siad chomh tiomanta céanna don Ghaeilge agus a bhí i gcónaí.
“The Irish Times remains fully committed to the Irish language. There are no plans for a change to our coverage in this area.”
Is é an t-iriseoir Éanna Ó Caollaí a bhí i mbun eagarthóireachta ar cholún Tuarascáil na seachtaine seo agus is é a bheidh i mbun an chúraim sin go ceann tamaill. Ní rabhthas sásta a rá an socrú buan nó sealadach a bhí ansin nó cé acu an mbeadh post Uí Mhuirí á líonadh go hoifigiúil amach anseo nó nach mbeadh.
Foilsíodh mar is gnáth an tseachtain seo colún Alan Titley, an scríbhneoir ildánach as Corcaigh, agus tuigtear go bhfuil sé i gceist leanúint ar aghaidh le foilsiú an cholúin sheachtainiúil sin, ‘Crobhingne’.
Is faide agus is láidre atá traidisiún na Gaeilge san Irish Times ná mar atá in aon nuachtán Béarla eile in Éirinn, ach gearradh siar cúpla bliain ó shin ar an spás a chuirtear ar fáil don Ghaeilge gach seachtain sa pháipéar.
Tráth den saol bhíodh colúin Ghaeilge á bhfoilsiú ag an Irish Times ar laethanta éagsúla – Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin – ach ó 2012 bíonn ábhar Gaeilge an pháipéir ar fad á fhoilsiú uair sa tseachtain.
Leathanach iomlán gach Dé Luain a bhíodh i gceist i dtús aimsire ach ó 2016 i leith leathleathanach Gaeilge atá i gceist.
Ceapadh Pól Ó Muirí, a bhíonn ag scríobh go rialta do Tuairisc.ie, ina Eagarthóir Gaeilge ar an Irish Times i 1998. Bhain sé aitheantas agus gradaim amach mar cholúnaí géarchúiseach nár sheachain an fhírinne shearbh agus nár leasc leis anailís mhacánta a dhéanamh ar chás agus ar ghluaiseacht na teanga.
Ina cholún deiridh mar Eagarthóir Gaeilge, a foilsíodh ar an 31 Nollaig, dúirt Ó Muirí gur mhór an “onóir” a bhí ann a bheith ag obair don nuachtán.
Màire Úna Ní Bheaglaoich
Nì maith an comhartha è…nìl aon ràiteas dearfa acu ach rud oatuar neamhphearsanta.