An tIarThaoiseach Liam Cosgrave imithe ar shlí na fírinne

Tá Liam Cosgrave, a bhí ina Thaoiseach ó 1973 go 1977, tar éis bháis agus é 97 bliain d’aois

An tIarThaoiseach Liam Cosgrave imithe ar shlí na fírinne

Tá Liam Cosgrave, a bhí ina Thaoiseach ó 1973 go 1977, ar shlí na fírinne. Bhásaigh an t-iarthaoiseach inniu agus é 97 bliain d’aois.

Rugadh i gCaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath é le linn Chogadh na Saoirse, agus ba mhac é le Liam Mac Cosgair, an chéad cheannaire ar rialtas an tSaorstáit.

Toghadh ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath é den chéad uair i 1943. Choinnigh sé a shuíochán sa Dáil ar feadh beagnach dhá scór bliain, go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht i 1981.

Chláraigh sé le páirtí a athar, Fine Gael, nuair a bhí sé 17 bliain d’aois, agus bhain sé céim sa dlí amach i 1943 in Óstaí an Rí. Shocraigh sé ar mhalairt ghairme, áfach, agus bheartaigh dul i dtreo na polaitíochta nuair a sheas sé do thoghchán na bliana céanna, agus é 23 bliain d’aois.

Ceapadh ina Phríomh-Aoire é sa Dáil i 1948, agus tugadh aireacht dó i 1954. Ba é a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha i 1955 nuair a glacadh le hÉirinn mar bhall de na Náisiúin Aontaithe.

Bhuaigh sé ceannaireacht an pháirtí go héasca sa bhliain 1965, i ndiaidh do James Dillon éirí as an gcúram tar éis olltoghchán na bliana sin. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, theip arís ar iarrachtaí Fhine Gael móramh a bhaint amach sa Dáil agus cuireadh brú mór ar Cosgrave éirí as an gceannaireacht. Sheas sé an fód, mar a rinne sé go minic ina dhiaidh sin, i gcoinne na liobrálaigh óga a bhí ag teacht chun tosaigh ina pháirtí.

Le linn Ghéarchéim na nArm chuir sé brú ar an Rialtas agus ar cheannaire Fhianna Fáil dul i ngleic leis na hairí a raibh baint acu le hiompórtáil arm don IRA. Thacaigh sé le reachtaíocht de chuid an Rialtais a raibh faoi cur i gcoinne an IRA, in ainneoin go raibh cuid mhaith de bhaill a pháirtí ar son gan tacú leis na dlíthe nua.

D’éirigh níos fearr leis mar cheannaire ina dhiaidh sin agus choinnigh sé greim ar an gceannaireacht go dtí olltoghchán 1973 nuair a chuaigh Fine Gael isteach sa rialtas, faoina stiúir, den chéad uair ó 1957. Ba le linn dó a bheith ina Thaoiseach, i 1974, a cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge sa státseirbhís.

I measc na nAirí a cheap sé ina rialtas nua bhí a chomharba Garret Fitzgerald agus Conor Cruise O’Brien.

Chuir sé in aghaidh an bhille a thug a Aire Dlí agus Cirt féin, Patrick Cooney, os comhair na Dála i 1974 leis na dlíthe a riar iompórtáil agus díol táirgí frithghiniúna. Theip ar an mbille.

Bhí Cosgrave ina Thaoiseach freisin nuair a d’éirigh an tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh as oifig i 1976 mar gheall ar aighneas idir Ó Dálaigh agus an rialtas faoin Bhille Cumhachtaí Práinne. Agus an tAire an tAire Cosanta Paddy Donegan ag ócáid oifigiúil le hÓglaigh na hÉireann, dúirt sé gur “thundering disgrace” a bhí san Uachtarán toisc gur chuir sé an bille ar aghaidh chuig an gCúirt Uachtarach sular shínigh sé é.

Thairg Paddy Donegan éirí as oifig ach dhiúltaigh Cosgrave glacadh lena litir éirí as agus d’éirigh an tUachtarán as oifig agus gan ach dhá bhliain dá thréimhse istigh.

Tháinig deireadh lena thréimhse mar thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael i 1977 tar éis do Fhianna Fáil go leor suíochán a bhuachan, go mór mór i mBaile Átha Cliath. Garret Fitzgerald a tháinig i gcomharbacht air mar cheannaire ar Fhine Gael.

Bhásaigh a bhean Vera anuraidh in aois a 90 bliain, agus maireann a mhac, Liam T. ar pholaiteoir a bhí ann féin chomh maith.

Fág freagra ar 'An tIarThaoiseach Liam Cosgrave imithe ar shlí na fírinne'